Tuilleadh eolais faoin suirbhé pinsin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuilleadh eolais faoin suirbhé pinsin


An fáth a bhfuair tú an litir seo

Fuair tú an litir seo chun a chur in iúl duit go mbeidh suirbhé ar Shástacht Custaiméirí ar siúl go luath, agus go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leat agus go n-iarrfaí ort páirt a ghlacadh ann. D’iarramar ar chuideachta suirbhéireachta, Behaviour & Attitudes, eolas a fháil ar do thaithí ar úsáid an phróisis iarratais ar Phinsean. Tá seans go gcuirfidh Behaviour & Attitudes glaoch ort chun cúpla ceist a chur ort.

Ní gá duit páirt a ghlacadh sa suirbhé seo. Murar mian leat go ndéanfaí teagmháil leat faoin suirbhé seo déan teagmháil linn ag CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie agus bainfimid den tacar sonraí thú.

Cad iad na sonraí a cuireadh ar fáil don chuideachta?

Chuir an Roinn d’ainm agus d’uimhir theileafóin ar fáil do Behaviour & Attitudes chun críche an tsuirbhé seo amháin. Tá roinnt eolais tugtha don chuideachta freisin ar an gcatagóir ina bhfuil tú, mar seo a leanas:

  • Inscne
  • Cibé an bhfuil tú faoi 66, nó 66 agus níos sine
  • Cibé an ndearna tú iarratas ar Phinsean Stáit (Ranníocach) nó ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
  • an réigiún in Éirinn a bhfuil tú i do chónaí ann (i.e. Iarthar, Meán-Iarthar, Oirdheisceart, Iardheisceart, Baile Átha Cliath, Lár-Oirthir, Lár na Tíre, nó Teorainn, de réir Ainmníocht na n-Aonad Críche maidir le caighdeán Staidrimh geochóid)

Ní fhaigheann an chuideachta suirbhé aon fhaisnéis eile.

Conas a roghnaíodh thú

Roghnaíodh thú go randamach chun páirt a ghlacadh sa suirbhé. Leis na sonraí thuas amháin, chuir an Roinn tacar sonraí le chéile le haghaidh Behaviour & Attitudes. Tá Behaviour & Attitudes ag dul i dteagmháil le sampla daoine a rinne iarratas ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) nó ar an bPinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) in 2023.

Conas a rachaidh siad i dteagmháil leat

Cuirfidh Behaviour & Attitudes glaoch ort agus cuirfidh siad ceisteanna ort ón suirbhé. Ní bhaileoidh siad ach freagra amháin in aghaidh an duine.

Cad a tharlaíonn nuair atá an suirbhé déanta?

Nuair a bheidh an suirbhé déanta, scriosfar aon sonraí faoi fhreagróirí a cuireadh ar fáil do Behaviour & Attitudes as a dtaifid. Beidh na torthaí go léir go hanaithnid; ní bheidh siad nasctha leat. Déanfaidh Behaviour & Attitudes miondealú ar na torthaí, mar shampla, chun na scóir sásaimh a fháil d’fhir agus do mhná, nó dóibh siúd faoi 66 bliain d’aois agus 66 bliain d’aois agus níos sine, etc. Ní fhéadfaidh do fhreagraí, nó an roghnaíonn tú gan páirt a ghlacadh, cur isteach ar aon éileamh reatha nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith agat leis an Roinn.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach páirt a ghlacadh sa suirbhé seo?

Ní mór dúinn a thuiscint conas is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a chinntiú go gcomhlíonann ár seirbhísí Pinsean a ngealltanais maidir le seirbhísí a sholáthar duit. Chun é seo a dhéanamh, bheimis buíoch díot ceisteanna an tsuirbhé a fhreagairt agus do thaithí a chur in iúl dúinn. Ní thógfaidh an suirbhé ach cúpla nóiméad.

An bhfuil cead ag an Roinn m’eolas a úsáid ar an gcaoi seo?

Féadfaidh an Roinn teagmháil a dhéanamh le custaiméirí chun críocha taighde a luaithe a chomhlíontar ceanglais eile sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus in Achtanna um Chosaint Sonraí na hÉireann. Is gníomhairí ar conradh iad Behaviour & Attitudes d’Aonad Staidrimh na Roinne don suirbhé seo.

Tá comhaontú Próiseála Sonraí i bhfeidhm ag an Roinn agus Behaviour & Attitudes. Ciallaíonn sé seo, de réir an dlí, nach féidir le Behaviour & Attitudes do shonraí a úsáid ach amháin chun críocha an tsuirbhé seo. Ciallaíonn sé freisin go gcaithfidh siad do shonraí a choinneáil sábháilte agus slán i gcónaí. Tá do chuid freagraí go hiomlán príobháideach agus faoi rún – ní féidir leo cur isteach ar aon éileamh reatha nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith agat leis an Roinn. Ní gá duit páirt a ghlacadh sa suirbhé seo. Murar mian leat go ndéanfaí teagmháil leat faoin suirbhé seo déan teagmháil linn ag CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie agus bainfimid den tacar sonraí thú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil CustomerSatisfactionSurvey@welfare.ie nó féach gov.ie/dsp/surveysCás-staidéar 10, 2003.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat