Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Uathchlárú: Freagraí ar do chuid ceisteanna


Ceisteanna ginearálta

Cad atá i gceist le clárú uathoibríoch

Is scéim nua coigiltis scoir í uathchlárú a gclárófar daoine go huathoibríoch leis má chomhlíonann siad riachtanais áirithe. Bunaíodh é chun plean scoir a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil pinsean oibre nó príobháideach acu chun coigilt le haghaidh scoir.

Cén fáth a bhfuil uathchlárú á thabhairt isteach

Tá dhá phríomhchúis leis:

  • níl pinsin oibre nó phríobháideacha ag mórán daoine agus ní bheidh siad ach ag brath ar an bPinsean Stáit nuair a rachaidh siad ar scor. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh titim ioncaim a bheith acu nuair a rachaidh siad ar scor, agus d’fhéadfadh titim ar a gcaighdeán maireachtála a bheith mar thoradh air
  • tá an daonra atá ag dul in aois in Éirinn, agus beidh níos lú daoine in aois oibre amach anseo chun tacú leis an daonra scortha. Tá sé tábhachtach go dtosóidh daoine ag coigilt dá dtodhchaí anois chun a chinntiú go mbeidh go leor airgid ag daoine nuair a rachaidh siad ar scor

Cathain a thabharfar clárú uathoibríoch isteach

Cuirfear tús le clárú uathoibríoch an1 Eanáir 2026.

Cé a bheidh cláraithe go huathoibríoch

Ní mór duit na coinníollacha seo a chomhlíonadh le go gclárófar thú go huathoibríoch:

  • a bheith idir 23 agus 60 bliain d’aois
  • níos mó ná €20,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana
  • nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean oibre nó príobháideach trí phárolla faoi láthair

Cé a reáchtálfaidh an córas coigiltis scoir um uathchlárú

Comhlacht neamhspleách nua a bhunóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí, ar a dtugtar An tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (NAERSA) a reáchtálfaidh agus a bhainisteoidh uathchlárú.

Conas a rialófar uathchlárú

Déanfaidh an tÚdarás Pinsean maoirsiú ar an scéim uathchláraithe. Beidh neamhspleáchas reachtúil aige agus beidh sé á rialú ag Bord Stiúrthóirí.

Beidh seirbhísí Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean ar fáil do rannpháirtithe freisin.

Conas a chuirfear an tairseach tuillimh €80,000 i bhfeidhm?

Tagraíonn an tairseach €80,000 de ranníocaíochtaí den phá comhlán a thuilltear i mbliain féilire. Nuair a bheidh an tairseach pá comhlán €80,000 bainte amach ag fostaí i mbliain ar leith, stopfaidh siad de ranníocaíochtaí a dhéanamh ar thuilleamh tar éis na tréimhse pá ina sáraítear an tairseach. Ciallaíonn sé seo go mbeidh cásanna ann ina n-íoctar ranníocaíochtaí (idir fhostóir agus fhostaí) ar phá comhlán os cionn €80,000. Léiríonn an sampla thíos conas a íocfar ranníocaíochtaí ar phá comhlán os cionn €80,000.

Sampla

I mí Mheán Fómhair, sroicheann fostaí a íoctar go míosúil €79,500 de phá comhlán bliantúil go dtí seo.

Léiríonn an chéad aighneacht párolla eile gurb é €2,000 a bpá comhlán i mí Dheireadh Fómhair.

Is é €81,500 a bpá comhlán bliantúil go dtí seo anois.

Tógfaidh agus infheisteoidh NAERSA ranníocaíochtaí an fhostóra agus an fhostaí ar an bpá comhlán €2,000 a tuairiscíodh i mí Dheireadh Fómhair.

Cruthóidh NAERSA AEPN nua ag an bpointe seo a bheidh ar fáil sa phárolla don chéad timthriall pá eile.

Áireoidh an AEPN nua ráta ranníocaíochta 0% ionas nach mbeidh aon ranníocaíochtaí breise le híoc sa bhliain féilire sin.

Nuair a thosóidh an bhliain féilire nua beidh AEPN nua ar fáil sa phárolla agus an ráta ranníocaíochta atá i réim le cur i bhfeidhm.

Ní bheidh aon aisíocaíochtaí ar na ranníocaíochtaí a íoctar ar an €1,500 os cionn na tairsí pá comhlán €80,000.

Ceisteanna d’fhostaithe

Má táim ag obair agus ag tarraingt anuas pinsin an mbeidh mé fós cláraithe?

Ní dhéanfar ioncam ó phinsin a mheas maidir le hincháilitheacht. Beidh tú cláraithe go huathoibríoch áfach, má tá tú ag obair mar fhostaí, tú idir 23 agus 60 bliain d’aois, má thuilleann tú €20,000 nó níos mó trí d’fhostaíocht(aí) agus mura bhfuil tú féin nó d’fhostóir ag déanamh ranníocaíochta le pinsean forlíontach trí phárolla faoi láthair.

Má théann mo thuilleamh faoi bhun €20,000 sa bhliain an bhfanfaidh mé sa scéim?

Má tá tú cláraithe agus má théann do thuilleamh faoi bhun €20,000 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin, fanfaidh tú sa scéim.

An dtiocfaidh uathchlárú in ionad an Phinsin Stáit?

Ní thiocfaidh, tá uathchlárú deartha chun coigilteas scoir daoine a mhéadú. Soláthróidh sé bealach nua d’oibrithe chun coigilt dá dtodhchaí. Is é an cuspóir atá leis an Pinsean Stáit a fhorlíonadh agus ní rud eile a chur ina ionad.

Má tá pinsean oibre nó pinsean pearsanta agat cheana féin

  • má tá pinsean agat cheana féin a bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta ina leith go gníomhach tríd an bpárolla (ciallaíonn sé sin go díreach ó do dhuillín pá), níl tú incháilithe don scéim
  • má tá níos mó ná post amháin agat, agus mura bhfuil scéim phinsin ag an bpost breise/ na poist bhreise a bhfuil tú féin nó d’fhostóir ag déanamh ranníocaíochta ina leith tríd an bpárolla, déanfar tú a chlárú go huathoibríoch do na poist sin má tá do phá comhcheangailte níos mó ná €20,000

Dá mbíodh tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean ach ní dhéanann tú é sin a thuilleadh

Mura bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean oibre nó pearsanta a thuilleadh, agus má chomhlíonann tú na ceanglais eile, déanfar tú a uathchlárú.

An féidir le fostaithe leanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochtaí lena bpinsean pearsanta agus a bheith incháilithe le haghaidh uathchláraithe?

Aon fhostaíocht nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta eile, déanfar thú a chlárú go huathoibríoch.

Aon fhostaíocht ina bhfuil tú déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla, ní bheidh tú incháilithe don scéim don fhostaíocht sin. Mar sin féin, má tá fostaíocht eile agat nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean trí phárolla, féadfaidh tú a bheith cláraithe i leith na fostaíochta sin.

Má tá cláraithe go huathoibríoch agus má thosaíonn tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean pearsanta nó ceirde trí phárolla níos déanaí, beidh an fhostaíocht sin díolmhaithe ó chlárúchán uathoibríoch.

Conas a bheidh a fhios ag NAERSA go bhfuil pinsean príobháideach ag fostaí?

Ní bheidh NAERSA in ann a insint an bhfuil plean pinsin príobháideach agat a bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta ina leith lasmuigh den phárolla. Má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, clárófar go huathoibríoch thú. Mar sin, fágfar fútsa é leat leanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochta i leith an dá cheann más maith leat.

Ar cheart d’fhostaithe a bpinsean pearsanta a chealú ionas gur féidir iad a chlárú go huathoibríoch?

Ní féidir linn moladh duit an bhfuil uathchlárú nó do phinsean pearsanta reatha níos fearr duit i do chás. Braitheann an rogha is fearr duit ar do chúinsí féin, agus fachtóirí ar nós faoiseamh cánach, méideanna ranníocaíochta, táillí agus sochair choimhdeacha á gcur san áireamh.

An mbeidh fostaithe in ann pinsean príobháideach a fháil tar éis dóibh a bheith cláraithe go huathoibríoch?

Beifear in ann fanacht mar rannpháirtí sa scéim um uathchlárú agus ranníocaíochtaí a íoc le scéim pinsin eile lasmuigh den chóras párolla.

An féidir le fostaithe an forlíonadh Stáit a fháil i mo phinsean ceirde nó pearsanta?

Ní féidir, déanfaidh an Stát ranníocaíochtaí sa scéim clárúcháin uathoibríoch a bhreisiú ag ráta €1 in aghaidh gach €3 a ranníocann an fostaí. Is ionann é seo agus faoiseamh cánach 25%. Leanfaidh faoiseamh cánach ar aghaidh ag tacú le scéimeanna pinsin eile, ar féidir leo suas le 40% a bhaint amach ag brath ar do leibhéal tuillimh.

Cad a tharlóidh do do choigilteas má roghnaíonn gan a bheith rannpháirteach?

Fanfaidh ranníocaíochtaí nach n-aisíoctar (an fostóir agus ranníocaíochtaí Stáit san áireamh) i do phota coigiltis agus leanfar lena n-infheistiú ar do shon. Mar sin, fiú má roghnaíonn tú gan a bheith rannpháirteach, beidh pota agat le tarraingt anuas/le rochtain a fháil air nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach.

An bhfuil pionóis i gceist má leanann fostaithe gan a bheith rannpháirteach?

Níl, ní ghearrfar aon phionóis ar fhostaithe a roghnaíonn gan a bheith rannpháirteach sa scéim.

Slándáil do choigilteas

Ní bheidh do phota uathchláraithe ráthaithe ag an Stát. Tá sé seo mar an gcéanna le haon phlean pinsin nó coigiltis eile.

Tá an Stát, trí uathchlárú, ag cabhrú leat airgead a shábháil le haghaidh scoir, ach ní leis an Stát na cistí. Méadóidh gach rannpháirtí ar leith a p(h)ota airgid féin a bhaineann leis/léi.

Ní bheidh aon éileamh ag an Stát ar an airgead sin agus ní bheidh aon cheart aige amach anseo é a úsáid chun críche ar bith. Is í do mhaoin phearsanta a bheidh i gceist leis i gcónaí, inrochtana nuair a shroicheann tú aois scoir de 66.

Tá roinnt céimeanna á nglacadh ag an Stát chun a chinntiú go bhfanfaidh an t-airgead a infheistítear ar do shon chomh sábháilte agus is féidir, lena n-áirítear:

  • infheistíochtaí riosca ísle a roghnú sa straitéis réamhshocraithe
  • maoirseacht leis an Údarás Pinsean
  • úsáid a bhaint as cistí rialaithe amháin chun do choigilteas a infheistiú
  • gan conradh a dhéanamh ach le cuideachtaí infheistíochta creidiúnacha atá rialaithe go hiomlán ag Banc Ceannais na hÉireann

Cad a tharlóidh má stopann tú ag obair?

Má stopann tú ag obair ag am ar bith roimh aois an Phinsin Stáit, fanfaidh tú cláraithe, ach ní dhéanfaidh tú aon ranníocaíochtaí. Ina áit sin, leanfar le do choigilteas a infheistiú ar do shon. Má thosaíonn tú nó nuair a thosaíonn tú ag obair arís, tosóidh tú ag déanamh ranníocaíochtaí, fad is nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochtaí le pinsean forlíontach nó ceirde i do phost nua agus go bhfuil na critéir incháilitheachta fós á gcomhlíonadh agat.

Cad a tharlóidh má théann tú ar imirce?

Má théann tú ar imirce leanfar le do phota coigiltis a infheistiú agus beidh rochtain agat air ag aois an Phinsin Stáit. Fanfaidh gach ranníocaíocht fostaí, fostóra agus Stáit go dtí sin i do phota coigiltis, agus scoirfidh gach ranníocaíocht.

Má fhilleann tú ar Éirinn chun obair a dhéanamh, is féidir go gclárófar thú arís má chomhlíonann tú na critéir ag an am sin.

Conas a ghearrfar cáin ar mo choigilteas?

Tá an Roinn Airgeadais i mbun reachtaíochta a fhorbairt faoi láthair chun an chaoi a gcaitear le Clárú Uathoibríoch ó thaobh cánach de a ailíniú leis an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm ar CCPS é. Go hachomair, cinnteoidh an Roinn sin an méid seo a leanas:

  • go gcuirfear an breisiú Stáit ar fáil in ionad faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí fostaí
  • nach mbeidh na ranníocaíochtaí breisithe Stáit faoi réir cánach don fhostaí
  • fásfaidh infheistíochtaí saor ó cháin
  • go mbeidh cnapshuim saor ó cháin suas le 25% den chiste ag baint leis na tarraingtí anuas, agus an t-iarmhéid atá fágtha faoi réir cánach ioncaim. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim cóireáil ‘pinsean beag’ i bhfeidhm nuair is iomchuí

Mura n-íocann d’fhostóir na ranníocaíochtaí

Tá cosaintí sa reachtaíocht lena chinntiú go gcaithfidh d’fhostóir ranníocaíochtaí a dhéanamh ar do shon. Mura ndéanann siad sin, féadfaidh siad a bheith faoi réir fíneálacha agus aisíocaíochtaí a bhfuil ús i dteannta leo.

An mbeidh orm táillí a íoc?

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag forbairt samhail táillí trédhearcach agus cothrom do ‘Mo Chiste don Todhchaí’, atá deartha chun luach a sholáthar do rannpháirtithe agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais choigiltis á cosaint ag an am céanna.

Cinnfear agus míneofar na muirir go hiomlán níos gaire don dáta seolta an 1 Eanáir 2026, ach meastar go n-áireofar iontu –

  • Buntáille réasúnta sheachtainiúil chun costais riaracháin NAERSA a chumhdach, agus
  • Táille bainistíochta infheistíochta bunaithe ar chéatadán de choigilteas na rannpháirtithe

Cinnteoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí go gcoimeádfar na táillí uile chomh híseal agus is féidir. San mheántéarma agus san fhadtéarma, táthar ag súil go bhfanfaidh muirir iomlána na rannpháirtithe i bhfad faoi bhun na sprice luaite de 0.5% de na sócmhainní faoi bhainistíocht.

Beidh infheictheacht iomlán ag rannpháirtithe i gclárú uathoibríoch ar a dtáillí trí ráiteas bliantúil atá éasca le tuiscint, a bheidh inrochtana ar líne.

Ní bheidh feidhm ag táillí riaracháin maidir le cuntais neamhghníomhacha (amhail iad siúd inar roghnaigh rannpháirtí gan a bheith páirteach iontu, ina bhfuil ranníocaíochtaí curtha ar fionraí go sealadach, nó ina bhfuil sé/sí tar éis dul isteach i scéim pinsin cheirde), rud a chosnóidh coigiltis luacha beaga ó laghdú de réir a chéile.

Ceisteanna d’fhostóirí

An gcaithfidh cuideachtaí beaga nó teaghlaigh Uathchlárú a chur i bhfeidhm

Beidh ar gach cuideachta a bhfuil fostaithe acu in Éirinn, beag beann ar mhéid nó struchtúr, an scéim um uathchlárú a éascú d’fhostaithe a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus dóibh siúd ar mian leo a bheith rannpháirteach.

Féadfar fostóirí a chuireann cosc ​​ar a bhfostaithe dul isteach sa scéim, nó a chuireann iallach ar a gcuid fostaithe tarraingt siar nó ranníocaíochtaí a chur ar fionraí, a ionchúiseamh agus beidh siad faoi réir fíneálacha agus pionóis. Tarraingeofar íocaíochtaí úis ar ranníocaíochtaí coinnithe siar nó tearcíoctha.

An gcaithfidh mé mo chuid fostaithe a chlárú ar thairseach an fhostóra?

Ní gá, níl le déanamh ag fostóir ach clárú mar fhostóir ar thairseach an fhostóra trí shuíomh gréasáin Mo Chiste don Todhchaí idir an 1 Nollaig agus an 31 Nollaig 2025.

Mar is amhlaidh leis an gcuid is mó den riarachán a bhaineann le Mo Chiste don Todhchaí, láimhseálfaidh NAERSA clárú fostaithe aonair. Úsáidfidh NAERSA sonraí párolla ó na Coimisinéirí Ioncaim agus déanfaidh siad na seiceálacha incháilitheachta. Nuair a dheimhneoidh NAERSA go gcomhlíonann fostaí na critéir incháilitheachta go léir, clárófar iad agus seolfar Fógra Párolla um Uathchlárú (FPUC) nuashonraithe chuig párolla an fhostóra chun an clárú a dheimhniú. Ní bheidh le déanamh ag an bhfostóir ach an AEPN a chur i bhfeidhm agus párolla á rith aige/aici.

Mura dtagann fostaí faoi na tairsí aoise agus tuillimh ach más mian leis/léi páirt a ghlacadh fós, láimhseálfaidh NAERSA é sin chomh maith. Sa chás seo, déanfaidh an fostaí teagmháil dhíreach le NAERSA, ar líne nó tríd an ionad teagmhála. Mar fhostóir, ní gá duit a bheith ar an eolas faoi chinneadh fostaí glacadh leis an rogha, agus coinneoidh siad na cearta agus na cosaintí céanna a bheadh acu dá mbeadh siad uathchláraithe. Eiseoidh NAERSA AEPN ar an mbealach céanna a dhéanann siad d’fhostaithe atá uathcláraithe.

An bhfuil sé de dhualgas orm insint do mo chuid fostaithe nuair a chláraítear iad?

Faoin Reachtaíocht um Chlárú Uathoibríoch, beidh sé d’oibleagáid ar fhostóirí insint dá bhfostaithe nuair a chláraítear iad den chéad uair, agus an dáta cláraithe a insint dóibh. Chun é sin a dhéanamh chomh héasca agus is féidir d’fhostóirí, beidh litreacha fáilte d’fhostaithe, ina mbeidh a ndáta cláraithe, ar fáil ar bhosca ríomhphoist slán an fhostóra ar thairseach an fhostóra. Beidh fostóirí in ann iad seo a íoslódáil agus iad a sheoladh chuig a gcuid fostaithe chun fógra a thabhairt dóibh faoina gclárú.

Tá na litreacha fáilte deartha chun cloí leis an reachtaíocht. Trí úsáid a bhaint as na litreacha seo, is féidir le fostóirí a bheith cinnte go bhfuil a n-oibleagáidí dlíthiúla á gcomhlíonadh acu chun a gcuid fostaithe a chur ar an eolas faoina gclárú.

Ón 1 Eanáir, gheobhaidh fostaithe litir fáilte mhionsonraithe chuig a mbosca ríomhphoist slán freisin. Mar sin féin, ní chuirfidh an litir seo deireadh leis an oibleagáid atá ar fhostóirí a gcuid fostaithe a chur ar an eolas faoina gclárú.

Conas a dhéanfar tuarastal an fhostaí a mheas maidir le hincháilitheacht?

Déanfar measúnú ar aon ioncam a thuairiscítear sa réimse pá comhlán ar an bpárolla. I gcás roinnt fostaíochta, beidh sé soiléir ar ‘Lá 1’ go gcomhlíonann fostaí an critéar íostuilleamh. I gcás daoine eile, d’fhéadfadh go dtógfadh sé suas le 13 seachtaine chun NAERSA ‘féachaint siar’ a chur i bhfeidhm ar thuilleamh fostaí i dtréimhse tagartha pá.

An mbeidh ar fhostóirí ranníocaíochtaí a dhéanamh le pinsin phearsanta anois?

Níl aon phleananna ann chun iallach a chur ar fhostóirí ranníocaíocht a dhéanamh le pinsin phearsanta má tá sé sin lasmuigh de théarmaí agus coinníollacha d’fhostaíochta. Beidh sé éigeantach d’fhostóirí a bhfuil fostaithe incháilithe acu ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an clárú uathoibríoch nuair a sheolfar é.

Cad a tharlóidh má tá scéim pinsin i bhfeidhm cheana féin ag fostóirí dá bhfostaithe?

Reáchtálfar aon scéim pinsin reatha i gcomhthráth le huathchlárú. Ní chlárófar aon fhostaithe a bhfuil taifead acu tríd an bpárolla de ranníocaíochtaí fostaithe agus/nó ranníocaíochtaí fostóra sa scéim.

An féidir le fostóirí fostaithe a chlárú go huathoibríoch ina scéim pinsean cuideachta reatha?

Ní fhorálann an reachtaíocht um uathchlárú d’fhostóirí a gcuid fostaithe a chlárú go huathoibríoch ina scéim pinsean reatha. Is ceist í sin d’fhostóirí agus d’iontaobhaithe a scéimeanna pinsin. Go bunúsach, braitheann sé ar an gconradh fostaíochta atá socraithe agat le do chuid fostaithe.

An mbeidh ar fhostóirí rochtain a sholáthar ar CCPS fós?

Ní dhéanann an tAcht um Chóras Uathrollaithe Coigiltis Scoir, 2024 difear don reachtaíocht atá ann cheana féin, mar sin beidh oibleagáid ort fós rochtain ar CCPS a thairiscint d’fhostaithe ar mian leo leas a bhaint as.

An gá do scéimeanna reatha caighdeáin a chomhlíonadh le go mbeidh siad díolmhaithe?

Ní gá, a luaithe is a bheidh ranníocaíocht phinsin íoctha trí phárolla ó fhostaí nó ó fhostóir, measfar go bhfuil clúdach pinsin ag an bhfostaí cheana féin agus ní chlárófar é/í maidir leis an bhfostaíocht sin. Mar sin féin, má tá fostaíocht eile agat nach bhfuil tú ag déanamh ranníocaíochta le pinsean trí phárolla, féadfaidh tú a bheith cláraithe i leith na fostaíochta sin.

Faoi dheireadh bhliain a sé d’oibriú na scéime um uathchlárú, ar a dhéanaí, forbrófar caighdeáin chun scéimeanna pinsin atá ann cheana a dhíolmhú le cúnamh ón Údarás Pinsean.

Má roghnaíonn fostaí gan a bheith rannpháirteach, an gcaithfidh fostóirí a ranníocaíocht a íoc fós?

Ní bheidh ort leanúint ar aghaidh ag íoc ranníocaíochtaí fostóra má roghnaíonn d’fhostaí gan a bheith páirteach sa scéim. Nuair a athchlárófar an fostaí, cuirfear fógra párolla nua ar fáil agus cuirfear tús leis na ranníocaíochtaí go léir arís.

Má tá fostaí ag tuilleamh os cionn €80,000 thar ilfhostaíocht (mar shampla beirt fhostóir ag íoc €50,000 an duine), conas atá a fhios ag gach fostóir cé mhéad atá le híoc?

Eiseoidh NAERSA an Fógra Párolla um Uathchlárú (FPUC) trí bhogearraí párolla chuig an dá fhostóir mar is gnách. Nuair a shroicheann an fostaí an tairseach ioncaim de €80,000 laistigh den bhliain chánach, déanfar an fógra párolla don dá fhostóir a nuashonrú chun a léiriú nach bhfuil aon ranníocaíochtaí breise le híoc. Eiseofar fógra párolla nua ag tús na chéad bliana cánach eile chun ranníocaíochtaí a atosú má chomhlíonann an fostaí na critéir incháilitheachta fós.

An gcaithfidh fostóirí ranníocaíochtaí a dhéanamh freisin d’fhostaithe a roghnaíonn a bheith rannpháirteach?

Caithfidh, caithfear le fostaithe a roghnaíonn a bheith rannpháirteach ar a mbealach céanna leo siúd a chláraítear go huathoibríoch, agus ciallaíonn sé sin go n-íocfaidh an fostaí, an fostóir agus an Stát na rátaí socraithe mar atá leagtha amach thuas.

An gcaithfidh na rátaí ranníocaíochta do mo scéim reatha teacht leis na rátaí ranníocaíochta faoi uathchlárú?

Ní chaithfidh. Ní bhaineann na rátaí ranníocaíochta socraithe ach leis an scéim um chlárú uathoibríoch. Mar sin féin, faoi dheireadh bhliain a sé d’oibriú na scéime um uathchlárú, ar a dhéanaí, forbrófar caighdeáin chun scéimeanna pinsin atá ann cheana a dhíolmhú le cúnamh ón Údarás Pinsean.

Cad atá san áireamh sa sainmhíniú ar thuarastal nó ar thuilleamh le haghaidh uathchláraithe?

Déanfar olltuilleamh an fhostaí a mheas le haghaidh na tairsí ioncaim agus le haghaidh ríomh na ranníocaíochtaí. Ciallaíonn sé seo go mbeidh aon rud atá san áireamh sa réimse pá comhlán ar phárolla inmheasúnaithe.

Conas a íocfar ranníocaíochtaí?

Íocfaidh fostóirí ranníocaíochtaí fostaithe agus fostóirí go díreach le NAERSA. Táthar ag súil go mbeidh modhanna éagsúla ar fáil, dochar díreach inathraithe san áireamh. Beidh fostóirí in ann é seo a chur ar fáil ar thairseach an fhostóra. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil níos gaire don dáta seolta.

An mbeidh tuairisceáin fostóra bhreise le tabhairt ag fostóirí nó an bpróiseálfar an fhaisnéis asbhainte pinsin go léir trí thuairisceáin ÍMAT reatha na gCoimisinéirí Ioncaim?

Mar fhostóir beidh ort tuairisceán ar leith a dhéanamh tríd an bpárolla go díreach chuig an Údarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú. Cuirfear eolas ar an gcaoi a n-oibreoidh an próiseas seo ar fáil d’fhostóirí níos gaire don dáta seolta.

Déanfar ríomh na ranníocaíochtaí trí na bogearraí párolla atá agat cheana féin.

An dteastaíonn bróicéir uainn chun uathchlárú a bhainistiú dúinn?

Ní theastaíonn, is comhlacht lárnach, an tÚdarás Náisiúnta Coigiltis Scoir um Uathchlárú a dhéanfaidh uathchlárú a riaradh agus mar sin ní gá seirbhísí bróicéara a fhostú..

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat