English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Íocaíochtaí Leasa Sóisialaigh na Nollag atá le hÍoc le Breis agus 1.2 Duine sa Chéad Seachtain i Mí na Nollag

Déardaoin, an 21 Samhain 2019

Íocfar Íocaíocht na Nollag le breis agus 1.2 milliún faighteoir leasa shóisialaigh sa chéad seachtain i mí na Nollag (an tseachtain dar tús Dé Luain, an 2 Nollaig), agus déanfar íocaíochtaí ar luach iomlán €279.4 milliún le pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, tuismitheoirí aonair, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus go leor faighteoirí eile.

Dúirt an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty inniu:

“Bhí mé an-sásta a fhógairt anuraidh go n-íocfaí Íocaíocht bhreise na Nollag arís ar ráta 100%. Táim an-sásta, in ainneoin na timpeallachta reatha éiginnteachta a chruthaigh Brexit, go n-íocfar Íocaíocht na Nollag arís ar ráta 100% i mbliana.

“Aithníonn an íocaíocht seo riachtanais shéasúracha daoine a bhraitheann ar a n-íocaíocht leasa shóisialaigh go fadtéarmach i dtaobh airgeadais de dá n-ioncam go léir nó an chuid is mó de, ar nós pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí. Cabhróidh an íocaíocht seo leis na daoine siúd chun íoc as na costais bhreise a bhíonn le híoc i rith thréimhse na Nollag, agus cuirfidh sé borradh breise ar fáil do gheilleagair áitiúla, chomh maith.”

CRÍOCH