Fuair beagnach 50,000 teaghlach Deontais do Naíonáin Nuabheirthe
- Foilsithe: 19 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2026
- Céad chomóradh an Deontais do Naíonáin Nuabheirthe
- Deontas €280 iníoctha leis an gcéad mhí de Shochar Linbh
- Íocadh beagnach 50,000 deontas le teaghlaigh atá ag ceiliúradh a mbabaithe úire
Tá comóradh déanta ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, ar an gcéad bhliain den Deontas do Naíonáin Nuabheirthe, agus íocadh an deontas le thart ar 49,000 teaghlach cheana féin i leith 50,000 naíonán nuabheirthe agus leanaí nua-uchtaithe ó tugadh isteach anuraidh é.
Mar chuid de Bhuiséad 2025, thug an Roinn Coimirce Sóisialaí isteach deontas do leanaí nuabheirthe de €280, tacaíocht airgeadais aonuaire do theaghlaigh chun freastal ar riachtanais ábhartha linbh nuabheirthe nó linbh nua-uchtaithe.
Tá an tacaíocht seo i gcomhréir le Na Chéad 5 – an straitéis uile-Rialtais chun an saol a fheabhsú do naíonáin, do leanaí óga agus dá dteaghlaigh. Leagann an straitéis seo béim ar thábhacht na tacaíochta i míonna agus i mblianta tosaigh shaol linbh agus an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag tacaíochtaí den sórt sin, ní hamháin nuair a bhíonn siad ina naíonáin nó ina leanaí óga, ach ar feadh a saoil.
Íoctar an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe go huathoibríoch leis an gcéad mhí d’íocaíocht Shochair Linbh. Dá bhrí sin, ní gá do thuismitheoirí iarratas a dhéanamh ar an deontas ar leithligh.
Sa bhliain ó seoladh é, íocadh an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe i leith 49,841 leanbh ar chostas thart ar €14 milliún.
Agus é ag trácht ar an gcomóradh, dúirt an tAire Calleary:
"An tseachtain seo ceiliúraimid an chéad bhliain den Deontas do Naíonáin Nuabheirthe, a tugadh isteach mar chuid de Bhuiséad 2025 agus a thacaíonn anois le teaghlaigh ar fud na tíre.
I mbliain amháin, tá na deontais seo tar éis teacht ar na mílte tuismitheoir ar fud na hÉireann, rud a chabhraíonn le teaghlaigh teacht a mbaill is nuaí a cheiliúradh.
Ag am áthasach ach costasach, tá difríocht mhór á déanamh ag na híocaíochtaí seo trí thacaíocht bhreise a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag fáiltiú roimh a mbabaithe úire.”
Nótaí:
DEONTAS DO NAÍONÁIN NUABHEIRTHE
Is cuid den straitéis uile-rialtais Na Chéad 5, chun an saol a fheabhsú do naíonáin, do leanaí óga agus dá dteaghlaigh, é an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe. Is plean deich mbliana é seo chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil luathéispéiris dhearfacha ag leanaí agus go bhfaigheann siad tús iontach sa saol.
Tá sé mar aidhm ag an íocaíocht bónais seo ar bhreith nó ar uchtáil linbh cabhrú le tuismitheoirí leis na costais a bhaineann le baill nua teaghlaigh, trí thacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar.
SOCHAR LINBH
Is íocaíocht uilíoch mhíosúil é Sochar Linbh do theaghlaigh a bhfuil leanaí faoi 16 bliana d’aois acu (nó go dtí a 19ú breithlá má tá siad in oideachas lánaimseartha, nó má tá siad faoi mhíchumas).
Íoctar Sochar Linbh ag ráta €140 in aghaidh na míosa.
Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt de gach mí. Íoctar an chéad íocaíocht an mhí tar éis breithe an linbh.
Íocfar cúpla ag 1½ oiread an ráta singil do leanbh amháin, sin €210 i leith gach linbh. Do gach ilbhreith eile, íoctar Sochar Leanaí ag dhá oiread an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh, sin €280 in aghaidh gach leanbh.
Íoctar an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe €280 sa bhreis ar an ngnáthíocaíocht Sochair Linbh €140 sa chéad mhí. Íoctar an íocaíocht seo i leith thart ar 50,000 leanbh gach bliain.
Mar thoradh ar an mbeart seo, sa mhí tar éis breith linbh nó socrú linbh uchtaithe, beidh na tuismitheoirí cáilitheacha incháilithe do:
- I gcás breith shingil, íocaíocht de €420 (an gnáthráta de €140 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh)
- I gcás cúpla, íocaíocht de €980 (an gnáthráta de €210 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh).
- I gcás trírín, íocaíocht de €1,680 (an gnáthráta de €280 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh).