Aonach Poist agus Gairmeacha Trasteorann ar siúl in Óstán Kilmore, An Cabhán, ar Aoine 15ú Samhain
- Foilsithe: 5 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 5 Samhain 2019
Luan, 4 Samhain, 2019: Reachtálfaidh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Roinn na gComhphobal Thuaisceart Éireann maraon le Comhpháirtíocht Trasteorann EURES Aonach Poist agus Gairmeacha trasteorann in Óstán Kilmore, Baile an Chabháin ar Aoine 15ú Samhain, ó 10.30rn go 2.30in.
Tá os cionn 300 post ar fáil ó 35 fostóirí ar fud an Chabháin, Fear Manach, Liatroim, Muineachán agus Lú, lena n-áirítear; Liberty Insurance, CG Power Systems Ltd, Quinn Industrial Holdings, Cinnte Technologies, Lakeland Dairies, Crust and Crumb, ABP Food Group, Obelisk Ltd, ATA Tools. I measc na n-earnálacha a ndéantar ionadaíocht orthu tá Déantúsaíocht, TFC, Seirbhísí Airgeadais, Tógáil, Innealtóireacht, Fáilteachas, Díolacháin, Cúram Baile agus an tionscal Bia.
Cuireann an tAonach Poist agus Gairmeacha deis iontach ar fáil do chuardaitheoirí poist, lena n-áirítear céimithe agus daoine ag smaoineamh ar athrú gairme, chun casadh duine le duine le fostóirí atá ag earcú go gníomhach ar an dá thaobh den teorainn. Beidh réimse post ar fud an réigiúin agus ar fud na hEorpa ar taispeáint.
Chomh maith leis na poist atá ar fáil, cuirfidh comhlachtaí oideachais agus oiliúna sa réigiún eolas ar fáil ar réimse leathan cúrsaí oiliúna, printíseachtaí agus cúrsaí atá ar fáil.
Gheobhaidh daoine atá ag lorg oibre nó ag smaoineamh ar athrú gairme comhairle ag clinicí cóitseála duine le duine agus clinicí CV.
Cuirfidh an Oifig Fiontair Áitiúil comhairle ar fáil do dhaoine ar spéis leo gnó nua a thosú agus do ghnóanna atá ann cheana féin atá ag iarraidh a bhfonnmhaireacht Breatimeachta a fhás nó a fheabhsú.
Tá an ócáid saor in aisce. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Foireann Seirbhísí Tacaíochta Fostaíochta DEASP an Chabháin ar (049) 049 4379600 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig esscavan@welfare.ie
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Beidh nuashonruithe ar thaispeántóirí agus ar na poist atá ar fáil ar fáil ar Twitter agus Facebook. Leannn na sonraí seo a leanas iad:
Twitter: #CrossBorderJobFair
Facebook: An tAonad um Chaidreamh le Fostóirí Thoir Thuaidh (https://www.facebook.com/Employer-Relations-Unit-North-East-Division-DEASP-220253805148709/)
Is féidir iontráil chuig an Aonach Poist agus Gairmeacha Trasteorann a chur in áirithe roimhe ré ag https://www.eventbrite.ie/e/eures-cross-border-jobs-careers-fair-tickets-78428270067
Tuilleadh eolais ar an Seirbhís EURES
Is líonra é EURES (Seirbhís Fostaíochta na hEorpa) de na seirbhísí fostaíochta poiblí go léir san AE agus sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach. Cuidíonn sé le cuardaitheoirí poist trí eolas agus comhairle a sholáthar ar dheiseanna poist ar fud an AE/LEE. Trí EURES, roineann seirbhísí fostaíochta poiblí a bhfolúntais fhostaíochta agus seirbhísí le chéile. Tá an tseirbhís saor in aisce. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin www.eures.europa.eu.
Do Chuardaitheoirí Poist:
Is iad an dá phríomhchonstaic atá ag cuardaitheoirí poist Éireannacha maidir le leas a bhaint as deiseanna sa Mhargadh Saothair Eorpach ná tacaíocht teanga agus airgeadais. Cuireann EURES Éireann tacaíochtaí lárnacha ar fáil chun dul i ngleic le na dúshláin seo do chuardaitheoirí poist. Tá aon deiseanna fostaíochta taobh amuigh d’Éirinn a thugann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí aird do chuardaitheoirí poist fúthu go hiomlán deonach agus ní chaillfidh daoine nach mbaineann leas as deiseanna dá leithéid a dteidlíochtaí leasa shóisialaigh anseo. Is deis í seo do chuardaitheoirí poist in Éirinn obair a lorg i margadh níos leithe na hEorpa agus ar shlí chothrom. Soláthraíonn sé an deis do chuardaitheoirí poist thar lear chomh maith chun obair a fháil le comhlachtaí bunaithe anseo in Éirinn nuair nach féidir le cuardaitheoirí poist in Éirinn folúntais dá leithéid a líonadh.
None
D’Fhostóirí:
Is príomhchuspóir de chuid EURES Éireann é tacú le fostóirí a bhfuil folúntais speisialtóra deacair le líonadh acu lena n-áirítear scileanna teanga chun cuideachtaí ilnáisiúnta lonnaithe in Éirinn a mhealladh agus a choinneáil, go háirithe sna hearnálacha Seirbhísí Teicneolaíochta agus Gnó. Is margadh aonair é margadh saothair an AE agus tá gach folúntas i ngach Ballstát ar fáil do gach saoránach i ngach Ballstát. Tá dualgas dlíthiúil ar an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí gach folúntas Eorpach a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha. Ar an gcaoi chéanna tá gach folúntas Éireannach ar fáil ar bhonn comhionann do gach saoránach Eorpach.
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-Phost: press.office@welfare.ie
Teil: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie