English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bealaí chun Oibre: Buaileann an tAire Humphreys le fostóirí agus cuardaitheoirí poist ag mór-Aonach Earcaíochta Post i mBaile Átha Cliath

  • an chéad Mhór-Aonach Earcaíochta Intreo pearsanta ó cuireadh deireadh le srianta COVID-19
  • os cionn 1,000 cuardaitheoir poist agus 50 fostóir i láthair ag ócáid i Sord
  • Buaileann náisiúnaigh na hÚcráine le fostóirí chun deiseanna fostaíochta a fhiosrú
  • tá na huimhreacha ar an mBeochlár tite anois faoi bhun na leibhéal Réamh-phaindéime

D'fhreastail an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys inniu ar Mhór-Aonach Earcaíochta Fostóirí i mBaile Átha Cliath - an chéad imeacht dá leithéid ó cuireadh deireadh le srianta COVID-19.

Bhí os cionn 1,000 cuardaitheoir poist ionchasach agus 50 fostóir, lena n-áirítear roinnt cuideachtaí ilnáisiúnta, i láthair ag an ócáid i Sord, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Bhuail roinnt náisiúnach Úcránach, a bhog go hÉirinn chun teitheadh ón gcogadh san Úcráin, le fostóirí freisin chun deiseanna fostaíochta a fhiosrú.

D'eagraigh Intreo an ócáid - an tseirbhís fostaíochta poiblí a thagann faoi shainchúram na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Is príomhthiomantas é aontaí earcaíochta den sórt sin a chur ar siúl faoi Bhealaí chun Oibre – straitéis uaillmhianach an rialtais maidir le seirbhísí fostaíochta a seoladh anuraidh.

Thairg na fostóirí a bhí i láthair deiseanna fostaíochta i leithéidí cuntasaíochta, seirbhísí airgeadais, seirbhíse do chustaiméirí, innealtóireacht agus fóntais, óstán agus lónadóireacht, AD, TF, An Earnáil Phoiblí, miondíol, díolacháin, rúnaíocht agus riarachán, slándáil, ceirdeanna, iompar agus trádstóráil.

I measc na ngnólachtaí nó na gcomhlachtaí a bhí i láthair bhí eBay, Bus Átha Cliath, BSL, Óglaigh na hÉireann, Accenture, Butlers Chocolates, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Swissport, Ryanair agus Óstán Hilton.

Bhí deis ag cuardaitheoirí poist a d'fhreastail ar an ócáid teagmháil dhíreach a dhéanamh le fostóirí agus a CV a chur i láthair nó iarratas a dhéanamh ar phost ar an lá.

Fógraítear na folúntais ar www.jobsireland.ie, ardán gréasáin earcaíochta ar líne saor in aisce na roinne.

Ag labhairt di ag an ócáid in Ionad Riasc, Sord, dúirt an tAire Humphreys:

"Mar Aire, tá an-áthas orm aontaí earcaíochta pearsanta den sórt sin a fheiceáil ar bun den chéad uair ó COVID-19.

"Tá líon na ndaoine ar an mBeochlár tite anois faoi bhun 180,000 rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú daoine ar an mBeochlár anois ná mar a bhí ann roimh an bpaindéim i mí Feabhra 2020. Léiríonn sé seo go bhfuil an Straitéis Bealaí chun Oibre ag feidhmiú, ach tá níos mó oibre fós le déanamh.

"Tugann na himeachtaí seo deis luachmhar do chuardaitheoirí poist bualadh duine le duine le fostóirí ionchasacha. Inniu, chuir a lán daoine CVanna isteach agus chuir siad isteach ar phoist le tacaíocht ó chásoibrithe laistigh de mo roinn féin.

"Is é sin atá i gceist le 'Bealaí chun Oibre' - na deiseanna agus na huirlisí a sholáthar do chuardaitheoirí poist filleadh ar an ionad oibre, chomh maith lena chinntiú go bhfuil rochtain ag ár ngnólachtaí ar líon cuardaitheoirí poist cumasacha le fruiliú uathu."

Dúirt an tAire freisin:

"Thóg sé mo chroí freisin bualadh le baill de phobal na hÚcráine a bhí i láthair inniu agus a bhuail le fostóirí féideartha.

“ Cuireann na radhairc ón Úcráin agus na coireanna uafásacha atá á bhfulaingt ag muintir na hÚcráin uafás orainn i gcónaí.

"Tá m'oifigigh sa Roinn Coimirce Sóisialaí anseo chun cabhrú le muintir na hÚcráine maidir le hUimhreacha PSP agus tacaíochtaí airgeadais a fháil ar dtús.

"Nuair a bhraitheann náisiúnaigh na hÚcráine go bhfuil an t-am ceart, táimid anseo freisin chun cabhrú leo uas-oiliúint a dhéanamh, athoiliúint agus fostaíocht a fháil.

"Tá a fhios againn freisin go bhfuil fonn ar go leor fostóirí fostaíocht a thairiscint do dhaoine ón Úcráin.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na fostóirí atá ag freastal ar an ócáid inniu as oibriú linn chun cabhrú le cuardaitheoirí poist, cibé acu ó Éirinn, ón Úcráin nó ó áiteanna eile bogadh isteach in earnálacha nua nó i róil nua tar éis na paindéime."