Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bealaí chun Oibre: Fógraíonn an tAire Humphreys cistiú breis agus €7.5 milliún chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas

Tá cistiú le fáil ag 45 tionscadal a rachaidh chun sochair beagnach 2,300 rannpháirtí, 27 iarsholáthraí Chlár Ability san áireamh

Cuirfear deontais a mhéid le €200,000 ar fáil chun feabhas a chur ar scileanna fostaíochta agus deiseanna oideachais a sholáthar

Díriú ar thacaíochtaí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas lena ngnólacht féin a thosú

Tá an Pacáiste mar phríomhchuid de Straitéis nua ‘Bealaí chun Oibre’ an Rialtais

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD inniu cistiú breis agus €7.5 milliún chun tacú le agus feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá an pacáiste cistithe do 45 tionscadal ar fud na tíre ceaptha tacú le daoine faoi mhíchumas feabhas a chur ar a scileanna fostaíochta, a n-oideachas a chur chun cinn nó a ngnólacht féin a thosú.

Príomhchuid de ghealltanais Bealaí chun Oibre atá sa phacáiste maidir le tacú le deiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas – straitéis seirbhísí fostaíochta náisiúnta an Rialtais.

Gheobhaidh na tionscadail rathúla deontais a mhéid le €200,000 ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Cuirfear cistiú ar fáil do na tionscadail rathúla ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 30 Nollaig 2022.

I gcaitheamh na tréimhse seo, tá mar chuspóir ag na tionscadail éagsúla oibriú go díreach le thart ar 2,284 rannpháirtí.

Is é príomhchuspóir an chistithe an deis a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas fostaíocht/féinfhostaíocht a fháil agus a choimeád nó teacht ar oideachas agus oiliúint le feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta.

Tar éis na 45 tionscadal a mholtar a cheadú, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá gliondar croí orm an pacáiste nua seo cistithe a fhógairt atá ceaptha tacú le daoine faoi mhíchumas fostaíocht nó féinfhostaíocht a bhaint amach.

“Tréimhse an-dúshlánach a bhí sna 17 mí roimhe seo i measc go leor dár saoránaigh, agus go háirithe i measc daoine faoi mhíchumas.

“Mar Aire, táim meáite ar thacú le daoine faoi mhíchumas ar gach bealach is féidir liom – bíodh sin trí chabhrú leo tabhairt faoi uasoiliúint nó na tacaíochtaí a thabhairt dóibh a theastaíonn uathu lena n-uaillmhian a bhaint amach chun a ngnólacht féin nó a bhfiontar sóisialta féin a chur ar bun.

“Is eol dom go mbeidh an cistiú seo an-tábhachtach chun tacú le daoine faoi mhíchumas fud fad na tíre chun deiseanna fostaíochta a thapú a raibh sé d’uaillmhian acu riamh anall a bhaint amach.”

Dúirt an tAire freisin:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, thug mé féin faoi deara an méid is féidir le daoine faoi mhíchumas a bhaint amach i dtimpeallacht oibre agus an tionchar dearfach a d’imir seo orthu agus ar a gcomhghleacaithe.

“Tá an-áthas orm gur éirigh leis na 27 eagraíocht a chistítear faoi Chlár 3 bliana Ability, a chistigh mo Roinn agus Ciste Sóisialta na hEorpa, faoin mbeart seo. Bronnann an cistiú seo cinnteacht ar na soláthraithe seo leanúint lena n-obair nuálach agus luachmhar.

“Cuirfidh an cistiú nua a chuireann mo Roinn ar fáil an deis ar fáil do go leor grúpaí deonacha agus pobail tionscnaimh a sholáthar a dhíreoidh ar dhaoine faoi mhíchumas a chónaíonn i bpobail the fud fad na tíre.”

Tá an cistiú mar chuid den Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2021 agus riarann an Roinn Coimirce Sóisialaí é i gcomhar le Pobal. Tacóidh na 45 tionscadal rathúil le daoine faoi mhíchumas teacht ar an bhfostaíocht/bhféinfhostaíocht, a ndeiseanna a fheabhsú chun dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha “san obair” agus feabhsóidh siad torthaí fostaíochta trí oideachas agus oiliúint a chuirfidh le rannpháirtithe a bheidh “réidh don obair”. Tacóidh tionscadail freisin le fostóirí féideartha fostaíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

Déanfaidh Pobal bainistiú ar an bpróiseas thar ceann na Roinne, íocaíocht, bainistíocht conarthaí, monatóireacht feidhmíochta, agus tacaíocht agus iniúchadh tairbhithe san áireamh.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Liosta na dTionscadal a gheobhaidh cistiú (tá sonraí breise leagtha amach sa tábla thíos)

1. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Ak Inspired Ability, Ciarraí

2. Blossom Ireland Community Inclusion, Baile Átha Cliath

3. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Bluestack Special Needs Foundation, Dún na nGall

4. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Cheantair Bhré, Cill Mhantáin

5. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Breffni Integrated, an Cabhán

6. Seirbhísí Bhráithre na Carthanachta, Éire (Luimneach), Gaillimh

7. An Clinic Lárnach Íocshláinteach, Baile Átha Cliath

8. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Cheardlann Phobail Chontae Loch Garman, Loch Garman

9. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Leader Chontae Chill Dara, Cill Dara

10. Foras COPE, Corcaigh

11. Siondróm Down Éire, Baile Átha Cliath

12. Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, Baile Átha Cliath

13. Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

14. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Chathair Theas Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath

15. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Empower, Baile Átha Cliath

16. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Leader Fhine Gall, Baile Átha Cliath

17. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Fhóram Chonamara, Gaillimh

18. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, Gaillimh

19. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Sheirbhísí Uathachais Gheel

20. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Forbartha Comhtháite Tuaithe Dhúiche Ealla, Corcaigh

21. Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, Corcaigh

22. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Baile Átha Cliath

23. KARE, Ionchuimsiú a Chur chun Cinn do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachtúil, Cill Dara

24. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Ionad Acmhainní Chnoc an Ráiléigh, Tiobraid Árann

25. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Fhorbairt Chomhtháite Liatroma, Liatroim

26. Seirbhís Luimnigh don Ógra, Luimneach

27. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta an Chumainn Náisiúnta um Spina Bifida agus Hidriceifealas, Éire, Baile Átha Cliath

28. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Not So Different, Baile Átha Cliath

29. Cuideachta Forbartha Áitiúla Comhtháite Uíbh Fhailí faoi Theorainn Ráthaíochta, Uíbh Fhailí

30. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Fhondúireacht Peter Bradley, Baile Átha Cliath

31. Cuideachta Forbartha Comhtháite Ros Comáin faoi Theorainn Ráthaíochta, Ros Comáin

32. CTR SOS Chill Chainnigh, Cill Chainnigh

33. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Specialisterne Ireland , Baile Átha Cliath

34. Teach Naomh Mícheál, Baile Átha Cliath

35. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chumann Naomh Crónán, Tiobraid Árann

36. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Sheirbhísí Naomh Críostóir, an Longfort

37. The Rehab Group, Baile Átha Cliath

38. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta The Organic Centre, Liatroim

39. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Seirbhís don Ógra Réigiúnach Thiobraid Árann, Tiobraid Árann

40. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Triest Press, Ros Comáin

41. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Ionad Shiondróm Down, Baile Átha Cliath

42. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chumann Bhaile Bhailcín um Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta, Baile Átha Cliath

43. Fiontair Shóisialta Ghlasa Bhaile Bhailcín Teoranta, Baile Átha Cliath

44. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta Chomhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí, Corcaigh

45. Forbairt Áitiúil Loch Garman, Loch Garman

DETAILS OF PROJECTS TO RECEIVE FUNDING
DETAILS OF PROJECTS TO RECEIVE FUNDING
Amharc amharc

Eolas breise

Eagraíocht idirghabhálaí neamhbhrabúsach is ea Pobal a bhainistíonn cláir éagsúla chistithe thar ceann Rialtas na hÉireann agus an AE.

Cuirtear in Achtanna na gCuntas Díomhaoin, 2001-2012, sa mhullach ar an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003 creat ar fáil chun cuntais neamhéilithe a riar in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus chun polasaithe árachais saoil neamhéilithe a riar i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntais nó polasaí a athaontú lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó i ngnóthais árachais agus, ina leith seo, tá ar na comhlachtaí seo dul i mbun beart le húinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil nár éilíodh a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Chun an úsáid is fearr a bhaint as na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh, tugadh scéim isteach sa reachtaíocht freisin chun cistí a íoc amach nach dóchúil go n-éileofar iad ó chuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh ar mhaithe le bearta chun cabhrú le:

  • forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste geilleagrach nó sóisialta;
  • forbairt oideachais daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachais; nó
  • daoine faoi mhíchumas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat