English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bealaí chun Oibre: Nochtann an Rialtas plean uaillmhianach chun daoine a thabhairt ar ais ag obair i ndiaidh na paindéime

  • é mar aidhm ag an straitéis cabhrú le 75,000 duine atá dífhostaithe go fadtéarmach dul i mbun oibre
  • fóirdheontais suas le €10,000 d’fhostóirí a thógann daoine den Bheochlár
  • Clár nua Socrúcháin Taithí Oibre chun 10,000 socrúchán íoctha ar ardchaighdeán a sholáthar
  • pacáiste speisialta tacaíochtaí do dhaoine óga; dífhostaíocht na n-óg a laghdú ó 44% go 12.5% faoi 2023
  • 50,000 áit oiliúna breisoideachais agus ardoideachais le soláthar
  • Deontas Tacaíochta Oiliúna €1,000 do chuardaitheoirí poist
  • ag díriú ar dheiseanna Cianoibre agus r-Fhoghlama a úsáid chun cabhrú le daoine dul isteach sa lucht saothair
  • Íocaíocht Cuardaitheora Poist Phá-Choibhneasa le forbairt

Sheol an rialtas Bealaí chun Oibre 2021-2025 inniu - straitéis uaillmhianach nua atá deartha chun fostaíocht a chur chun cinn agus Éire ag teacht chuici féin ó COVID-19.

Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris, agus an tAire Stáit le freagracht as Gnó agus Fostaíocht Damien English an straitéis náisiúnta fostaíochta, ina bhfuil 83 tiomantas ar fud na ranna rialtais go léir, i nDún Dealgan inniu.

Tógann Bealaí chun Oibre ar Phlean Aisghabhála Geilleagair an rialtais chun téarnamh post a thosú, ag cinntiú go mbeidh 2.5 milliún duine ag obair faoi 2024.

Cuirfidh an straitéis deireadh le bacainní ar fhostaíocht, soláthróidh sí na mílte áit oiliúna agus oideachais, cuirfidh sí feabhas mór ar an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí, cuirfidh sí dreasachtaí ar fáil d’fhostóirí daoine a bhaint den Bheochlár, agus soláthróidh sí pacáiste speisialta tacaíochta do dhaoine óga.

I measc na bpríomhghealltanas tá:

  • dífhostaíocht fhadtéarmach a laghdú: 75,000 duine atá dífhostaithe go fadtéarmach a thabhairt isteach san fhostaíocht faoi Iúil 2023
  • daoine óga: Fostaíocht don aos óg a laghdú go 12.5%, 50,000 áit bhreise oideachais agus oiliúna a sholáthar, 10,000 printíseacht a sholáthar, fóirdheontais earcaíochta d’fhostóirí a thógann daoine óga den Bheochlá; imfhálú 1,000 áit ar chláir Fostaíochta Pobail agus Tús
  • Clár Socrúcháin Taithí Oibre: De réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, 10,000 socrúchán oibre ar ardchaighdeán íoctha a chur ar fáil, agus 4,000 acu a chur in áirithe do dhaoine óga. Íocfar €306 in aghaidh na seachtaine le rannpháirtithe na scéime agus beidh méideanna breise iníoctha i leith daoine fásta/leanaí cleithiúnacha
  • fostóirí: Fóirdheontais earcaíochta idir €7,500 agus €10,000 d’fhostóirí a thógann daoine den bheochlár
  • Seirbhísí Fostaíochta: 150 imeacht cur chun cinn poist a óstáil in aghaidh na bliana, cur go mór le cumas na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí, Intreo, agus cásoifigeach tiomnaithe a shannadh do gach duine dífhostaithe chun cabhrú leo filleadh ar an obair
  • Deontas Tacaíochta Oiliúna €1,000: Ar fáil do chuardaitheoirí poist chun leas a bhaint as cláir oiliúna chreidiúnaithe gearrthéarmacha
  • Athchóiriú Leasa: Ag tarraingt ar eispéireas na paindéime, tograí a fhorbairt le haghaidh ráthaíochta ioncaim bhunúsaigh agus íocaíocht nua cuardaitheora poist gearr-thréimhse phá-choibhneasa
  • Gan aon duine a fhágáil inár ndiaidh: Tacaíochtaí fostaíochta spriocdhírithe a leathnú chuig grúpaí a bhfuil dúshláin acu dul isteach sa lucht saothair mar dhaoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear an lucht siúil
  • Cianobair: Cuir roghanna cianoibre ar fáil do rannpháirtithe scéimeanna socrúcháin oibre, oideachais agus oiliúna

Tá Bealaí chun Oibre 2021-2025 ar fáil anseo.

Reáchtáladh seoladh Bealaí Chun Oibre inniu ag an Ionad Barrfeabhais Oiliúna Teicneolaíochta Ard-déantúsaíochta i nDún Dealgan.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD:

“An mhí seo caite, sheol an Rialtas ár bPlean Téarnaimh Eacnamaíochta. Tugann an Plean seo léargas ar athshlánú fadtéarmach na hÉireann, faoi stiúir poist, agus dírithe ar théarnamh níos fearr.

“Is é uaillmhian iomlán an Phlean ná leibhéil fostaíochta réamh-ghéarchéime a shárú trí 2.5 milliún duine a chur i mbun fostaíochta faoi 2024. Tá sé ríthábhachtach, áfach, go mbeidh na poist seo níos táirgiúla, níos athléimní agus níos sláine.

“Céim ríthábhachtach chun an uaillmhian seo a bhaint amach agus an turraing dár margadh saothair a shárú is ea cur i bhfeidhm ár straitéise náisiúnta nua seirbhísí fostaíochta: Bealaí Chun Oibre, 2021-2025.

“Dá bhrí sin, tá an Rialtas tiomanta na huaillmhianta agus na tiomantais atá leagtha amach sa straitéis a bhaint amach d’fhonn téarnamh geilleagrach faoi stiúir poist a spreagadh, a thógáil ar bhealach níos fearr, agus a thógáil níos cothroime."

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD:

“Agus muid ag téarnamh ón bpaindéim seo, is éard atá i gceist le Bealaí chun Oibre ná a chinntiú go dtacaímid agus go gcuidímid leis na mílte dár saoránaigh dul i mbun fostaíochta nó filleadh uirthi.

“Ní fhágfaimid aon duine inár ndiaidh, cuirfimid deiseanna nua ar fáil chun athoiliúint agus athsciliú a dhéanamh agus, thar aon rud eile, tabharfaimid an tacaíocht a theastaíonn uathu do dhaoine chun fostaíocht inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fháil.

“Tá sé seo tábhachtach dár sochaí, dár ngeilleagar agus do gach duine dífhostaithe, cibé ar chaill siad a bpost mar gheall ar COVID-19 nó a bhí dífhostaithe cheana féin roimh COVID-19.

“Athshlánú faoi threoir poist a bheidh anseo a chuirfidh riachtanais ár saoránach ar dtús. Tá a fhios againn ó thaithí roimhe seo an tionchar díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag dífhostaíocht fhadtéarmach.

“Tríd an straitéis nua uaillmhianach seo, tacóimid le daoine ar gach bealach is féidir, ag cabhrú leo a ngairmeacha beatha a thosú, nó a atosú agus a gcaighdeán beatha a fheabhsú."

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD:

“Is cuid thábhachtach d’fhreagairt na hÉireann ar an bpaindéim an straitéis Bealaí chun Oibre agus beidh ról lárnach aici sa chaoi a rachaimid i ngleic, mar thír, le téarnamh agus atógáil. Mar Rialtas, ba mhaith linn daoine a fháil ar ais ag obair i bpoist ardchaighdeáin atá inbhuanaithe agus a mhairfidh amach anseo.

“Tá sé de fhreagracht ar mo roinn a chinntiú go bhfuil na scileanna cearta ag daoine. Inniu, táimid ag fógairt tionscnamh tábhachtach le Skillnet Ireland agus Technology Ireland chun cabhrú le daoine dífhostaithe croíscileanna digiteacha a fhorbairt chun fostaíocht a fháil i réimsí ina bhfuil an geilleagar ag fás.

“Tá an teicneolaíocht in Éirinn ag freagairt dá bhfuil ag teastáil ó fhostóirí agus cinntíonn sé go bhfuil bealach ag daoine a chaill a bpost chuig slí bheatha nua inbhuanaithe.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Gnó, Fostaíocht agus Miondíol, Damien English TD:

“Tá go leor gnólachtaí Éireannacha, idir bheag agus mhór, tar éis dul tríd tréimhse dheacair le 16 mhí anuas. Sin é an fáth go raibh sé ríthábhachtach don Rialtas raon beart a chur i bhfeidhm chun cabhrú le poist agus gnólachtaí a chosaint ar fud na tíre le linn na paindéime.

“Agus muid ag féachaint chun cinn sna míonna amach romhainn, leagfaidh Bealaí chun Oibre amach na chéad chéimeanna eile i dtreo téarnamh eacnamaíoch faoi threoir poist. Cuimsíonn an straitéis seo tiomantais atá deartha chun tacú le gnólachtaí fostaithe nua a earcú agus oiliúint a chur orthu, go háirithe ár ndaoine óga agus iad siúd atá dífhostaithe faoi láthair."

Clár Socrúcháin Taithí Oibre

In éineacht leis an straitéis Bealaí chun Oibre, sheol an Rialtas Clár nua Socrúcháin Taithí Oibre. Rachaidh an clár nua seo chun leasa 10,000 cuardaitheoir poist de gach aois, atá dífhostaithe le breis agus sé mhí (lena n-áirítear iad siúd a raibh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime á fáil acu).

Coinneoidh an tionscnamh seo cuardaitheoirí poist gar don mhargadh saothair agus cuirfidh sé taithí oibre ar ardchaighdeán ar fáil dóibh chun a n-ionchais filleadh ar fhostaíocht a mhéadú. Beidh an rannpháirtíocht go hiomlán deonach agus socraítear an ráta íocaíochta do rannpháirtithe ar an gclár seo ag €306 sa tseachtain.

D'oibrigh an Roinn CosaCoimirce Sóisialaí go dlúth leis an earnáil Breisoideachais agus Oiliúna, chun a chinntiú go gcuimsíonn an clár taithí oibre seo deiseanna suntasacha creidiúnaithe oiliúna agus forbartha do rannpháirtithe. Cuideoidh an dá ghné den scéim lena chinntiú go mbeidh deis i bhfad níos fearr ag rannpháirtithe sa mhargadh saothair chun poist nua a fháil nuair a bheidh an clár seo críochnaithe acu.

Is é costas iomlán an chláir seo thar dhá bhliain ná €95 milliún le ranníocaíocht €27 milliún ón gCiste Náisiúnta Oiliúna. Tá an clár seo san áireamh freisin mar thosaíocht do mhaoiniú faoin bPlean Náisiúnta Athléimneachta agus Téarnaimh a chuirtear faoi bhráid Choimisiún an AE.

Ar an gClár nua Taithí Oibre seo, thug an tAire Humphreys ar aird:

“Tabharfaidh an clár nua seo an deis do dhaoine dífhostaithe cur lena dtaithí oibre agus leas a bhaint as deiseanna creidiúnaithe oiliúna agus forbartha.

“Beidh sé ar fáil, gan choinníoll, ar bhun deonach, do gach duine atá dífhostaithe le breis agus sé mhí - lena n-áirítear faighteoirí na hÍocaíochta Dífhostaíochta Phaindéimí.

“Ag glacadh comhairle ó Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair agus ag tógáil ar eispéireas na Scéime Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg, beidh rochtain ag rannpháirtithe uile na scéime seo ar oiliúint fhoirmiúil dheimhnithe nó aitheanta ag an earnáil. Déanfaidh mo roinn monatóireacht ar sheachadadh na scéime seo.

“Íocfar €306 in aghaidh na seachtaine le rannpháirtithe ar feadh 30 uair an chloig - íocaíocht de réir rátaí oscailte an mhargaidh saothair.

“Rud atá tábhachtach, agus ár ndiongbháilteacht chun dul i ngleic le dífhostaíocht i measc na n-óg a léiriú, beidh suas le 4,000 de na 10,000 áit ar an gclár imfhálaithe do dhaoine óga.

“Molaim go láidir d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist araon páirt a ghlacadh sa chlár nua taithí socrúcháin oibre seo sna míonna amach romhainn."

Déanfar monatóireacht ar dhul chun cinn faoi Bhealaí chun Oibre 2021-2025 i gcoinne na ngealltanas agus na dtáscairí a leagtar amach ann. Déanfar é seo trí thuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn agus trí athbhreithniú meántéarmach ar an straitéis in 2023 le tacaíocht ó Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair.


Nótaí

Bealaí chun Oibre 2021-2025: Forbhreathnú

Léiríonn Bealaí Chun Oibre 2021-2025 an chéad leagan eile de straitéis náisiúnta seirbhísí fostaíochta an rialtais agus creat foriomlán an rialtais maidir le beartas gníomhachtaithe agus tacaíochta fostaíochta.

Is straitéis ilbhliantúil é Bealaí chun Oibre 2021-2025 le hathbhreithniú meántéarma le déanamh in 2023. Is í aidhm na straitéise, ina bhfuil 83 tiomantas ar leith, cabhrú le daoine filleadh ar an obair de réir mar a théarnaíonn an geilleagar agus an margadh saothair ó COVID-19.

Is príomh-mheicníocht seachadta é Bealaí chun Oibre 2021-2025 den Phlean Náisiúnta Téarnaimh Eacnamaíochta, go háirithe dá dara Colún maidir le 'Cúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair'. Féachann an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta le téarnamh faoi threoir poist a chothú, agus é mar aidhm ag Bealaí chun Oibre a chinntiú go líontar an oiread sin de na deiseanna seo agus is féidir le daoine atá dífhostaithe.

Leagtar amach sa straitéis seo conas is féidir leis an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí seirbhísí éifeachtacha a sholáthar i margadh saothair iar-COVID, le héilimh mhéadaithe ar sheirbhísí den sórt sin i measc iad siúd a chaill post go buan mar thoradh ar an bpaindéim.

Ina theannta sin, féachfaidh an straitéis le tacú leo siúd a bhí dífhostaithe nó tearcfhostaithe roimh an bpaindéim, go háirithe iad siúd a bhfuil dúshláin bhreise rompu, mar shampla daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear daoine ón Lucht Siúil agus na Romach.

Bealaí chun Oibre: Uaillmhian

Trína 83 tiomantas a chomhlíonadh, is é uaillmhian na straitéise an dífhostaíocht a athbhunú ar ais go dtí nó faoi bhun a leibhéil réamh-phaindéime in 2019, nuair a bhí an geilleagar gar d’fhostaíocht iomlán.

Tá sé mar aidhm againn go sonrach:

  • dífhostaíocht fhadtéarmach a laghdú. 75,000 duine atá dífhostaithe go fadtéarmach a thabhairt isteach san fhostaíocht faoi Iúil 2023
  • cion na gcuardaitheoirí poist dífhostaithe fadtéarmacha a laghdú go 2.5% den lucht saothair in 2025
  • an Ráta Dífhostaíochta don Aos Óg a laghdú ar ais go dtí, nó faoi bhun, meán 2019 de 12.5% faoi 2023
  • rátaí fostaíochta daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste nó ó mhionlaigh a fheabhsú. Áireofar leis seo díriú ar mhéadú ar rátaí fostaíochta tuismitheoirí aonair ó 63% go meán an AE de 74% agus do dhaoine faoi mhíchumas ó 22% go 33%
  • tréimhsí dífhostaíochta a laghdú tríd an ráta ag a dtéann daoine nua dífhostaithe ar aghaidh chuig dífhostaíocht fhadtéarmach a laghdú ar ais go dtí, nó faoi bhun, a leibhéal réamh-phaindéime de 16% faoi 2023

Cur i bhfeidhm agus Monatóireacht

Beidh freagracht fhoriomlán ar an Roinn Coimirce Sóisialaí as an straitéis seo a chur i bhfeidhm agus tuairisceoidh sí ar dhul chun cinn don Choiste Comh-Aireachta ar an nGeilleagar agus do Ghrúpa na nOifigeach Sinsearach.

Cuirfear maoirseacht sheachtrach faoi chúram Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair. Mar chuid den obair seo, déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar sheachadadh gníomhartha aonair i gcoinne na n-amlínte comhaontaithe agus déanfaidh sí measúnú ar fhorbairt bhreise méadrachtaí, staitisticí agus clár meastóireachtaí thar shaolré na straitéise seo.

Iarrfar ar Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Aire Coimirce Sóisialaí i Ráithe 3 gach bliain ag soláthar a dearcadh ar dhul chun cinn, ar ghníomhaíochtaí feabhais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil agus ar aon ghníomhartha nua a mheasann sí ba cheart a áireamh. Foilseofar athbhreithniú bliantúil agus tuarascáil ar dhul chun cinn i gcoinne na ngealltanas go léir i Ráithe 4 gach bliain.

Tabharfar faoi athbhreithniú foirmiúil ar an straitéis leis an gComhairle Chomhairleach um Mhargadh Saothair i Ráithe 1 agus R2 2023 agus foilseofar straitéis nuashonraithe i Ráithe 4 2023.

Bealaí chun Oibre 2021-2025
Amharc amharc