Breis is 16,000 Tuismitheoir Aonair chun leas a bhaint as athchóirithe cothabhála leanaí – an tAire Humphreys
- Foilsithe: 18 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Léiríonn reachtaíocht shuntasach athchóiriú mór ar an gcóras cothabhála leanaí
- Déanfar íocaíochtaí Cothabhála Leanaí a eisiamh ó thástálacha acmhainne leasa shóisialaigh
- Leasuithe chun leasa breis agus 16,000 tuismitheoir aonair agus chun cabhrú le bochtaineacht leanaí a laghdú
Tá breis is 16,000 tuismitheoir aonair le leas a bhaint as leasuithe suntasacha ar an gcóras cothabhála leanaí atá á dtabhairt os comhair na Dála inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys.
Tugann an Bille Leasa Shóisialaigh (Gaolta faoi Dhliteanas agus Cothabháil Leanaí) 2023 éifeacht d’athchóirithe suntasacha do thuismitheoirí aonair, lena n-áirítear eisiamh íocaíochtaí cothabhála ó thástálacha acmhainne leasa shóisialaigh den chéad uair.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil cuid mhór tuismitheoirí aonair ar rátaí laghdaithe íocaíochta ardú ina n-íocaíochtaí agus beidh daoine eile incháilithe le haghaidh íocaíochta.
Meastar go rachaidh an beart seo chun tairbhe do bhreis is 16,000 tuismitheoir aonair agus go gcosnóidh sé thart ar €10 milliún in aghaidh na bliana.
Ag labhairt dó roimh díospóireacht na Dála, dúirt an tAire Humphreys:
“Léiríonn an reachtaíocht seo leasú suntasach ar an gcóras cothabhála leanaí in Éirinn.
“Faoi na leasuithe, beidh íocaíochtaí Cothabhála Leanaí eisiata ón tástáil acmhainne Leasa Shóisialaigh den chéad uair.
“Meastar go rachaidh an beart seo chun tairbhe go díreach do thart ar 16,000 tuismitheoir aonair agus beidh ról suntasach aige maidir le bochtaineacht leanaí a laghdú.
“Fuair mé taithí phearsanta mé féin agus mé ag obair sa Chomhar Creidmheasa. Íocadh an chothabháil leanaí roinnt seachtainí agus seachtainí eile níor íocadh é.
“Agus is é an leanbh an duine is mó a bhíonn ag fulaingt sa chás sin. Agus níl mé ag iarraidh é sin a fheiceáil ag tarlú.
“Mar sin déanfaidh an Bille seo dearfach don oiread sin teaghlach éagsúil agus tá an-áthas orm é a thabhairt os comhair na Dála inniu.”
Ina theannta sin, déantar foráil sa Bhille d’fhorálacha ghaol faoi dhliteanas a scor. Dá bhrí sin, i gcás tuismitheoirí aonair a fhaigheann an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, ní fhéicfidh an Roinn a thuilleadh le cuid de chostais éilimh a fháil ar ais ó na tuismitheoirí neamhchónaitheacha.
D’achtaigh an tAire Humphreys rialachái le déanaí, rud a chiallaíonn nach gá do thuismitheoirí aonair a chruthú a thuilleadh go bhfuil iarrachtaí déanta acu cothabháil leanaí a lorg ó thuismitheoir eile a linbh, agus iarratas á dhéanamh acu ar an íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach sáróidh athruithe a chur leis na forálacha seo an phríomhfhreagracht a luíonn faoi thuismitheoirí soláthar a dhéanamh do chothabháil a leanaí agus nach ionann é agus a rá nach luíonn an phríomhfhreagracht seo fúthu.
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Tá rialacháin sínithe agam le déanaí, rud a chiallaíonn nach bhfuil ar iarratasóirí ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist iarrachtaí a dhéanamh cothabháil a lorg ó thuismitheoir eile a linbh a thuilleadh.
“De dheasca an riachtanais seo ba mhinic a b’éigean do thuismitheoirí aonair dul chun na Cúirte chun ordú cothabhála a lorg, ach mar thoradh ar an athrú seo cuirfear deireadh le haon strus breise a d’fhéadfadh a bheith orthu. Chomh maith leis seo cuideoidh sé leis an ualach ar ár gcóras cúirteanna a laghdú.
“Déantar foráil sa Bhille atá á fhoilsiú inniu d’fhorálacha Ghaol faoi Dhliteanas a scor. Mhol an Grúpa Athbhreithnithe Cothabhála Leanaí é seo agus ciallaíonn sé sin do thuismitheoirí aonair atá ag fáil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora, nach ndéanfaidh an Roinn iarracht a thuilleadh cuid de chostais an éilimh a fháil ar ais ón tuismitheoir eile.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
Tá na hathruithe sa Bhille Leasa Shóisialaigh (Gaolta faoi Dhliteanas agus Cothabháil Leanaí) 2023 bunaithe ar mholtaí Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Cothabhála Leanaí, ar ghlac an Rialtas leo maidir leis an gcóras leasa shóisialaigh.
Bhunaigh an Rialtas an Grúpa Athbhreithnithe chun scrúdú a dhéanamh ar raon saincheisteanna a bhaineann le cothabháil leanaí in Éirinn. Rinne iar-Bhreitheamh Cúirte Cuarda Catherine Murphy cathaoirleacht ar an ngrúpa, agus bhí gairmithe beartais, dlí agus acadúla mar chuid de.
Tá Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Cothabhála Leanaí ar fáil Item was unpublished or removed