English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire O’Brien le Rannpháirtithe na Scéime Fostaíochta Pobail i Maigh Eo

Thug Joe O’Brien TD, Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail & sa Roinn Coimirce Sóisialaí, cuairt fhoirmiúil ar réigiún Bhéal an Átha/na Sráide i Maigh Eo an tseachtain seo caite (Dé Luain, an 31 Bealtaine) chun súil a chaitheamh ar roinnt tionscadal a bhaineann lena théarmaí tagartha. Is é Joe O’Brien an tAire atá freagrach as Fostaíocht Pobail (FP) agus thug sé cuairt ar dhá scéim FP i rith a thurais.

Chuir Paddy & James Maughan fáilte roimh an Aire chuig Tionscadal Involve i mBéal an Átha, tionscadal a bhfuil roinnt tionscnamh óige á reáchtáil acu mar aon le Tionscadail Sláinte & Folláine don Lucht Siúil. Cuireadh an tAire in aithne do roinnt rannpháirtithe na scéime agus bhí deis aige cloisteáil go díreach faoina dtaithí ar an scéim. Chomh maith leis sin, tá an Clár Gníomhachtúcháin agus Pobail um Ionchuimsiú Sóisialta – SICAP, atá faoi scáth théarmaí tagartha an Aire O’Brien freisin, ag tacú leis an tionscadal Involve.

I rith an tráthnóna thug an tAire cuairt ar Mhúsaem Mhichíl Mac Daibhéid in An tSráid áit ar bhuail sé le roinnt grúpaí difriúla as ar fud Mhaigh Eo mar aon le hionadaithe ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá Músaem Mhichíl Mac Daibhéid á rith le cúnamh ó rannpháirtithe FP agus is fianaise láidir é ar an luach a bhaineann le scéimeanna FP i gceantair áitiúla.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Brien faoina chuairt:

“Tá sé deacair an iomarca béime a leagan ar an luach a bhaineann le scéim mhaith FP i gcomhthéacs an rannpháirtí agus an phobail áitiúil ina bhfuil an scéim á reáchtáil. Is uirlis fhíorluachmhar fostaíochta pobail iad na deiseanna oiliúna do rannpháirtithe, an idirghníomhaíocht shóisialta a sholáthraítear agus na seirbhísí áitiúla a chuirtear ar fáil mar chuid de FP mar aon le gné ríthábhachtach de chuspóirí níos ginearálta an chuimsithe shóisialta.

“Tá na hardchaighdeáin atá le tabhairt faoi deara sna scéimeanna ar thug mé cuairt orthu i mBéal an Átha agus in An tSráid le tabhairt faoi deara i scéimeanna FP ar fud na tíre. Is den tábhacht é go gcothaítear an chonair dul chun cinn trí scéimeanna FP ionas go bhfuil áiteanna ar fáil do gach duine ar mian leis/léi tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le FP. Mar a dúirt Paddy Maughan atá páirteach sa Tionscadal Involve nuair a bhí sé ag trácht ar chuid de na gnéithe rathúla den tionscadal – is é aidhm fhoriomlán FP rannpháirtithe a chumhachtú ionas gur féidir leo tairbhe a bhaint as fostaíocht nó oideachas rialta, agus ní féidir an aidhm sin a ligean i ndearmad.”

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil