Buiséad 2026: D’éirigh leis an Aire Calleary Pacáiste Coimirce Sóisialaí de bhreis agus €1.15 billiún a fháil do Bheartais Nua
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Deireadh Fómhair 2025
- €28.9 billiún le caitheamh ar Choimirce Sóisialaí in 2026
- Breis agus €320 milliún i mbearta chun bochtaineacht leanaí a chomhrac, lena n-áirítear an méadú is mó riamh ar Íocaíocht Tacaíochta Linbh
- €750 milliún chun méadú €10 sa tseachtain a mhaoiniú ar gach scéim íocaíochta do Phinsinéirí agus faighteoirí Aois Oibre, ag tosú ó mhí Eanáir
- Méadaithe stairiúla ar neamhaird ioncaim don Liúntas Cúramóra, suas go €1,000 do dhuine singil agus €2,000 do lánúin
- Méadú €5 ar Liúntas Breosla, go dtí €38 sa tseachtain ó mhí Eanáir
- Beidh teaghlaigh a bhfuil an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht á fáil acu cáilithe don Liúntas Breosla den chéad uair
- €20 breise sa mhí ar an Liúntas Cúraim Bhaile
- Méadú €60 sa tseachtain ar na tairseacha ioncaim don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le leathnú chuig leanaí 2 agus 3 bliana d’aois
- Bónas Nollag 100% le híoc i mí na Nollag 2025 le 1.5 milliún faighteoir fadtéarmach
- CisteMoThodhchaí – beidh an Stát ag cur €154 milliún leis in 2026 chun cabhrú le hoibrithe airgead a shábháil agus iad ag dul ar scor
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, T.D., inniu pacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí ar fiú breis agus €1.15 billiún é i mbearta leanúnacha don bhliain 2026.
D’éirigh leis an Aire pacáiste beart a fháil le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí agus chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas.
Áirítear mar chuid den phacáiste seo an méadú is mó i stair an Stáit ar an Íocaíocht Tacaíochta Linbh, lena n-áirítear méadú €16 sa tseachtain go €78 do leanaí 12 bliana d’aois nó níos sine (méadú 26%), agus méadú €8 sa tseachtain go €58 do leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois (méadú 16%). Ciallaíonn sé seo go mbainfidh luach iomlán bliantúil €3,016 leis an íocaíocht seo do gach leanbh faoi 12 bliana d’aois, agus €4,056 do gach leanbh 12 bliana d’aois nó níos sine.
D’éirigh leis an Aire Calleary méaduithe stairiúla a fháil chomh maith ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas Cúramóra, lena n-áirítear méadú €375 go €1,000 do dhuine singil, agus méadú €750 go €2,000 do lánúin. Déanfar méadú €375 freisin ar theorainn ioncaim an tSochair Cúramóra, go €1,000 sa tseachtain.
Áirítear sa phacáiste freisin méaduithe €10 sa tseachtain ar an gcuid is mó do na uasrátaí íocaíochta pearsanta, rud a rachaidh chun tairbhe pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair, le méaduithe comhréireacha do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe nó íocaíocht do dhuine fásta cáilithe.
Cuireann an pacáiste buiséid seo tacaíochtaí suntasacha ar fáil freisin chun cabhrú le teaghlaigh leis na costais téimh agus na costais fuinnimh eile.
Tiocfaidh méadú €5, go €38 sa tseachtain ar an Liúntas Breosla agus don chéad uair riamh, beidh teaghlaigh atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht i dteideal an liúntas seo a fháil. Ina theannta sin, beidh daoine a bhogann ó Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall chun dul ag obair i dteideal an Liúntais Bhreosla a choinneáil ar feadh 5 bliana.
D’éirigh leis an Aire maoiniú de €370 milliún a fháil freisin chun an Bónas Nollag a mhaoiniú, a íocfar i mí na Nollag 2025 le beagnach 1.5 milliún faighteoir leasa shóisialaí fadtéarmaí.
San iomlán, caithfear €28.9 billiún ar bheartais chosanta sóisialaí in 2026.
Ag fógairt Bhuiséad na Coimirce Sóisialaí, dúirt an tAire Calleary:
“Is mór an sásamh domsa, mar Aire Coimirce Sóisialaí den chéad uair, pacáiste de bhreis agus €1.15 billiún a bheith faighte agam.
Baineann an pacáiste suntasach atá á fhógairt agam inniu cothromaíocht amach idir méaduithe ar rátaí íocaíochta agus bearta spriocdhírithe a bhfuil sé mar aidhm leo tacú leis na daoine is leochailí sa tsochaí.
Táim go háirithe sásta go bhfuil breis agus €320 milliún i mbearta dírithe faighte agam chun bochtaineacht leanaí a laghdú, lena n-áirítear an méadú is mó riamh ar Íocaíocht Tacaíochta Linbh, méadú €8 (nó 16%) agus €16 (nó 26%) sa tseachtain, faoi seach, do leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois agus 12 bliana nó níos sine. Bainfidh thart ar 330,000 leanbh tairbhe as na méaduithe seo, ar leanaí iad a bhfuil a dtuismitheoirí ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaí.
Táim an-bhródúil freisin as méaduithe 60% a bhaint amach ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas Cúramóra. Táimid ag ardú an tairseach seo do dhuine singil faoi €375 sa tseachtain, suas go €1,000. Ciallaíonn sé seo gur féidir le cúramóir aonair a dhéanann obair pháirtaimseartha níos mó ná €54,000 sa bhliain a thuilleamh agus íocaíocht cúramóra iomlán a fháil fós.
Tá an neamhaird ioncaim do lánúin á ardú agam go €2,000 sa tseachtain. Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine a bhfuil cúram á sholáthar acu i dteaghlach ina bhfuil a bpáirtí ag tuilleamh suas le €108,000 sa bhliain íocaíocht cúramóra iomlán a fháil.
Is iad seo na méaduithe is mó riamh ar neamhaird ioncaim do chúramóirí, agus ciallaíonn siad go mbeidh fiú daoine a bhfuil ioncam measartha ard acu i dteideal íocaíocht cúramóra den chéad uair. Is cruthúnas iad seo ar thiomantas an Rialtais dá ghealltanas sa Chlár don Rialtas chun an tástáil acmhainne a bhaint de réir a chéile le linn shaolré an Rialtais seo.
Táim chomh sásta céanna, méadú ginearálta €10 sa tseachtain ar ár bpríomhíocaíochtaí seachtainiúla, a fhógairt. Is méadú é seo de bhreis agus 4% ar fhormhór na n-íocaíochtaí, rud atá os cionn ráta an bhoilscithe, agus rachaidh sé chun tairbhe ár gcúramóirí, ár dtuismitheoirí aonair, ár bpinsinéirí agus ár ndaoine faoi mhíchumas. Tá méadú iomlán 100% ar an mBónas Nollag faighte agam freisin, a íocfar i dtús mhí na Nollag le beagnach 1.5 milliún duine.
Táim ag ardú an Liúntais Bhreosla faoi €5 sa tseachtain. Cabhróidh sé seo le breis agus 460,000 teaghlach – lena n-áirítear pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair, agus don chéad uair daoine atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.
Táim tar éis roinnt beart tábhachtacha a fháil freisin chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Áirítear orthu sin ligean do dhaoine ar Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall a thosaíonn ag obair an Liúntas Breosla a choinneáil ar feadh cúig bliana tar éis dóibh glacadh le post. Tá scéim na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair, a cheadaíonn do dhaoine Íocaíocht Tacaíochta Leanaí a choinneáil agus iad ag dul ag glacadh le post, á leathnú agam chomh maith, chun daoine ar Liúntas Míchumais agus ar Phinsean na nDall a chur san áireamh. Táim ag leathnú na Scéime Fóirdheontais Pá freisin chun níos mó oibrithe faoi mhíchumas a áireamh, agus tá an ráta bonn fóirdheontais á ardú agam go €7.50 san uair.
Creidim go ndéanfaidh na bearta atá á bhfógairt agam inniu – ar fiú breis agus €1.15 billiún iad – difríocht mhór i saol na ndaoine a bhfreastalaímid orthu, agus, tríd sin, i saol ár bpobal ar fad.”
.I measc na mbeart Coimirce Sóisialaí a fógraíodh inniu tá:
- Méadú €16 (26%) ar rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Linbh go €78 do leanaí 12 bliana nó níos sine, agus méadú €8 (16%) go €58 do leanaí faoi bhun 12 bliana, ag tosú i Eanáir 2026
- Méadú €10 sa tseachtain ar íocaíochtaí leasa shóisialaí (méadú 4.1% ar fhormhór na n-íocaíochtaí) ó Eanáir 2026, le méaduithe comhréireacha do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine ar rátaí laghdaithe
- Méadóidh an tairseach neamhaird ioncaim don Liúntas Cúramóra faoi 60%, suas go €1,000 do dhuine singil agus €2,000 do lánúin, ó mhí Iúil 2026
- Méadófar an teorainn ioncaim don Sochar Cúramóra faoi €375, suas go €1,000, ó mhí Iúil 2026
- Méadú €5 (15%) ar an Liúntas Breosla, ó €33 go €38 sa tseachtain, ó mhí Eanáir 2026
- Síneadh, don chéad uair, ar an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht mar scéim cháilithe don Liúntas Breosla. Cuirfear an beart seo i bhfeidhm i Márta 2026, agus é siardhátaithe go mí Eanáir 2026
- Ó Mheán Fómhair 2026, beidh daoine a aistríonn ó Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall chun dul ag obair in dteideal an Liúntais Bhreosla a choinneáil ar feadh 5 bliana
- Beidh daoine a bhfuil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á bhfáil acu i dteideal na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair nuair a ghlacfaidh siad le fostaíocht
- Méadóidh tairseacha ioncaim Íocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht do gach teaghlach faoi €60 in aghaidh na seachtaine ó mhí Eanáir 2026
- Leathnú ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua chun leanaí cáilithe 2 agus 3 bliana d’aois a chur san áireamh
- Bónas Nollag le híoc i mí na Nollag 2025 le beagnach 1.5 milliún faighteoir fadtéarmach
- CisteMoThodhchaí, an scéim choigiltis scoir uathoibríoch) le tosú ar 1 Eanáir 2026, ag cabhrú le thart ar 750,000 oibrí airgead a chur i leataobh a bheadh acu agus iad ar scor. In 2026, cuirfidh an Stát €154 milliún leis an CisteMoThodhchaí.
Tá an liosta iomlán de na bearta Buiséid Coimirce Sóisialaí ar fáil ar Gov.ie/DSPBudget2026.