Cúramóirí le tairbhe a bhaint as méadú in uaireanta an chloig ag obair nó ag freastal ar chúrsa oiliúna lasmuigh den bhaile – Déanann an tAire Doherty Rialacháin
- Foilsithe: 13 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Faoi Rialacháin a shínigh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Regina Doherty TD, an tseachtain seo, beidh an deis ag cúramóirí, le héifeacht ó Eanáir 2020, líon na n-uaireanta a oibríonn siad nó a chaitheann siad ag freastal ar chúrsa oiliúna lasmuigh den bhaile a mhéadú ó 15 go 18 ½ uaireanta in aghaidh na seachtaine.
Thug an tAire Doherty tús áite don bheart seo mar fhreagra ar na cúramóirí ar chas sí leo ag Fóram Réamh-Bhuiséid na Roinne a dúirt léi go riabh an líon reatha de 15 uair an chloig róshriantach.
Dúirt an tAire Doherty:
“Is glao fadtréimhseach é ó ghrúpaí agus ó chumainn cúramóirí go bhfuil an teorannú a chuirimid ar líon na n-uaireanta ar féidir le cúramóirí oibriú nó tabhairt faoi oiliúint in aghaidh na seachtaine róshriantach. Bhí go leor comhrá agam leis na grúpaí seo agus le go leor daoine aonair a ndéanann siad ionadaíocht ar a son agus a chuireann cúram ar fáil dár ndaoine is leocháilí agus dár ngaolta. Bhí áthas orm fóráil a dhéanamh dá dtogra i mBuiséad 2020.
"Méadóidh na Rialacháin seo a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir seo chugainn líon na n-uaireanta ar féidir le cúramóirí oibriú nó tabhairt faoi oiliúint ón 15 uair an chloig sa tseachtain atá ann faoi láthair go 18 uair an chloig go leith sa tseachtain. Cabhróidh sé seo le cúramóirí dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le leithlisiú sósialta agus, go criticiúil, cuireann sé ar a gcumas teagmháil níos fearr a chaomhnú leis an lucht saothair, agus trí sin chun a leas agus a n-ioncam a fheabhsú. Creidim go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart seo ar shaolta go leor cúramóirí, ach go háirithe mná.”
Tá 83,772 cúramóirí ag fáil Liúntas Cúramóra agus tá os cionn 3,100 cúramóirí ag fáil Sochar Cúramóra faoi láthair. Is mná iad os cionn 75 faoin gcéad de chúramóirí atá ag fáil Liúntas Cúramóra.
CRÍOCH
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-phost: press.office@welfare.ie
Teil: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection