Cláraíonn an tríú milliúnú duine do chuntas MyGovID
- Foilsithe: 17 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireann Gateway teacht slán agus sábháilte ar fáil ar go leor seirbhísí Rialtais
Tá á fhógairt ag an Roinn Coimirce Sóisialaí inniu gur chláraigh an 3ú milliúnú duine do chuntas ar ardán MyGovId.
Cuireann MyGovId, seirbhís a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, ‘síniú isteach slán agus sábháilte aonair’ ar fáil go dtí seirbhísí poiblí ar líne in Éirinn. Tá sé in ainm is cur chuige Rialtais níos comhcheangailte a éascú, ina ndéantar níos mó comhroinnte, níos mó athúsáide agus níos mó comhcheangail idir comhlachtaí poiblí.
Cuireann MyGovID teacht ar fáil ar réimse seirbhísí poiblí ar líne i gcúrsaí Leasa, Ioncaim, Iompair, Oideachais, Talmhaíochta agus rudaí eile nach iad. Is féidir teacht ar an liosta iomlán seirbhísí ar féidir teacht orthu in Aguisín 1.
Agus í ag trácht ar fhógairt an lae inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD:
“Cur chuige comhcheangailte é MyGovID a chuireann pointe aonair rochtana ar fáil do dhaoine ar go leor seirbhísí Rialtais ar líne. Tá ceiliúradh á dhéanamh inniu againn ar gharsprioc mhór a bhaineamar amach ina bhfuil cuntas MyGovID cruthaithe agus á úsáid anois ag 3 milliún duine. Cuireann MyGovID ar chumas daoine teacht slán a bheith acu ar sheirbhísí ar líne Rialtais go tapa agus nuair is áisiúil dóibh.
“Mar shampla, is féidir le daoine teacht ar sheirbhís www.MyWelfare.ie sa Roinn Coimirce Sóisialaí, a chuireann réimse ollmhór dár seirbhísí ar fáil dóibh gan foirm pháipéir a chur sa phost ná cuairt a thabhairt ar a nIonad Intreo áitiúil. Bheadh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a sholáthar do beagnach 900,000 duine i bhfad ní ba dheacra murach go raibh an píosa tábhachtach seo de bhonneagar digiteach againn.
“Spreagfainn aon duine nach ndearna amhlaidh chun clárú do MyGovID agus teacht ar an réimse seirbhísí Rialtais atá ar fáil.
“Is féidir cuntas deimhnithe MyGovId a chlárú gan aon deacracht agus cinntíonn sé go mbíonn teacht níos fearr ar réimse seirbhísí Rialtais ata ag dul i méid i dtimpeallacht shábháilte agus shlán.”
Agus fáilte á cur aici roimh an mborradh a tháinig faoin líon úsáideoirí, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD:
“Cuireann seirbhísí a sholáthar ar líne feabhas ar rochtain ag úsáideoirí agus ar a n-eispéireas de na seirbhísí. Is minice a bhíonn daoine ag iarraidh gnó a dhéanamh ar líne ag aon tráth bíonn súil leis a seirbhísí poiblí ar fáil ar líne ag aon tráth ar mian leo teacht orthu. Tá seirbhís phoiblí na hÉireann ag oibriú go dícheallach le freastal ar na hionchais seo agus tá d’uaillmhian againn, mar thír, a bheith ar thús cadhnaíochta seirbhísí poiblí a sholáthar go digiteach. Cuireann MyGovId ‘síniú isteach aonair’ slán agus sábháilte go dtí a seirbhísí poiblí ar fáil do dhaoine. Tá sé in ainm is bheith áisiúil agus inrochtana agus léiríonn an méadú as cuimse a tháinig ar úsáideoirí i mbliana an rath atá ar an tionscadal trasrialtais seo.
“Tá fairsingiú i gcónaí ag teacht ar an réimse seirbhísí ar féidir teacht orthu trí MyGovID agus spreagfainn gach duine na tairbhí a bhaineann leis an gcóras seo a fhiosrú agus clárú do chuntas.”
Dúirt an tAire Stáit Smyth ar a bhfuil freagracht as Soláthar Poiblí agus Ríomhsheirbhísí Rialtais:
“Ceann d’aidhmeanna an Rialtais seo, faoin Straitéis Tús Áite do Chúrsaí Digiteacha 2030 na Státseirbhíse é seirbhísí poiblí digiteacha níos fearr a fhorbairt. Leagann aitheantas sábháilte agus slán digiteach an phríomh-bhunchloch faoin uaillmhian seo.
“Cuirim fáilte roimh an nuacht go bhfuil idirchaidreamh á dhéanamh ag breis agus 3 milliún sealbhóir cuntais le seirbhísí poiblí trí MyGovID. Léiríonn an glacadh méadaithe le shows go dteastaíonn ón bpobal teacht ar sheirbhísí ar líne mar gheall go bhfuil sé tapa agus éifeachtúil amhlaidh a dhéanamh.”
Chun clárú do chuntas MyGovID, is féidir le duine cuairt a thabhairt ar MyGovID.ie.
CRÍOCH
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184
Nóta do Dheasca Grianghraf
Craig O’Keeffe, as Port Láirge, an tríú milliúnú duine a chláraigh do chuntas MyGovID. Leis seo a cheiliúradh, bhronn an Roinn Coimirce Sóisialaí ríomhaire glúine air.
Nóta d’Eagarthóirí
Ardán ar líne é MyGovId a chuireann teacht slán agus sábháilte ar fáil do dhaoine ar go leor seirbhísí Rialtais.
Tá dhá leibhéal de chuntais ar fáil. Cuireann cuntas bunúsach ar chumas duine teacht ar sheirbhísí cosúil le
- Cáilitheacht a sheiceáil do shochar fiaclóireachta agus optúil
- Teacht ar fholúntais phoist ar láithreán gréasáin JobsIreland
Cuireann cuntas níos sláine nó cuntas deimhnithe teacht ar fáil duit ar réimse níos fairsinge seirbhísí poiblí, cosúil le
- An acmhainn iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána
- Iarratas a dhéanamh ar dheontas SUSI do mhac léinn
- Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cúram Leanaí Náisiúnta
- Iarratas a dhéanamh ar an scéim Buníocaíochta ón Roinn Talmhaíochta
- Deimhniú imréitigh cánach a iarraidh ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Teacht ar shonraí faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ranníocaíochtaí ÁSPC ar líne
Ceadaíonn an cuntas deimhnithe don duine freisin iarratas a dhéanamh ar réimse scéimeanna agus íocaíochtaí Coimirce Sóisialaí, cosúil le híocaíochtaí Cuardaitheora Poist agus Breoiteachta gan bheith ort cuairt a thabhairt ar Ionad Intreo ná iarratas a sheoladh tríd an bpost.