English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bailiúchán ranníocaíochtaí do Mo Chiste don Todhchaí athsceidealaithe go dtí an 1 Eanáir 2026

  • Tá bailiúchán ranníocaíochtaí do Mo Chiste don Todhchaí le tosú ar an 1 Eanáir 2026.
  • Ailíníonn an cinneadh an dáta tosaithe leis an mbliain chánach.
  • Ligeann am breise do chórais phárolla agus oibríochtúla iad féin a chur in eagar.
  • Tá os cionn 800,000 fostaí le tosú ag sábháil dá scor.

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go dtosófar ag bailiú ranníocaíochtaí don chóras coigiltis scoir Uathchláraithe, ar a dtugtar Mo Chiste don Todhchaí, ón 1 Eanáir 2026. Bhí sé beartaithe roimhe seo tús a chur le ranníocaíochtaí ón 30 Meán Fómhair 2025.

Leag an tAire amach roinnt cúiseanna lena chinneadh, ina measc:

  • Ailíniú an chórais nua leis an mbliain chánach chaighdeánach;
  • Am breise do sholáthraithe párolla, go háirithe soláthraithe atá níos lú, chun a gcórais a ullmhú don seoladh; agus
  • Am breise ag an tús d’fhostóirí, go háirithe gnólachtaí beaga agus micreaghnólachtaí, chun a chinntiú gur féidir leo cloí leis an reachtaíocht ón tús.

Ag labhairt faoi inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Creidim go n-athróidh Mo Chiste don Todhchaí an chaoi a sábhálfaidh daoine airgead dá scor. Is polasaí suntasach é seo, agus ní mór gach cúram a ghlacadh lena chinntiú go ndéanfar é ar an mbealach a oirfidh is fearr do na geallsealbhóirí go léir agus a aithneoidh aon imní, a bhfuil údar leis, a bheidh curtha in iúl.

“Cabhróidh Mo Chiste don Todhchaí leis na céadta mílte oibrithe díograiseacha in Éirinn airgead a chur i leataobh dá saol tar éis na hoibre. Tá sé tábhachtach go gcuirfimid tús ceart leis agus go dtabharfaimid na geallsealbhóirí uile in éineacht linn. Is é an cinneadh ceart bailiú na ranníocaíochtaí a chur siar ar feadh tréimhse ghearr ama, agus aitheantas á thabhairt do phointí a ardófar tríd an obair chomhairliúcháin fhairsing leanúnach de réir mar a bheidh na córais oibríochtúla agus phárolla á dtógáil.”

Buntáiste amháin a bhaineann le bailiú ranníocaíochtaí a thosú ar an 1 Eanáir 2026 ná go dtabharfar Mo Chiste don Todhchaí isteach ag an am céanna leis an ngnáthbhliain chánach. Cuireann sé pointe tagartha nádúrtha in aigne na bhfostóirí agus na bhfostaithe araon, a bheidh ábhartha d’imeachtaí amach anseo i Mo Chiste don Todhchaí amhail méaduithe ar ranníocaíochtaí.

Leis sin, ciallaíonn an cinneadh seo go mbeidh soláthraithe párolla in ann aon nuashonrú ar bhogearraí a ghlacadh isteach ina ngnáthsceideal bliantúil oibre. Áirítear leis sin aon athrú a ghlacadh isteach a d’fhéadfadh teacht chun cinn as Buiséad 2026 an fhómhar seo. Dá bhrí sin, ní bheidh ar fhostóirí a gcórais phárolla a nuashonrú ach uair amháin, rud a laghdóidh an méid obair riaracháin a bheidh orthu a dhéanamh. Tá sé seo ag teacht le príomhphrionsabal de Mo Chiste don Todhchaí, is é sin gur cheart an t-ualach riaracháin a bhaineann leis an gcóras nua seo a choinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí.

Dúirt an tAire Calleary freisin:

“Is beart fíorstairiúil é Mo Chiste don Todhchaí do Stát na hÉireann, a chinnteoidh go mbeidh níos mó compoird ó thaobh airgeadais de ag daoine agus iad ar scor. Ní bhíonn aon am ceart ann choíche chun a leithéid de scéim a sheoladh, ach glacadh gach cúram maidir leis an tslí ar ceapadh í chun a chinntiú go gcoimeádfar an t-ualach ar fhostóirí, idir riaracháin agus airgeadais, chomh híseal agus is féidir. Beidh na rátaí ranníocaíochta á dtabhairt isteach de réir a chéile thar deich mbliana tar éis an tseolta chun a chinntiú gur féidir na costais saothair sin a iompar.

“Ar bhonn fadtéarmach, beidh Mo Chiste don Todhchaí ina chlaochlú do gheilleagar na hÉireann, mar go mbeidh beirt as gach triúr dár bhfostaithe san earnáil phríobháideach nach bhfuil aon phinsean forlíontach acu faoi láthair in ann saoirse airgeadais agus sláinte saoil níos fearr a thapú.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Cad a chiallaíonn sé seo d’fhostóirí

Tosóidh bailiú ranníocaíochtaí agus clárú do Mo Chiste don Todhchaí anois ón 1 Eanáir 2026 seachas ón 30 Meán Fómhair 2025. Ciallaíonn sé sin nach n-iarrfar ná nach mbaileofar aon ranníocaíochtaí go dtí an chéad uair a rithfidh fostóir párolla tar éis an dáta sin. Mar thoradh air sin, tá trí mhí bhreise tugtha d’fhostóirí agus dá soláthraithe párolla chun ullmhú don chóras.

Ní bheidh aon tionchar aige sin ar an obair chun incháilitheacht a chinneadh, a bheidh ar siúl roimh an dáta sin. Tríd sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go mbeidh na chéad rannpháirtithe i Mo Chiste don Todhchaí cláraithe ón 1 Eanáir 2026. Ba cheart d’fhostóirí buiséad a dhéanamh don teagmhas sin agus ba cheart dóibh a chinntiú go mbeidh siad in ann tosú ag íoc ranníocaíochtaí a luaithe a gheobhaidh siad fógra ón Údarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir Uathchláraithe (NAERSA).

Cad a chiallaíonn sé seo don obair leanúnach

Tá an obair ag leanúint ar aghaidh ar fhorbairt, comhtháthú agus tástáil na gcóras bunúsach a úsáidfear chun Mo Chiste don Todhchaí a riar.

Leanfaidh an Roinn lena rannpháirtíocht leis an gCumann Forbróirí Bogearraí Párolla (PSDA) chun a chinntiú go mbíonn forbróirí bogearraí párolla láneolach ar na sonraíochtaí teicniúla a theastaíonn uathu chun Mo Chiste don Todhchaí a chur ar fáil ar a n-ardáin.

Leanfar, gan mhoill, le ceapachán na mbainisteoirí infheistíochta tríd an bpróiseas tairisceana atá ar siúl.

Leanfar leis an obair chun baill foirne agus baill an Bhoird araon a earcú do NAERSA, agus táthar ag súil leis go bhfógrófar na poist i mí na Bealtaine.

Leanfar de bheith ag cur an straitéis chumarsáide trí chéim i bhfeidhm i gcomhréir le forbairtí móra. Tá tuilleadh acmhainní cumarsáide ar fáil ar gov.ie - Clárú uathoibríoch (www.gov.ie) chomh maith le físeáin mínithe Clárú uathoibríoch mínithe - YouTube.

I measc phríomhghnéithe na scéime tá: -

1) Feidhmiú de Réir a Chéile

  • Déanfar gach fostaí nach bhfuil i scéim pinsin ceirde cheana féin, idir 23 agus 60 bliain d’aois agus a thuilleann os cionn €20,000 thar a gcuid fostaíochta go léir, a uathrollú.
  • Agus na chéad chlárúcháin le tarlú ag tús na bliana seo chugainn, déanfar Mo Chiste don Todhchaí a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse deich mbliana, agus ranníocaíochtaí fostóra agus fostaithe ag tosú ag 1.5%, agus ag méadú gach trí bliana faoi 1.5% go dtí go sroichfidh siad 6% faoi dheireadh faoi Bhliain 10 (2035). Leis an gcéimniú seasta sin, tabharfar am d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon dul i dtaithí ar an gcóras nua.

2) Tacaíochtaí Coigiltis

  • Déanfaidh fostóirí ranníocaíochtaí a mheaitseáil leis na ranníocaíochtaí sin a bheidh déanta ag fostaithe. Aithníonn sé sin an luach a ghnóthóidh fostóirí trí sheasmhacht bhreise a bheith ag a bhfostaithe le linn dóibh a bheith ar scor agus cabhraíonn sé le fostaithe leis an gcostas a bhaineann le carnadh coigiltis pinsin.
  • Leis sin, cuirfidh an Stát €1 leis na ranníocaíochtaí as gach €3 a bheidh sábháilte ag an bhfostaí. Tiocfaidh sé sin sa bhreis ar an luach €3 a bheidh curtha isteach ag an bhfostóir freisin.
  • Ciallaíonn sé sin, in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh fostaí, go gcuirfidh a f(h)ostóir €4 sa bhreis ina p(h)ota coigiltis scoir – is é sin le rá go méadóidh gach ranníocaíocht €3 ó fhostaí go €7 go huathoibríoch sula n-infheisteofar é.
  • Spreagfaidh na ranníocaíochtaí fostóra agus Stáit sin daoine chun fanacht i Mo Chiste don Todhchaí agus laghdófar an costas a bhaineann le coigilteas le haghaidh scoir do dhaoine aonair.
  • Cuirfear deireadh le ranníocaíochtaí ón gcéad phárolla eile tar éis do thuilleamh comhlán iomlán an fhostaí dul thar €80,000.

3) Rogha

  • Beidh an córas deonach ach oibreoidh sé ar bhonn ‘rogha gan a bheith páirteach’ seachas ‘rogha a bheith páirteach’.
  • Déanfar fostaithe incháilithe a rollú go huathoibríoch/‘a roghnú a bheith páirteach’, ach, tar éis rannpháirtíochta ar feadh sé mhí, beidh an rogha acu gan a bheith páirteach a thuilleadh nó a rannpháirtíocht a chur ar fionraí.
  • Beidh rogha de thrí straitéis coigiltis scoir ag fostaithe, agus próifílí éagsúla riosca/toraidh ina measc sin.
  • I gcás nach ndéanann an fostaí rogha ar leith, cuirfear straitéis réamhshocraithe ar fáil de réir próifíl infheistíochta ‘stíle maireachtála’/‘saolré’, mar a thugtar uirthi.

4) Simplíocht

  • Tá costais agus ualaí riaracháin le coinneáil chomh híseal agus is féidir d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon trí bhunú NAERSA chun an córas a riar.
  • Ní bheidh ar fhostóirí infheistíocht a dhéanamh i mbunú ná soláthar scéime ceirde le haghaidh a ngnólachta féin. Ní bheidh orthu ach asbhaintí párolla a éascú agus an méid ranníocaíochta is infheidhme a aistriú.
  • Rud atá tábhachtach, ní bheidh ar dhaoine a bhogfaidh ó phost amháin go post eile scéim pinsin a athrú nó dul isteach i scéim nua. Fanfaidh siad ina mbaill de Mo Chiste don Todhchaí ar bhonn ‘leanann an ciste an duine’. Ina theannta sin, daoine a bhfuil níos mó na post amháin acu, déanfar a gcoigilteas pinsin a chomhdhlúthú i ‘bpota pinsin’ amháin.
  • Soláthrófar seirbhísí agus tacófar leo trí chainéal ar líne atá éasca le húsáid ina bhfeicfidh na rannpháirtithe a gcuid cistí coigiltis ag fás go tapa agus go substaintiúil.