Cuireann an tAire Humphreys agus an tAire Joe O’Brien fáilte roimh fhoilsiú mheastóireacht chomhpháirteach an ECFE, an Choimisiún Eorpaigh agus na Roinne Coimirce Sóisialaí ar Fhostaíocht Pobail agus Tús
- Foilsithe: 13 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir An tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Forbairt Pobail, Joe O’Brien, fáilte inniu roimh fhoilsiú ‘Connecting People with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair’, meastóireacht tionchair de chláir na hÉireann do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
Leagtar amach sa thuarascáil chomhpháirteach idir an ECFE, Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiún Eorpaigh agus an Roinn Coimirce Sóisialaí an tionchar dearfach atá ag an Fostaíocht Pobail (FP) agus Tús ar ionchais fostaíochta daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
Leis an tuarascáil ar an meastóireacht tionchair, déantar cainníochtú don difríocht a dhéanann rannpháirtíocht an FP nó Tús ar thorthaí do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. I gcomparáid le daoine den chineál céanna nach raibh rannpháirteach sna cláir seo, laistigh de trí nó ceithre bliana i ndiaidh rannpháirtíochta, bíonn meántuilleamh bliantúil níos airde ag na rannpháirtithe agus fostaítear iad ar feadh níos mó seachtainí. Is lú dóchúlachta freisin go mbeidh rannpháirtithe ar an mBeochlár nó go mbeidh íocaíochtaí leasa sóisialaigh eile á fháil acu.
Chuir an tAire Humphreys fáilte roimh an tuarascáil agus dúirt sí:
Is dul chun cinn tábhachtach é foilsiú ‘Connecting People with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair, chun bonn fianaise a fhorbairt d’iarrachtaí na hÉireann cúnaimh a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach dul i mbun oibre. Is mór an t-ugach é go fionntar sa tuarascáil go bhfuil tionchar dearfach ag an dá chlár (Tús agus FP) ar thorthaí fostaíochta.
“Aithnímid an dochar a dhéanann dífhostaíocht fadtéarmach agus aithnímid an tairbhe a thugann scéimeanna ar nós Fostaíocht Pobail agus Tús do phobail áitiúla. Cuireann an tuarascáil seo fianaise láidir in iúl den tionchar dearfach atá ag na scéimeanna seo ar rannpháirtithe agus ar bhealach suntasach, cén cohóirt de dhaoine in a bhaintear an tairbhe is mó as na scéimeanna seo.”
Agus í ag trácht ar na torthaí, dúirt an tAire Humphreys:
“Is dea-scéal é an fianaise seo den tionchar dearfach atá ag dhá cheann de na scéimeanna is mó i mo Roinn féin. Tá thart ar 23,000 duine ar scéimeanna an FP gach bliain, le thart ar 7,000 rannpháirtí in aghaidh na bliana ó 2011 i leith. Leithdháileadh níos mó ná €440 milliún le haghaidh na scéimeanna seo i 2024.”
Dúirt an tAire Stáit in a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Forbairt Pobail, Joe O’Brien:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an EFCE agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiún Eorpaigh as a bheith ag obair leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an tuarascáil seo, a insíonn dúinn faoin gcaoi a n-éiríonn le daoine tar éis a bheith rannpháirteach san Fhostaíocht Pobail nó Tús. Is dea-scéal é go gcuireann na torthaí in iúl an dul chun cinn suntasach ar ionchais fostaíochta daoine mar thoradh rannpháirtíochta.
“Mar Aire a bhfuil freagracht ar leith agam i leith Forbairt Pobail, tá áthas orm go bhfuil iniúchadh cuimsitheach agus mionchúiseach ar céard is féidir leis na scéimeanna seo a bhaint amach do rannpháirtithe.”
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag oe.cd/ireland-almp-2024.
Táirgeadh an tuarascáil seo mar chuid den tionscadal “Treoirstaidéir ar mheastóireacht tionchair ar mhargadh saothair agus beartais shóisialta trí úsáid sonraí riaracháin agus suirbhé nasctha” atá cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach (Ard Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin Eorpaigh) (VS-2020-0 368).
Nótaí d’Eagarthóirí
Cúlra an tionscadail:
Tá an tuarascáil seo mar an tríú cheann déag de shraith ar thuarascálacha na tíre ar bheartais chun daoine a nascadh le poist níos fearr. Tionscnaíodh é faoi chuimsiú thionscadal an ECFE leis an gCoimisiún Eorpach, chun cabhrú le tíortha cailíocht na sonraí a bhailítear a fheabhsú agus a n-úsáid sa mheastóireacht ar thorthaí agus ar éifeachtacht na cláir mhargaidh saothair. Tá Stiúrthóireacht ECFE um Fhostaíocht, Saothar agus Gnóthaí Sóisialta (ELS), Ard Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin Eorpaigh, agus Lárionad Inniúlachta um Meastóireacht Mhicreacnamaíoch in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh ag obair le chéile ar thionscadail cúig bliana, a thacaíonn ceapadh beartais ar bhonn fianaise i réimse an mhargaidh saothair agus na mbeartais shóisialta. Tá dhá aidhm ag an tionscadal chun éifeachtacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a fheabhsú bunaithe ar thorthaí na meastóireachtaí tionchair fríthfhíorasacha agus chun cumas na dtíortha i leith ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise a neartú.
Déantar cur síos ar an tionscadal EFCE-FP ar bhealach níos mionsonraithe anseo.
Leagann an tionscadail seo béim ar éacht Gealltanas 78 de straitéis náisiúnta seirbhísí fostaíochta an Rialtais, Straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 a bhaint amach, a gheallann ‘Anailís fhoirmiúil ar thionchair an chláir a chur i bhfeidhm, le tacaíocht ó Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair, ag tosú in 2021 le hanailís ar an Scéim Fostaíochta Pobail
Príomhthorthaí:
- Scrúdaítear san anailís freisin ar an gcaoi a ndéanann FP agus Tús difear ar ghrúpaí daonra éagsúla. Cuireann sé in iúl go mbíonn tionchar dearfach ag an dá chlár ar thuilleamh ó fhostaíocht san fhadtéarma.
- Maidir le FP, scrúdaítear torthaí fostaíochta agus ionchuimsiú sóisialta; Maidir le Tús, scrúdaítear torthaí fostaíochta.
- Tá torthaí éagsúla thar foghrúpaí difriúla de rannpháirtithe. Tá torthaí na n-éifeachtaí FP ar thorthaí an mhargaidh saothair níos fearr go ginearálta le haghaidh rannpháirtithe idir 30-50 bliain d’aois.
- Dealraíonn sé go mbaineann Cuardaitheoirí Poist atá gar don aois scoir, tairbhe amach ó na héifeachtaí ionchuimsiú sóisialta de FP.
- Nuair a ghlactar páirt i FP, tá éifeacht dearfach atá láithreach agus leanúnach ar dhaoine atá ag fáil Liúntas Míchumais. Bliain amháin tar éis tús a chur le FP, tá an méid daoine a éilíonn Liúntas Míchumais níos ísle i measc rannpháirtithe FP le taobh an grúpa comparáide.
- Tá tionchar Tús beagán níos éagsúla, sa chaoi go bhfuair mná treisiú níos mó in a tuilleamh i gcomparáid le fir. Thuill na mná in a bhfuil Tús críochnaithe acu €1,300 níos mó sa 3ú bliain, agus ag an am céanna, thuill na fir sa chás céanna díreach faoi €1,000 níos mó ná fir den chineál céanna nach raibh ag glacadh páirt i dTús.
- Nuair a dhéantar anailís ar aoisghrúpa leathan, bíonn an treisiú is mó bainte amach ag an gcohórt is óige (faoi 30 bliain) lena dtuilleamh i ndiaidh páirt a ghlacadh i dTús. Sa 4ú bliain tar éis tús a chur le Tús, chonaic iad siúd sa chohórt is óige (faoi 30 bliain) méadú de €1,600 i dtuilleamh ó fhostaíocht, ach chonaic daoine sa chohórt 30–50 bliain d’aois méadú de €1,300. Níor raibh ach méadú de €1,000 i dtuilleamh rannpháirtithe a bhí níos sine ná 50 bliain d’aois.
- Déanann an tuarascáil anailís ar na gnáthchonairí aonair ar fud na mBeartas Gníomhach maidir leis an Margadh Saothair roghnaithe agus stáit margaidh saothair, an t-am atá caite i dtrí choinníoll – FP, Tús, agus incháilitheacht na dá scéim – agus an seans atá ann chun bogadh go stáit eile, ag cur na róil atá ag saintréithe aonair san áireamh.
- Cuireann an anailís in iúl go bhfaigheann 16% de dhuine aonair fostaithe gan páirt a ghlacadh in aon scéim tacaíochta riamh, fiú tar éis tréimhsí dífhostaíochta fadréiseacha.
Déanann an tuarascáil ‘Connecting Ireland with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair’ 26 moladh faoi na ceannteidil seo a leanas:
- Bascaed an Bheartais Ghníomhach maidir leis an Margadh Saothair a athchothromú agus dea-chleachtais a shainaithint.
- Sainmhíniú cuí a thabhairt ar chuspóirí le haghaidh FP agus sonraí riachtanacha a bhailiú chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh i gcomparáid lena chuspóirí.
- Barr feabhais a chur ar naisc idir socrúcháin FP agus iompar cuardach poist leanúnach.
- Níos mó solúbthachta in uaireanta oibre FP a mheas, na cineál socrúchán agus oiliúint.
- Ailíniú a chinntiú de shocrúcháin FP le riachtanais an mhargaidh saothair.
- Lean ar aghaidh le múnla roghnúcháin Tús agus oiriúnaithe a mheas de bharr torthaí na meastóireachta.
- Bailiú sonraí agus is féidir dul chun cinn a dhéanamh ar stóráil chun anailís beartais a éascú.