English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Humphreys síneadh le Sochar Breoiteachta Breisithe go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, inniu gur cheadaigh an Rialtas an síneadh atá le cur le Sochar Breoiteachta Breisithe ó dheireadh mhí an Mheithimh go deireadh Mheán Fómhair 2022.,

Tugadh isteach é ag tús na paindéime mar íocaíocht d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe ar dhiagnóisigh lia-chleachtóir go bhfuil Covid-19 orthu nó gur foinse dhóchúil ionfhabhtaithe iad, agus íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ar ráta seachtainiúil €350 agus íoctar é ón gcéad lá breoiteachta.

Go dtí seo, tá deimhniú leighis faighte ag breis agus 516,433 duine chun íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le COVID-19 a fháil. Is é an méid iomlán a íocadh faoin tacaíocht seo go dtí seo €313.54 billiún.

Tá deimhniú leighis faighte ag 4,546 duine chun íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le COVID-19 a fháil sa tseachtain ó Dé hAoine, an 10 Meitheamh 2022 go Déardaoin, an 16 Meitheamh 2022.

Amhail ar maidin, tá an íocaíocht á fáil ag 3,911 duine.

Shín an tAire Humphreys an tréimhse ina raibh Sochar Breoiteachta Breisithe le cur ar fáil ó Fheabhra 2022 go deireadh Mheithimh 2022.

Agus an síneadh breise á fhógairt aici go dtí deireadh Mheán Fómhair, dúirt an tAire Humphreys:

“Aithnítear gur tacaíocht thábhachtach é Sochar Breoiteachta Breisithe do na mílte fostaí agus duine féinfhostaithe ó thús na paindéime.

“Bhí an íocaíocht seo, a íoctar ar ráta níos airde ná Sochar Breoiteachta caighdeánach, le críochnú i dtosach i bhFeabhra na bliana seo agus shín mé é go deireadh na míosa seo agus tá síneadh curtha agam leis anois go dtí deireadh Mheán Fómhair 2022.

“Mar gheall go bhfuil méadú tagtha faoi láthair ar an líon daoine a ndiagnóisítear go bhfuil COVID-19 orthu inár bpobail, is mian le mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus mé féin a chinntiú go leanann an tacaíocht airgeadais seo de bheith ar fáil do na hoibrithe seo, sa chás go dtagann an víreas orthu.

“D’impeoinn ar dhuine ar bith a dtagann víreas Covid-19 orthu nó a bhfuil comharthaí orthu féinaonrú láithreach.

“Is é an bealach is simplí iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.”