Déanfar íocaíocht bhreise Liúntas Breosla €100 an tseachtain seo – an tAire Humphreys
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go n-íocfar an íocaíocht bhreise Liúntas Breosla an tseachtain seo, dar tús an 16 Bealtaine.
Ar an iomlán, bainfidh breis agus 371,000 teaghlach tairbhe as an íocaíocht €100. Is ionann seo agus breis agus Liúntas Breosla 3 seachtaine do na teaghlaigh seo.
D’fhaomh an Rialtas an íocaíocht chnapshuime bhreise €100 atá le híoc le gach teaghlach a raibh an Liúntas Breosla á fháil acu ón Roinn Coimirce Sóisialaí i seachtain dheireanach an tséasúir Liúntas Breosla, arbh é sin an tseachtain dar tús an 4 Aibreán 2022.
Is ionann costas iomlán na híocaíochta breise agus €37.1 milliún, a íoctar amach as an Státchiste.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tuigeann an Rialtas go maith an tionchar a imríonn costais fuinnimh atá ag dul in airde ar theaghlaigh fud fad na tíre. Sin an fáth go bhfuil an tacaíocht bhreise seo á soláthar againn inniu.
“Is eol dúinn gurb ábhar mór buartha é an costas maireachtála do dhaoine, go háirithe ár ndaoine aosta agus na daoine is leochailí. Is eol dom go maolóidh an tacaíocht bhreise seo buarthaí go leor teaghlach a dhéileálann leis na costais ardaithe seo ar theaghlaigh.
“Mar gheall ar an méadú €5 ar an íocaíocht sheachtainiúil a tugadh isteach mar chuid den Bhuiséad i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite agus ar an íocaíocht chnapshuime €125 a soláthraíodh níos luaithe i mbliana, anuas ar an íocaíocht bhreise €100, tiocfaidh méadú 55%, ar an iomlán, ar thacaíocht Liúntas Breosla i rith an tséasúir Liúntas Breosla is déanaí, i gcomparáid leis an séasúr deireanach."
Dúirt an tAire freisin go bhféadfadh daoine a d’fhéadfadh bheith ag brath ar íocaíocht leasa shóisialaigh gach seachtain nó a d’fhéadfadh bheith ag oibriú agus ísealioncaim á bhfáil acu, cáiliú d’íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúla nó Phráinneacha chun cabhrú le híoc as a riachtanais téimh.
“Is mian liom a mheabhrú do dhaoine freisin a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu agus daoine atá ag oibriú agus ísealioncam á fháil acu, gur féidir Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla agus Phráinneacha a dhéanamh, faoi scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh mo Roinne, le cabhrú leo íoc as costas bunriachtanach aonuaire nach féidir leo a íoc as a n-acmhainní féin agus is féidir costais téimh eisceachtúla a áireamh leis seo.”
Íocfar an Íocaíocht Liúntas Breosla €100 go huathoibríoch an tseachtain seo. Ní gá cur isteach ar an íocaíocht. Íocfar é anuas ar an gCreidmheas Leictreachais €100, a d’fhógair an Rialtas níos luaithe i mbliana.
Críoch