Deimhníonn an tAire Humphreys go bhfuil Scéim um Chúnamh Daonnúil na roinne ar fáil do theaghlaigh ar chuir an pléascadh in An Craoslach, Co. Dhún na nGall isteach orthu
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá cead faighte ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, ón rialtas inniu chun síneadh a chur leis an Scéim um Chúnamh Daonnúil, ar bhonn eisceachtúil, chun cúnamh agus tacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i réadmhaoin a bhfuil tionchar díreach ag an bpléascadh tragóideach a tharla in An Craoslach i nDún na Gall orthu.
De ghnáth, gníomhachtaítear an Scéim um Chúnamh Daonnúil, a bhfuil an Roinn Coimirce Sóisialaí freagrach aisti, chun cabhrú le teaghlaigh a raibh tionchar ag tuilte orthu i ndiaidh teagmhas adhaimsire.
Tuigeann an tAire go n-éilíonn an teagmhas tragóideach seo gníomh comhbhách agus práinneach ón Rialtas:
“Chuaigh na himeachtaí tragóideacha a tharla in An Craoslach, agus cás an phobail, isteach go mór orainn ar fad. Fiafraíodh dínn ar leibhéal áitiúil rochtain a thabhairt do theaghlaigh atá lonnaithe ar láithreán an phléasctha ar an Scéim um Chúnamh Daonnúil.
“Trí shíneadh a chur leis an scéim, cinnteofar go bhfuil an oiread solúbthachta agus is féidir ag mo roinn chun tacaíocht a sholáthar áit ar gá, go tapa agus go héifeachtach, rud is mian linn ar fad a dhéanamh.”
Tá Oifigigh Leasa Pobail ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag obair le gníomhaireachtaí rialtais eile in An Craoslach d'fhonn a chinntiú go bhfuil rochtain ag teaghlaigh a ndearna an pléascadh damáiste dá n-áiteanna cónaithe ar thacaíocht.
Nótaí
Cheadaigh an Rialtas an Scéim um Chúnamh Daonnúil i mí na Samhna 2009. Is é an aidhm atá leis cruatan a chosc trí thacaíocht airgeadais atá tástáilte ó thaobh acmhainne de a chur ar fáil do dhaoine a ndearna tuilte agus teagmhais adhaimsire damáiste dá dtithe agus daoine nach bhfuil ar a gcumas íoc as na costais a bhaineann le deisiúchán riachtanach, earraí tí agus deisiúchán struchtúrtha. Tá ciste luach €10 milliún curtha ar fáil chun na críche seo.
Nuair a bhítear ag déileáil le teagmhais éigeandála, go ginearálta, baineann an roinn tairbhe as cur chuige trí chéim:
- Soláthraíonn Céim 1 íocaíochtaí tacaíochta ioncaim éigeandála (bia/éadaí/earraí pearsanta) díreach i ndiaidh an teagmhais
- I rith Chéim 2 cuirtear earraí bána ar fáil, troscán bunúsach agus earraí tí riachtanacha eile
- I rith Chéim 3 sainaithnítear an tacaíocht airgeadais atá ag teastáil ar bhonn fadtéarmach, lena n-áirítear plástráil, tirimlíneáil, athleagan urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil
Braitheann na leibhéil íocaíochta faoin scéim ar an gcineál damáiste atá déanta agus ar chumas an teaghlaigh na costais seo a íoc, agus cinntítear go gcuirtear an maoiniú ar fáil áit a dteastaíonn sé.
Tá an tástáil acmhainne do Chúnamh Daonnúil níos flaithiúla ná an cúnamh a chuirtear ar fáil d'íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh go ginearálta. Is é prionsabal bunúsach na tástála ioncaim go mbeidh daoine agus teaghlaigh a bhfuil meánleibhéil ioncaim acu cáilithe chun cúnamh a fháil, lena n-áirítear daoine nach bhfuil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh á bhfáil acu.
Ní chlúdaíonn an scéim rioscaí a chlúdaíonn polasaithe árachais ná caillteanas gnó nó tráchtála.
Más gá, is féidir leis an tSeirbhís Leasa Pobail tacaíocht a chur ar fáil do riachtanais bhunúsacha eile freisin, is féidir Íocaíochtaí Riachtanas Breise a chur ar fáil chun cabhrú le costais sochraide mar shampla.