English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Humphreys go mbeidh Rátaí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) i bhfeidhm go dtí an 31 Márta

Tá breis is €5 Bhilliún íoctha trí PUP ó fógraíodh an Phaindéim i mí Márta seo caite

Tá meabhrúchán eisithe ag an Aire Humphreys gur féidir le hiontrálaithe nua iarratas a dhéanamh ar PUP fós

Is é an bealach is Tapa agus is Éasca chun iarratas a dhéanamh ar PUP tríd an suíomh gréasáin MyWelfare.ie

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go mbeidh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) ar fáil ag na rátaí reatha go dtí an 31 Márta.

Cheadaigh an Rialtas togra an Aire Humphreys tráthnóna inniu.

Chomh maith leis sin, inniu mheabhraigh an tAire Humphreys d’aon oibrí a chailleann post mar gheall ar an bPaindéim go mbeidh an Roinn Coimirce Sóisialaí sásta tacú leis/léi.

Is féidir le hiontrálaithe nua iarratas a dhéanamh ar PUP agus tá an íocaíocht á híoc ag ceithre ráta - €203, €250, €300 agus €350. Tá an ráta a íoctar nasctha le do thuilleamh roimhe seo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys i ndiaidh chruinniú Comh-aireachta an lae inniu:

“Ó thús na Paindéime seo, tá tréaniarracht déanta ag an Rialtas i gcónaí daoine a chaill a bpost, gan aon locht a bheith orthu féin, a chosaint.

“Cúis áthais dom a fhógairt gur cheadaigh an Rialtas mo thogra inniu, is é sin Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a íoc ag na rátaí reatha íocaíochta go dtí an 31 Márta 2021.

“Cabhróidh an tsoiléire seo le himní agus buairt gan ghá a sheachaint i gcás na n-oibrithe sin a raibh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu cheana féin agus i gcás na n-oibrithe sin a mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar PUP mar thoradh ar na srianta is déanaí a fógraíodh inniu.

“Nuair a cuireadh tús le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime i mí Márta seo caite, bhí sé beartaithe go mbeadh sé ar fáil ar feadh tréimhse 12 sheachtain.

“Mar is eol dúinn ar fad mhair tionchar an víris i bhfad níos faide ná mar a bhí súil againn leis in Éirinn agus ar fud an domhain.

“Ciallaíonn an cinneadh atá déanta ag an Rialtas inniu go gcuirfear síneadh le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ag na rátaí reatha íocaíochta go dtí deireadh mhí Mhárta 2021, breis is bliain i ndiaidh bhunú na híocaíochta.

“Tá breis is €5 Bhilliún caite ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime go dtí seo. Cé gur suim mhór airgid é seo rinneadh an cinneadh ceart lena chinntiú go raibh foinse ioncaim ag na céadta mílte daoine i rith tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach don tír trí chéile.

“Mar is gnách, is mian liom a mheabhrú do dhaoine go bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar fáil chun tacú le daoine a gcailleann a bpost. Is féidir iarratais nua a dhéanamh agus is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin www.MyWelfare.ie.”

An tseachtain seo, eisíodh íocaíochtaí PUP luach €99 milliún do 335,600 duine.

Tá luach breis is €5 bhilliún luaite leis na híocaíochtaí PUP atá eisithe go dtí seo ó cuireadh tús leis an íocaíocht i mí Márta anuraidh.

Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Tá an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar fáil d’oibrithe agus do dhaoine dífhostaithe a bhfuil víreas Covid-19 orthu. Íoctar an íocaíocht sna himthosca seo a leanas sa chás go bhfuil an duine idir 18 agus 66 bliain d’aois agus nach bhfuil ar a c(h)umas a bheith ag obair agus atá:

1. diagnóisithe le COVID-19, nó

2. ag féin-aonrú mar gur foinse dhóchúil ionfhabhtaithe COVID-19 é/í.

Beidh teastas dochtúra faighte ag a leithéid seo de dhaoine óna ndochtúir, nó beidh teagmháil déanta ag FSS leo (tá siad sainaitheanta mar thoradh ar rianú teagmhálaithe nó tá siad sainaitheanta ar shlí éigin eile agus tá curtha in iúl ag FSS dóibh gur foinse dhóchúil ionfhabhtaithe é/í).

Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe ar líne trí www.MyWelfare.ie.

Chun iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo níl ag teastáil ó dhuine ach cuntas bunúsach MyGovID. Tá na sonraí ar fad le fáil here.

Críoch.


Nótaí do na hEagarthóirí

Tá 4 ráta PUP á n-íoc faoi láthair le héifeacht ón 16 Deireadh Fómhair 2020:

Rátaí Tuilleamh roimhe seo Ráta PUP Faighteoirí amhail ar an 5 Eanáir
1 Faoi €200 €203 Ráta Cuardaitheora Poist 64,105 (19.1%)
2 €200 agus €299.99 €250 59,591 (17.8%)
3 €300 agus €399.99 €300 60,402 (18.0%)
4 €400 nó níos mó €350 151,501 (45.1%)