Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Doherty roimh an titim leanúnach ar an líon daoine ar an mBeochlár

Déardaoin, 5 Nollaig, 2019

D’fháiltigh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., roimh na figiúirí Beochláir is déanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh. Ar bhonn coigeartaithe go séasúrach, thaifead an Beochlár iomlán laghdú míosuil de 2,300 i Samhain 2019, ag tabhairt an t-iomlán coigeartaithe go séasúrach go 186,400. Is é seo an líon is ísle a taifeadadh sa tsraith atá coigeartaithe go séasúrach ó Eanáir 2008. Is é an t-iomlán neamh-choigeartaithe do mhí na Samhna 2019 ná 177,554, an líon is ísle ó Nollaig 2007 i leith.

Dúirt an tAire Doherty

“Fáiltím roimh an titim i líon na ndaoine ar an mBeochlár i Samhain 2019 go 177,554, a léiríonn laghdú bliain i ndiaidh bliana de 9.5%, sin laghdú de 23.9% ó Shamhain 2017, agus titim mí ar mhí de 1.6% i gcomparáid le Deireadh Fómhair 2019. Tá an Beochlár iomlán ó Shamhain 2019 síos 2,905 ón mí roimhe sin agus fanann sé níos isle ná mar a bhí sé ó Nollaig 2007.

“Fáiltím freisin roimh an titim i líon na ndaoine faoi bhun 25 ar an mBeochlár go 18,362, is é sin an dara mí as a chéile gurb é an líon is ísle ar an taifead, i measc figiúirí a théann siar go 1980. Is é líon na bhfear faoi bhun 25 an líon is ísle ar an taifead freisin agus is é líon na mban atá faoi bhun 25 an líon is ísle ar an taifead ó Bhealtaine 1980.

“Is é líon na ndaoine os cionn 25 atá ar an mBeochlár ná 159,192, arb é an líon is ísle ó Bhealtaine 2008. Cé go léiríonn na staitisticí seo na hiarrachtaí atá déanta ag an Rialtas seo maidir le réimse tacaíochtaí a sholáthar do ghnóanna, daoine féinfhostaithe agus daoine as obair, nílimid bogásach agus leanafaimid orainn ag obair go dlúth le fostóirí agus le cuardaitheoirí poist chun an deis a thabhairt dóibh chun poist a chruthú agus obair a aimsiú.”

Is féidir rochtain a fháil ar na sonraí iomlána ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh anseo

Críoch.

Sonraí Teagmhála na Preasoifige

R-phost: press.office@welfare.ie

Teil: 01 704 3082

Twitter: @welfare_ie

Instagram

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat