Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Joe O’Brien roimh Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta

  • Maoiniú curtha ar fáil do 16 thionscadal chun feasacht ar an lá a ardú

Chuir an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Cuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, fáilte inniu roimh Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta.

Is é téama do 2022 ná ‘Urraim a léiriú do Dhínit na Daonnachta go léir: Deireadh a chur le Bochtaineacht Sheasmhach’.

Chun an lá a chomóradh, cheadaigh an tAire O’Brien maoiniú le déanaí do 16 thionscnamh chun feasacht a mhúscailt ar Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta.

Clúdaíonn na hiarratasóirí rathúla speictream leathan lena n-áirítear grúpaí pobail áitiúla, carthanachtaí agus grúpaí a dhéanann ionadaíochta ar chohórt ar leith ar fud na hÉireann. Tá leaganacha éagsúla maidir leis na tionscadail, lena n-áirítear ceardlanna, taispeántais ealaíne pobail, físeáin fógraíochta agus grianghraif.

Tugadh cuireadh d’eagraíochtaí agus grúpaí frithbhochtaineachta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, suas le huasmhéid EUR 3,000 in aghaidh an iarratasóra, chun gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a eagrú chun an lá a chur chun cinn.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O’Brien:

“Is meabhrú tábhachtach é Lá na Náisiún Aontaithe do Dhíothú na Bochtaineachta go bhfuil go leor daoine fós, go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, ag maireachtáil i mbochtaineacht. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do lucht eagraithe imeacht an lae inniu agus do na grúpaí a d’eagraigh imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun aird a tharraingt ar an lá tábhachtach seo.

“Mar Aire Stáit atá freagrach as cuimsiú sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí, tá suim mhór agam dul i ngleic le gach cineál bochtaineachta.

“Tá an sprioc uaillmhianach ag an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta, a bhfuil freagracht orm ina leith, leibhéal na bochtaineachta comhsheasmhaí a laghdú go 2% nó níos lú faoi 2025. Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta againn le blianta beaga anuas i dtreo na sprice sin, tá sé riachtanach móiminteam agus fócas a choinneáil ar fud an rialtais agus na sochaí chun an sprioc sin a bhaint amach.”

Nótaí

Tionscnaimh chistiúcháin na Roinne Coimirce Sóisialaí i leith Lá NA,

Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí deontais ar fáil gach bliain, suas go dtí an uasmhéid de EUR 3,000 in aghaidh an tionscadail, do thograí a bhaineann le Lá na Náisiún Aontaithe agus is é an téama sonrach a bhaineann leis ná ‘Urraim a léiriú ar Dhínit gach Daonnachta: Deireadh a chur le Bochtaineacht Sheasmhach’.

Cuirtear maoiniú ar fáil do thionscnaimh aonuaire a bhfuil fócas náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ag baint leo agus a bhfuil sé d’aidhm acu:

  • feasacht an phobail a chruthú maidir le Lá na Náisiún Aontaithe do Dhíothú na Bochtaineachta;
  • feasacht an phobail ar an mbochtaineacht in Éirinn a chruthú;
  • daoine atá i mbaol bochtaineachta nó atá thíos leis an mbochtaineacht a bheith i gceist; agus
  • dlúthpháirtíocht a chur in iúl leis an gcomhrac chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar fud an domhain

Déantar réimse leathan gníomhaíochtaí, nó meascán gníomhaíochtaí, a mheas le haghaidh maoinithe.

Bhí an próiseas iarratais ar siúl ón 22 Iúil — 19 Lúnasa agus tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais, ceadaíodh maoiniú do 16 thionscadal ar leith. Tá liosta iomlán de na tionscadail cheadaithe, agus an áit a bhfuil siad, leagtha amach thíos:

Iarratasóir Suíomh an tionscadail
All Together in Dignity (ATD) Fourth World – Ireland Ltd. Baile Átha Cliath
Carthanacht Leanaí Barnados Baile Átha Cliath/Luimneach
Ionad Bhaile Bhlainséir do Mhaireachtáil Neamhspleách Baile Átha Cliath
Oideachas Citywise Baile Átha Cliath
Cónaidhm Mhíchumais na hÉireann Baile Átha Cliath
Doras Buí Baile Átha Cliath
Coiste 17 Deireadh Fómhair Éireannach Baile Átha Cliath
Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own Sligeach
Ionad Acmhainne Teaghlaigh Lus na Gréine Longfort
Gluaiseacht Lucht Siúil Uíbh Fhailí Uíbh Fhailí
Tionscadal SAOL Baile Átha Cliath
Cumann Forbartha Pobail na Lárchathrach Theas Baile Átha Cliath
Ionad Acmhainne Teaghlaigh Naomh Micheál Baile Átha Cliath
Ionad Acmhainne Teaghlaigh Thulach Mhór Uíbh Fhailí
Ionad Acmhainne Teaghlaigh Chathair na Mart Maigh Eo
Scoil Scairte Yola & Ionad Teaghlaigh Loch Garman

Treochlár don Chuimsiú Sóisialta

Is straitéis uile-rialtais é an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 chun “bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú agus chun Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is ionchuimsithí go sóisialta san AE.” Sa Treochlár aistrítear an uaillmhian seo isteach ina 7 Sprioc, agus 66 gealltanas uathúil (gníomhartha) mar bhonn taca leo a dtabharfar futha chun cabhrú leis na spriocanna a sheachadadh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat