Fógraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí maoiniú €1.2 milliún do 8 dtogra chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh
- Foilsithe: 5 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá an €1.2 milliún de Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin ag tacú le cúramóirí teacht ar fhostaíocht, oideachas agus oiliúint.
- Cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do 8 dtogra náisiúnta agus áitiúil a dhéanfaidh na céadta cúramóir teaghlaigh ar fud na tíre, a chumasú.
Inniu, d’fhógair an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuil maoiniú ar fáil do 8 dtogra náisiúnta agus áitiúil faoi thionscnamh chun tacú le deiseanna fostaíochta Cúramóirí Teaghlaigh agus iad a chur chun cinn.
Leagfaidh an tionscnamh, atá faoin Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2024, béim faoi leith ar chúramóirí teaghlaigh a chumasú filleadh arís ar, nó fanacht i bhfostaíocht ar íocaíocht, in oideachas agus oiliúint ach réimse idirghabhála atá spriocdhírithe a chuir ar fáil. Anuas air sin, cuirfidh na tograí comhbhéim ar an gcaoi a théitear i ngleic le folláine mhothúchánach, fhisiciúil agus meabhairshláinte na gcúramóirí lena mbaineann.
D’éirigh le 8 dtogra maoiniú a bhaint amach faoin mbeart seo, tar éis phróiseas measúnaithe a chuir Pobal ar fáil, agus cuireadh maoiniú arbh fhiú €1.2 milliún é ar fáil dóibh.
Tá na tograí seo ceaptha chun ár gCúramóirí Teaghlaigh a chumasú agus chun tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá riachtanach do chúramóirí chun filleadh ar an obair agus ar oideachas.
Cuirfear i gcrích leis na tograí seo, réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear, forbairt scileanna gairme trí dheiseanna socrúcháin, ullmhúchán CV, ceardlanna TF agus gairmthreoir. Bunófar caidreamh le fostóirí agus institiúidí oideachais faoi na tograí seo chomh maith, chun aird a dhíriú ar riachtanais chúramóirí agus beartas atá oiriúnach ó thaobh na gairme a chuir chun cinn.
Déanfar an 8 dtogra a n-éireoidh leo faoin dtionscnamh seo a riar ó mhí Eanáir 2025 go dtí deireadh mhí na Nollag 2026. Tá an beart á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Liosta na 8 dTogra Maoinithe
| Eagraíocht | Gníomhaíocht | Méid € a Cuireadh ar fáil |
| €250,000 | ||
ar íocaíocht ach idirghabhálacha spriocdhírithe a chuir ar fáil a bhfuil sé i gceist leo tacú le 1,356 duine aonair. Ar na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil, beidh Comhairleoireacht, oiliúint maidir le neartú muiníne, iniúchadh gairme, scileanna inaistrithe, cuardach poist ar líne agus deiseanna oideachais a aimsiú, ullmhú CV, scileanna agallaimh, próifílí meán sóisialta agus úsáid teicneolaíochta cliste. Féachann sé freisin le láithreacha oibre a sheasfaidh an aimsir do chúramóirí teaghlaigh ach cláir spriocdhírithe tacaíochta foghlama praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear beartais agus cleachtais a thacaíonn le cúramóirí a chur i bhfeidhm trí Chlár na bhFostóirí Cúraim.| €249,840|
| €100,000 | ||
| €100,000 | ||
| €100,000 | ||
| €68,660.00 | ||
| €250,000 | ||
| €99,035.00 |
Pobal
Is eagraíocht sheachbhrabúsach idirmheánach é Pobal a bhainistíonn roinnt cláir mhaoinithe ar son Rialtas na hÉireann agus an AE.
Maoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine
Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, mar aon leis An tAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat do riaradh cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaí a athcheangal lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais agus i ndáil leis sin, ceanglaítear ar na comhlachtaí sin bearta a ghlacadh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Chun na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe neamhéilithe a úsáid chun an úsáid is fearr a bhaint as, tugadh isteach leis an reachtaíocht freisin scéim chun cistí a eisíoc nach dócha go n-aisghabhfar iad ó chuntais dhíomhaoine agus ó bheartais neamhéilithe chun críocha bearta chun cabhrú le:
- forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
- forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
- daoine faoi mhíchumas.