English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys agus an tAire McGrath dátaí na n-íocaíochtaí cnapshuime costais maireachtála

  • 8 n-íocaíocht chnapshuime dar luach iomlán €1.2 billiún chun cabhrú leis an gcostas maireachtála
  • íocaíochtaí chun tacú le teaghlaigh, pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
  • íocaíocht dhúbailte an fhómhair le híoc ón Luan seo chugainn; 1.4 milliún duine le tairbhe a bhaint aisti
  • íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh i leith 1.2 milliún leanbh an 1 Samhain
  • €500 Deontas Tacaíochta Míchumais agus íocaíocht chnapshuime €500 do chúramóirí le híoc an mhí seo chugainn

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, inniu na dátaí íocaíochta do na tacaíochtaí €1.2 billiún a tugadh isteach mar chuid de Bhuiséad na míosa seo caite.

Cuideoidh an buiséad Cosanta Sóisialta – an ceann is mó i stair an Stáit - le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh a bhfuil costas maireachtála orthu trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

I measc na n-íocaíochtaí cnapshuime a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad tá:

  • íocaíocht dhúbáilte Sochair Linbh an 1 Samhain, a thacóidh le 639,000 teaghlach i leith 1.2 milliún leanbh
  • íocaíocht dhúbailte an fhómhair an tseachtain seo chugainn, ag dul chun tairbhe 1.4 milliún duine
  • íocfar Deontas Tacaíochta Míchumais €500 an mhí seo chugainn le daoine faoi mhíchumas
  • daingnithe freisin mar chuid den Bhuiséad bhí íocaíocht cnapshuime Liúntas Breosla de €400. Íocfar é seo an tseachtain dar tús an 14 Samhain le 370,000 teaghlach.
  • le linn na seachtaine céanna, íocfar cnapshuim €500 Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht 44,000 teaghlach
  • beidh íocaíocht chnapshuime €200 ann freisin leis an 234,000 duine a fhaigheann Liúntas Maireachtála Aonair
  • cuirfear Deontas Tacaíochta Cúramóra €500 ar fáil do chúramóirí na tíre le linn na seachtaine dar tús an 21 Samhain
  • íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag an tseachtain dar tosach an 5 Nollaig

Ag fógairt na sonraí inniu, dúirt an tAire Humphreys agus an tAire McGrath go bhfuil na híocaíochtaí cnapshuime ceaptha chun cabhrú le teaghlaigh agus le daoine aonair ar fud an Stáit leis an gcostas maireachtála.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine faoi bhrú i láthair na huaire. Tá méadú tagtha ar chostas siopadóireacht na seachtaine agus tá billí fóntais ag ardú.

“Is mian leis an Rialtas cabhrú agus is é sin an fáth go bhfuil an pacáiste seo de 8 n-íocaíocht cnapshuime nach bhfacthas riamh roimhe seo á thabhairt ar aghaidh againn a eiseofar chuig níos mó ná 1.5 milliún teaghlach idir seo agus an Nollaig. Tacóidh na híocaíochtaí seo ar fiú os cionn €1.2 billiún iad lenár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh sna míonna amach romhainn.

“Tá an sceideal íocaíochta atá á fhógairt agam inniu deartha chun cinnteacht agus suaimhneas intinne a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidh a fhios acu go díreach cathain a dhéanfar na híocaíochtaí breise seo leo.

“Is ionann Buiséad 2023 agus an pacáiste buiséid cosanta sóisialta is mó i stair an Stáit. Tá an cumasc d'íocaíochtaí cnapshuime chun tacú le daoine i rith an gheimhridh mar aon leis na méaduithe is mó ar rátaí seachtainiúla le blianta fada ceaptha chun cabhrú lenár saoránaigh tríd an gcostas reatha maireachtála atá os ár gcomhair."

Dúirt an tAire McGrath:

“Áiríodh i mBuiséad 2023 pacáiste an-chuimsitheach beart atá le cur i bhfeidhm thar an gcuid eile de 2022 agus go luath sa bhliain seo chugainn chun cabhrú le teaghlaigh, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta déileáil leis an gcostas méadaithe maireachtála.

“Ar cheann de na prionsabail a bhí mar bhonn agus mar thaca ag leagan amach an Bhuiséid bhí an gá le bearta a chur san áireamh a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm go tapa agus a dhéanfadh difear suntasach do theaghlaigh agus do líonta tí lena n-eisíocaíochtaí.

“Tá córas cosanta sóisialta atá dea-fhorbartha agus éifeachtach againn in Éirinn agus táimid ag baint úsáide as an gcóras sin anois chun airgead a chur isteach i bpócaí daoine sna seachtainí amach romhainn. Tá áthas orm go bhfuilimid in ann na sonraí íocaíochta a dheimhniú inniu.

“Chomh maith leis an tseachtain leasa dhúbailte, tá a fhios againn gur bealaí an-éifeachtach iad íocaíochtaí speisialta costais mhaireachtála an Liúntais Bhreosla, an Liúntais Mhaireachtála Aonair agus an tSochair Linbh chun cabhair a dhíriú orthu siúd is mó atá i ngátar. Tá an-áthas orm freisin go bhfuilimid ag cur íocaíochtaí breise suntasacha ar fáil do theaghlaigh atá ag obair, do chúramóirí agus do dhaoine atá faoi mhíchumas."

Tá na dátaí íocaíochta do gach ceann de na Tacaíochtaí Cnapshuime leagtha amach thíos:

Beart Bhuiséad 2023 Dáta íocaíochta date Líon na bhfaighteoirí
Íocaíocht dhúbailte costas maireachtála an fhómhair Seachtain dar tosach an 17 Deireadh Fómhair 2022 1.4 milliún
ÍocaíochtDhúbailte Sochair Linbh 1 Samhain 2022 639,000 teaghlach i leith 1.2 milliún leanbh
Cnapshuim Liúntas Breosla €400 Seachtain dar tosach an 14 Samhain 2022 371,000
Íocaíocht €200 le daoine a bhfuil Liúntas Maireachtála Aonair á fháil acu Seachtain dar tosach an 14 Samhain 2022 234,000
Íocaíocht €500 as costas maireachtála dóibh siúd a bhfuil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht á fáil acu Seachtain dar tosach an 14 Samhain 2022 44,000
€500 Deontas Tacaíochta Míchumais do dhaoine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine á fháil acu Seachtain dar tosach an 14 Samhain 2022 216,000
Deontas Tacaíochta Cúramóra €500 Seachtain dar tosach an 21 Samhain 2022 132,000

Ina theannta sin, dheimhnigh an tAire Humphreys agus an tAire McGrath go n-íocfar íocaíocht bhliantúil Bhónas na Nollag dhúbailte an tseachtain dar tosach an 5 Nollaig.

Chomh maith leis an tsraith d'íocaíochtaí cnapshuime, dhaingnigh an tAire Humphreys leathnú mór ar an scéim Liúntas Breosla – faoina dtacófar le suas le 81,000 teaghlach nua lena gcostas breosla den chéad uair - agus méaduithe leasa ar bhonn uilechoiteann de €12 in aghaidh na seachtaine. Tiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm in Eanáir 2023.