Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfaighidh 1.4 milliún duine Íocaíocht Dhúbailte an Fhómhair an tseachtain seo
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 23 Samhain 2022
- Íocaíochtaí breise dar luach EUR 316 milliún san iomlán le n-íoc an tseachtain seo
- An chéad cheann de 8 n-íocaíocht chnapshuime chun cabhrú le Costas Maireachtála
- Rachaidh sé chun tairbhe os cionn 1.4 milliún duine, lena n-áirítear pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go n-íocfar Íocaíocht Dhúbailte an Fhómhair le breis agus 1.4 milliún duine an tseachtain seo.
Is í Íocaíocht Dúbailte an Fhómhair an chéad cheann de 8 n-íocaíocht chnapshuime ar fiú EUR 1.2 billiún iad chun cabhrú le Costas Maireachtála.
Fógraíodh na híocaíochtaí cnapshuime mar chuid de Bhuiséad Cosanta Sóisialta na míosa seo caite.
Cabhróidh an buiséad um Chosaint Shóisialta — an buiséad is mó i stair an Stáit — le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh a bhfuil Costas Maireachtála acu trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.
Ag fógairt Íocaíocht Dhúbailte an Fhómhair, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá tionchar ag na brúnna costais maireachtála ar shaol daoine ar fud na tíre seo.
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá sé mar thosaíocht agam tacú leis na daoine is mó atá thíos leis, leis an gcostas maireachtála.
“Sin go díreach an fáth go bhfuil an chéad cheann d’ocht n-íocaíocht chnapshuime á bhfógairt agam idir seo agus an Nollaig.
“Beidh siad seo chomh tábhachtach sin ó thaobh tacaíocht a thabhairt dár bpinsinéirí, dár gcúramóirí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do theaghlaigh atá ag obair.
“Tacóidh íocaíocht dhúbailte na seachtaine seo le 1.4 milliún duine ar fud an Stáit.
“Agus ina dhiaidh sin beidh tuilleadh tacaíochtaí ann an mhí seo chugainn, lena n-áirítear íocaíocht chnapshuime EUR 400 dóibh siúd a fhaigheann an Liúntas Breosla agus íocaíocht chnapshuime EUR 200 dóibh siúd a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair.
“Déanfar íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh i mí na Samhna, chomh maith le híocaíocht EUR 500 dóibh siúd atá ag fáil an Deontais Tacaíochta Cúramóra, agus íocaíocht EUR 500 do dhaoine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu.
“Chomh maith leis an tsraith íocaíochtaí cnapshuime, bhí an-áthas orm leathnú mór ar an Scéim Liúntais Bhreosla a chinntiú freisin — rud a fhágfaidh go mbeidh tacaíocht á thabhairt do suas le 81,000 teaghlach nua, lena gcostas breosla den chéad uair, chomh maith le méaduithe uilechoiteanna de EUR 12 sa tseachtain. Tiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2023.”