Fógraíonn an tAire Humphreys gur foilsíodh Eolas Staitistiúil ar an Tuarascáil Bhliantúil Leasa Shóisialaigh 2020
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Caitheadh €30.6 billiún ar íocaíochtaí Coimirce Sóisialaí in 2020, ar méadú 46% é seo i gcomparáid le 2019
Caitheadh 30% de chaiteachas ginearálta an Rialtais ar Choimirce Shóisialach in 2020
Caitheadh €9 billiún ar thacaíochtaí a bhaineann le paindéim Covid-19
Fuair breis agus 1.2 milliún duine ar a laghad íocaíocht amháin ó ÍDP, an SFSP agus an SFPF, agus ba é an mheáníocaíocht €7,200
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D. inniu gur foilsíodh Eolas Staitistiúil ar an Tuarascáil Bhliantúil Leasa Shóisialaigh 2020.
Leagtar amach sa tuarascáil seo sonraí a bhaineann le caiteachas, faighteoirí agus tairbhithe na scéimeanna a riarann an Roinn – an scéim a tugadh isteach san áireamh mar chuid d’fhreagairt éigeandála an Rialtais do Phaindéim Covid-19 – i mbliain ar leith nach ligfear i ndearmad.
I measc na sonraí a chuirtear ar fáil, tá miondealuithe ar scéimeanna de réir aoise, inscne agus contae, agus treochtaí deich mbliana maidir le caiteachas agus an líonta faighteoirí agus tairbhithe.
Taispeántar an méid seo a leanas sna staitisticí a chuimsítear sa Tuarascáil:
- B’ionann caiteachas Coimirce Sóisialaí agus beagnach 9den of OTI in 2020, ar méadú é seo aníos ó 6% in 2019;
- Thug na scéimeanna ÍDP, an SFSP nó an SFPF tacaíocht do bhreis agus 1.2 milliún duine ar feadh ar a laghad seachtain amháin;
- Fuair beagnach 70,000 faighteoir íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Bhreisithe, ar chostas €57 milliún;
- B’ionann caiteachas ar scéimeanna an Chiste Árachais Shóisialaigh agus ar riarachán agus €14.1 billiún, ar méadú €4.1billion (40.6%) é seo i gcomparáid le 2019;
- Ba é an caitheamh iomlán ar Thacaíochtaí Ioncaim in Aois Oibre €8.3 billiún in 2020, ar méadú breis agus €5 billiún (156%) é seo aníos ón mbliain roimhe sin. B’ionann Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus beagnach 60% den chaiteachas seo. Cuireadh méadú ar ó thaobh caiteachais agus faighteoirí araon in 2020 i gcuntas do Liúntas Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist;
- B’ionann íocaíochtaí a bhain le leanaí agus €2.6 billiún in 2020, agus ba ar Shochar Linbh a caitheadh €2.1 billiún den chaiteachas seo. Íocadh Sochar Linbh le 633,000 teaghlach i dtaca le 1.2 milliún leanbh in 2020.
Chuir an tAire Humphreys fáilte roimh an tuarascáil, agus dúirt sí:
Léirítear sa tuarascáil seo an ról ar leith a ghlac mo Roinn i dtaobh tacaíocht ioncaim a sholáthar don oireadh sin daoine i rith bliain a bhí thar a bheith deacair.
Eisíodh luach €9 billiún de chaiteachas a bhain le Covid-19 i rith 2020 do 1.2 milliún duine – a léiríonn cé chomh mór a bhí an tasc a raibh ar an Rialtas tabhairt faoi.
Cé gur chinntigh an obair dhian a bhain leis na híocaíochtaí éigeandála uile seo a phróiseáil go ndearnadh íocaíochtaí go pras, lean gnáthobair laethúil mo Roinne ar na scéimeanna eile go léir ar aghaidh mar ba ghnách.
Cuirtear léargas luachmhar ar fáil sa tuarascáil seo ar go leor de na scéimeanna seo, Pinsin, Tacaíochtaí Ioncaim Leanaí agus íocaíochtaí Breoiteachta agus Míchumais san áireamh.
Cuirtear sonraí ar fáil sa tuarascáil freisin ar scála thionchar Covid-19 ar an ngeilleagar in Éirinn. Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim tiomanta do chabhrú le daoine filleadh ar an obair, nó tabhairt faoi athoiliúint agus uasoiliúint mura bhfuil an post a bhí acu roimhe sin ar fáil dóibh a thuilleadh."
Is féidir féachaint ar an Eolas Staitistiúil ar an Tuarascáil Bhliantúil Leasa Shóisialaigh 2020 anseo.
CRÍOCH
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184
Nótaí don Eagarthóir
Seo thíos na hAguisíní maidir le Staitisticí Forlíontacha agus Tacaíochtaí Covid-19.