Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys sonraí an chéad Bhónais Eanáir riamh

  • 1.3 milliún duine a bheidh Íocaíocht Cnapshuime Dhúbailte á fáil acu an tseachtain seo
  • Pacáiste €342 milliúin chun tacú lenár bpinsinéirí, lenár gcúramóirí, lenár ndaoine faoi mhíchumas, lenár dtuismitheoirí aonair agus lenár dteaghlaigh ar ioncam íseal
  • Is é an Bónas Eanáir an naoú híocaíocht cnapshuime atá urraithe faoi Bhuiséad 2024
  • An tAire Humphreys: Is éard atá i gceist leis seo ná tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus níos mó airgid a chur ar ais i bhur bpóca

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD inniu, sonraí an Bhónais Eanáir, a thacóidh le 1.3 milliún duine leis an gCostas Maireachtála.

Le linn na seachtaine seo, eiseofar Íocaíocht Cnapshuime Dúbailte go leithéidí dár bpinsinéirí, dár gcúramóirí, dár ndaoine faoi míchumas, dár dtuismitheoirí aonair agus dár dteaghlaigh ar ioncam íseal.

Is é an Bónas Eanáir an naoú híocaíocht cnapshuime a urraíodh faoin Bhuiséad 2024.

Íocfar é ar an mbonn céanna le Bónas na Nollag agus beidh na méaduithe ar an gcroí-ráta seachtainiúil a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana san áireamh.

Ag fógairt na sonraí den íocaíocht dúbailte inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Le dhá bhliain go leith anuas, tá an Rialtas seo i ndiaidh tacaíochtaí airgeadais nach bhfacthas riamh a chur i bhfeidhm chun cabhrú le teaghlaigh deileáil leis an gcostas maireachtála.

“Agus tá áthas orm an tseachtain seo, go leanfaidh na tacaíochtaí seo ar aghaidh leis an mBónas Eanáir.

“Dá bharr sin, gheobhaidh 1.3 milliún duine íocaíocht cnapshuime dúbailte mar thacaíocht in aghaidh na seachtaine - ár bpinsinéirí, ár gcúramóirí, ár ndaoine faoi mhíchumas, ár dtuismitheoirí aonair agus ár dteaghlaigh ar ioncam íseal, san áireamh.

“Is éard atá i gceist leis seo ná níos mó airgid a chur ar ais i bhur póca agus ag aithint go bhfuil teaghlaigh faoi bhrú ó thaobh airgid de, i ndiaidh tréimhse na Nollag go háirithe.”

Bhí an pacáiste Coimirce Sóisialaí i mBuiséad 2024 an pacáiste is mó i stair an Stáit agus chabhraigh sé le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, agus teaghlaigh leis an gCostas Maireachtála trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.

Chomh maith leis an tsraith íocaíochtaí cnapshuime, fuair an tAire Humphreys méaduithe leasa ar bhonn uilechoiteann de €12 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024, agus raon beart spriocdhírithe le teacht i bhfeidhm i rith 2024.

Tá an liosta iomlán seo de bhearta um Chosaint Shóisialta Bhuiséad 2024 ar fáil ag www.Gov.ie/DSPBudget24.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Íocann an íocaíocht dúbailte go huathoibríoch - ní gá do dhaoine iarratas a chur isteach.

Tá an liosta d'íocaíochtaí atá incháilithe den Bhónas Eanáir ar fáil anseo.

Scéim
Garbhuimhreacha de Fhaighteoirí
Pinsean Stáit Neamhranníocach
98,186
Liúntas Cuardaitheora Poist*
116,350
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
43,606
Pinsean Neamh-ranníocach Baintrí/Baintreach Fir
1,060
Liúntas Leasa Forlíontach*
3,125
Liúntas Costais Laethúla*
6,641
Cúnamh Feirme
4,299
Fostaíocht don Phobal
18,710
Scéim Shóisialta Tuaithe
2,802
Tionscnamh Post
384
TÚS
4,625
An Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
2,520
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas*
2,103
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair
2,753
Clár Socrúcháin Taithí Oibre
174
Liúntas Míchumais
158,150
Pinsean na nDall
992
Liúntas Cúramóra
92,840
Liúntas Cúraim Baile
52,125
Íocaíocht Caomhnóra (neamhranníocach)
575
Scéim Choimisiún Magdalen
694
Pinsean Stáit (Ranníocach)
510,350
Pinsean Baintrí Marthanaí, Baintrí Fir Marthanaí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
124,900
Shochair Bháis faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde
696
Sochar Banchéile Thréigthe
4,460
Sochar Cumais Pháirtigh
3,026
Pinsean Easláine
55,169
Sochar Míthreorach
13,680
Sochar Breoiteachta*
16,343
Sochar Cúramóra
3,757
Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
1,155
  • Tá tréimhse 12 mhí ar íocaíocht nó scéim leasa shóisialaigh incháilithe ag teastáil chun a bheith incháilithe don Bhónas.

Miondealú de réir an Chontae den Íocaíocht Dúbailte Eanáir:

Contae
Garbhuimhreacha de Fhaighteoirí den Íocaíocht Dúbailte Eanáir
Ceatharlach
18,559
An Cabhán
20,812
An Clár
34,644
Corcaigh
145,216
Dún na nGall
51,226
Baile Átha Cliath
317,445
Gaillimh
66,287
Ciarraí
46,717
Cill Dara
50,538
Cill Chainnigh
25,983
Laois
22,219
Liatroim
11,010
Luimneach
59,305
An Longfort
13,602
37,753
Maigh Eo
41,695
An Mhí
44,882
Muineachán
17,031
Uíbh Fhailí
23,156
Ros Comáin
20,056
Sligeach
20,559
Tiobraid Árann
50,133
Port Láirge
35,606
An Iarmhí
26,469
Loch Garman
47,871
Cill Mhantáin
38,148

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat