Fógraíonn Doherty Cistiú de €5m chun Tacú le Tionscnaíocht Fostaíochta do Dhaoine atá Caillteanas Éisteachta nó Lagú Radhairc acu

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Doherty Cistiú de €5m chun Tacú le Tionscnaíocht Fostaíochta do Dhaoine atá Caillteanas Éisteachta nó Lagú Radhairc acu

Chomh maith le sin, fógraíonn an tAire Suirbhé Cuimsitheach ar 33,000 Daoine faoi Mhíchumas mar chuid den taighde faoin gcostas an mhíchumais in Éirinn

Dé hAoine, 10 Eanáir 2020

D’fhógraigh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, T.D, Regina Doherty, gur bhain sí amach €5 mhiliúin ina dhiaidh an chruinniú Rialtais an tseachtain seo, faoin bPlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2020 le haghaidh tacaíochtaí fostaíochta a sholáthar do dhaoine le cineálacha sonracha míchumais - go háirithe iad siúd atá bodhar, a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu nó a bhfuil caillteanas radhairc orthu. Dúirt an tAire go mbeadh a Roinn ag nochtadh scéime agus ag glaoch amach le haghaidh iarratais ar mhaoiniú sna seachtainí amach romhainn.

Ag caint inniu, dúirt an tAire Doherty:

“Cé go bhfuil roinnt tacaíochtaí cuimsitheacha de réir fostaíochta agus ioncaim curtha ar fáil ar mo Roinn do na daoine le mhíchumas, ba mhaith liom níos mó a dhéanamh agus, le na 5 mhiliúin bainte amach faoin bPlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2020, is féidir linn díriú ar bhearta atá dírithe ar chúramóirí atá ag filleadh ar obair, ar chúramóirí óga agus ar thacaíochtaí fostaíochta do dhaoine le cineálacha míchumais sonraithe, is iad siúd atá bodhar, bodhraite, atá lagéisteachta, a bhfuil caillteanas radhairc acu, nó il-mhíchumas agus lagú amhairc.”

“Sna seachtainne atá romhainn, cuirfimid glao ar bhearta a éascóidh do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar fhostaíocht bhríomhar agus a bpoitéinseal féin a chomhlíonadh san ionad oibre. ”

**““Tá rátaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas i bhfad níos ísle ná an ráta don daonra i gcoitinne. De réir an Daonáireamh is déanaí, tá míchumas ag 13.5% den daonra ach, laistigh den daonra oibre, níl ach 6.5% faoi mhíchumas. Is é an ráta fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas in aois oibre ná 37% i gcomparáid le ráta 62% do dhaoine in aois oibre gan míchumas.”

“Tá sé ar fhois againn go bhfuil fonn ar dhaoine faoi mhíchumas dul amach ag obair. Cruthaíodh é seo i suirbhé 2015 mo Roinne féin ar fhaighteoirí an Liúntais Mhíchumais inar chuir 35% de na freagróirí suim in obair pháirtaimseartha, agus léirigh 8% go raibh spéis acu i bhfostaíocht lánaimseartha. Táim cinnte go ndéanfaimid níos mó chun é seo a dhéanamh agus cuidíonn cistiú an lae inniu linn é sin a dhéanamh. ”**

Úsáideann an Rialtas Ciste na gCuntas Díomhaoin chun cláir nó tionscadail a mhaoiniú a chuidíonn le daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta atá faoi mhíbhuntáiste oideachais nó daoine faoi mhíchumas.

Tá na costais a bhaineann le bearta na gCuntas Díomhaoin neodrach ón Státchiste.

Costas Taighde Míchumais

D'fhógair an tAire Doherty inniu freisin go raibh an taighde cuimsitheach ar chostas míchumais in Éirinn a fógraíodh anuraidh ag dul go dtí an dara céim. Glactar leis go gcabhróidh an taighde seo, nuair a bheidh sé críochnaithe, le eolas a thabhairt ar socruithe polasaí - ó pheirspictíocht an Rialtas ina hiomlán - maidir le bheith óiriúnach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas.

Iarrann an taighde dul i ngleic leis na ceisteanna seo a leanas:

  • Cad iad na tacaíochtaí coincheapúla a bhaineann le “costas míchumais”?
  • Bunaithe ar shonraí na hÉireann, cad is meastachán réasúnach ann ar “chostas míchumais” d'Éirinn do chúinsí éagsúla?
  • Cad iad na himpleachtaí do bheartas poiblí agus do sheachadadh seirbhíse?

Tá cur chuige ilchineálach sa taighde: suirbhé ioncaim, cur chuige ón mbarr anuas agus cur chuige tomhais díreach ón mbun aníos.

Maidir leis an dara ceann, chuir an tAire Doherty béim ar an méid seo a leanas:

“Bhí mé i gcónaí ag iarraidh go gcuimseodh an taighde seo sonraí a tarraingíodh go díreach ó thaithí daoine faoi mhíchumas. Mar chuid den rannpháirtíocht don taighde seo, eiseofar suirbhé chuig 33,000 duine a fhaigheann íocaíochtaí a bhaineann le míchumas na Roinne chun a n-ionchur a fháil san obair seo. Ina dhiaidh sin déanfar agallaimh struchtúrtha le sampla beag de dhaoine faoi mhíchumas nó lena dteaghlaigh. Tá sampla an-mhór seo ann chun a chinntiú go gcuirtear san áireamh éagsúlacht na gcostais a thabhaíonn daoine faoi mhíchumas agus tabharfaidh sé léargais luachmhara dúinn a theastaíonn uainn chun an suirbhé a chomhlánú agus chun beartais amach anseo a threorú. ”

Críochnófar an taighde níos déanaí i mbliana.

CRÍOCH

An Roinn Gnóthaí agus Coimirce Sóisialaí

Sonraí Teangmhála na Preasoifige

Ríomhphoist: press.office@welfare.ie

F: 01 704 3082

Twitter: @welfare_ie

Instagram: instagram.com/social.protection

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat