Fógraíonn na hAirí Humphreys agus O'Brien bearta breise chun tacú le rannpháirtithe Scéimeanna CE agus Tús
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Conarthaí a leathnú go dtí deireadh Dheireadh Fómhair 2021 le dul chun leasa os cionn 11,000 rannpháirtí
Éascófar na rannpháirtithe chun scéimeanna a fhágáil ar bhonn céimnithe
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, bearta breise inniu chun tacú le rannpháirtithe scéimeanna Fostaíochta Pobail (CE) agus Tús.
Faoi na bearta, déanfar conarthaí rannpháirtithe CE agus Tús a leathnú tuilleadh go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021.
Rachaidh sé chun leasa 7,000 rannpháirtí ar deonaíodh síneadh conartha dóibh ó Dheireadh Fómhair seo caite agus a raibh deireadh lena gconarthaí i mí Iúil.
Agus rachaidh an beart chun leasa do níos mó ná 4,000 rannpháirtí breise CE/Tús a mbeadh a gconarthaí ag teacht chun deiridh de ghnáth idir Iúil agus Deireadh Fómhair.
Cinnteoidh na tacaíochtaí atá á bhfógairt inniu gur féidir leis na scéimeanna tús a chur go hiomlán le seachadadh seirbhíse i bpobail áitiúla, agus tacú le rannpháirtithe a bhí dífhostaithe go fadtéarmach freisin.
Bhí drochthionchar ag srianta sláinte poiblí ar am a lán rannpháirtithe ar na scéimeanna agus tabharfaidh an síneadh is déanaí seo deiseanna breise do rannpháirtithe a dtaithí oiliúna agus socrúcháin oibre a chríochnú.
Rud atá tábhachtach, ligfidh an síneadh deiridh seo do scéimeanna CE agus Tús socrúcháin na rannpháirtithe a thabhairt i gcrích ar bhonn comhordaithe agus céimnithe.
Éascóidh sé seo freisin an méadú pleanáilte ar an ráta atreoruithe chun folúntais atá ann cheana agus nua a líonadh chun a chinntiú go leanfaidh deiseanna a bheith páirteach sna scéimeanna dóibh siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach agus is faide ón mhargadh saothair.
Ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair beidh imeacht céimnithe ag na rannpháirtithe CE agus Tús sin a bhain leas as an síneadh is déanaí seo thar roinnt míonna suas go dtí Feabhra 2022.
Le cuidiú leis an socrú idirthréimhseach seo, beidh síneadh gairid conartha ann do na rannpháirtithe CE agus Tús sin a mbeadh a gconarthaí le críochnú de ghnáth idir Samhain 2021 agus Feabhra 2022.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-tábhacht ag baint le hobair a dhéanann rannpháirtithe CE agus Tús do phobail ar fud na tíre.
“Tuigim go maith na deacrachtaí a bhí ag roinnt scéimeanna le linn Covid-19.
“Sin an fáth go bhfuilim ag soláthar na cinnteachta breise seo inniu do na mílte rannpháirtí sna míonna amach romhainn.
“Tá sé tábhachtach freisin go gcothaímid bealach an dul chun cinn trí Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta.
“Sin an fáth go mbeidh sé mar chuspóir lárnach na gclár tacú le rannpháirtithe bogadh isteach i bhfostaíocht nó oideachas rialta."
Dúirt an tAire:
“Anuraidh, mar chuid de Phacáiste le Poist a Spreagadh i mí Iúil, fuair mé ceadú do níos mó ná 3,000 áit nua breise chun tacú le scéimeanna CE agus Tús.
“Agus ár ngeilleagar ag téarnamh, beidh sé mar thosaíocht iomlán ag mo Roinn na háiteanna seo a líonadh.
“Thar na míonna amach romhainn, tá sé ar intinn agam líon na n-atreoruithe ó oifigí Intreo áitiúla chuig scéimeanna CE agus Tús a mhéadú go suntasach."
Dúirt an tAire O'Brien:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don ról tábhachtach atá ag na scéimeanna CE agus Tús maidir le deiseanna luachmhara a sholáthar do rannpháirtithe i dtacú le seachadadh príomhsheirbhísí do phobail áitiúla ar fud na tíre.
“Táim ag tnúth le bualadh le roinnt scéimeanna CE agus Tús ag cruinniú d’Fhóram CE a bunaíodh le déanaí inniu agus déanfaimid plé ar raon ábhar a bhaineann le cláir fostaíochta le tacaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
“Ní féidir moladh a dhóthain a dhéanamh faoi luach scéimeanna CE agus Tús do rannpháirtithe agus do na pobail ina bhfeidhmíonn siad.
“Sin an fáth gur leanamar orainn ag cinntiú go dtacaítear le scéimeanna agus a rannpháirtithe chun leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí, a mhéid is féidir, le linn na paindéime agus chun a chinntiú go bhfaighidh na rannpháirtithe go léir an tairbhe is mó as a gcuid ama ar an scéim.
“Ba mhaith liom arís a chur in iúl do rannpháirtithe go ndéanfar bealaí amach as na scéimeanna seo ar bhonn céimnithe chun leanúnachas ordúil seirbhísí i bpobail áitiúla a chinntiú."
Críoch.
Nótaí don Eagarthóir
Bearta tacaíochta fostaíochta agus gníomhachtaithe is ea scéimeanna CE agus Tús do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile a fhaigheann íocaíochtaí fadtéarmacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Fostaíonn na scéimeanna rannpháirtithe chun raon seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla ar fud na tíre. Ina measc sin tá bainistíocht taitneamhachtaí áitiúla, tionscadail chomhshaoil, na healaíona agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, bailte slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánaithe drugaí. Chomh maith le rannchuidiú le seachadadh seirbhísí áitiúla, forbraíonn na rannpháirtithe, trína gcuid oibre ar na scéimeanna seo, raon scileanna gairme agus taithí oibre a chabhraíonn lena n-ionchais féin maidir le fostaíocht lánaimseartha a fháil a fheabhsú.
Faoi láthair tá os cionn 19,000 duine rannpháirteach i scéimeanna CE agus os cionn 4,000 rannpháirtí ar Tús.
In 2020, d’infheistigh an Roinn Coimirce Sóisialaí €425 milliún i scéimeanna CE agus Tús.