Fógra déanta ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Rabbitte maidir le Maoiniú a sholáthar Amach Anseo do Thionscadail do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Foilsithe: 12 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Anne Rabbitte TD, go mbeidh socruithe á ndéanamh chun leanúint le seirbhísí fostaíochta a sholáthar do dhaoine óga atá faoi mhíchumas.
Cuireadh tús leis an gClár Cumais i Meitheamh 2018 agus ba é an aidhm a bhí leis an gclár deis níos fearr a thabhairt do dhaoine óga faoi mhíchumas a bheith páirteach sa mhargadh fostaíochta.
Tá maoiniú luach thart ar €16 milliún luaite leis an gClár seo thar thréimhse trí bliana.
Tá an maoiniú á sholáthar ar bhonn comhpháirteach faoi Chlár Oibríochtúil um Infhostaitheacht, Chuimsiú agus Fhoghlaim CSE 2014-2002 an Aontais Eorpaigh agus Státchiste na hÉireann.
Tá an Clár Cumais á chur ar fáil ag 27 grúpa pobail agus deonach ar fud na tíre.
De bhrí go bhfuil deireadh le teacht leis gClár trí bliana i mí Meithimh 2021, inniu d’fhógair an tAire Humphreys agus an tAire Rabbitte go bhfuil raon beart nua le cur i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú go mbeidh tacaíocht maoinithe ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas amach anseo. Fógrófar tuilleadh sonraí sna seachtainí beaga amach romhainn agus déanfaidh Pobal agus An Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil le Soláthraithe Chlár Cumais.
Níos túisce inniu, bhuail na hAirí le hionadaithe sholáthraithe Chlár Cumais chun eolas a roinnt leo maidir leis na roghanna a bheidh ann nuair a thagann deireadh leis an gClár ar an 30 Meitheamh 2021. Ar an tslí seo, cinnteofar nach mbeidh aon éiginnteacht ann amach anseo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Tá mé tiomanta do thacaíochtaí a fheabhsú agus a fhorbairt chun cabhrú le níos mó daoine faoi mhíchumas fostaíocht a aimsiú agus a bheith páirteach sa mhargadh fostaíochta. Tá obair nuálaíoch curtha i gcrích ag na soláthraithe faoin gClár Cumais agus tá difríocht shuntasach déanta i saol na rannpháirtithe óga. Is mian liom leanúint ar aghaidh leis an gcineál seo cláir ionas gur féidir le níos mó daoine óga atá faoi mhíchumas tairbhe a bhaint as na deiseanna a theastaíonn uathu chun barr a gcumais a bhaint amach. Tá mé lánsásta go bhfreastalóidh an plean atá á bhunú ar riachtanais na ndaoine óga seo agus go mbeidh na tacaíochtaí ag teacht leis an tacar tacaíochtaí fostaíochta atá á chur ar fáil cheana féin ag an Roinn Coimirce Sóisialaí do dhaoine faoi mhíchumas.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Rabbitte:
“Is den tábhacht é go mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar thacaíochtaí fostaíochta den sórt seo agus tá mé sásta go raibh an deis agam a bheith ag obair leis an Aire Humphreys chun é seo a chinntiú. Chabhraigh tionscnaimh cosúil leis an gClár Cumais le daoine trí na deiseanna fostaíochta a cuireadh ar fáil agus tá torthaí dáiríre agus follasacha tugtha faoi deara ag rannpháirtithe an Chláir. Chomh maith leis sin, beidh a leithéid sin de bhearta ag ailíniú le haidhmeanna agus le cuspóirí an Rialtais faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Duine atá faoi Mhíchumas agus cúis áthais dúinn a bheith in ann leanúint ar aghaidh leis an gclár seo, agus tá súil agam go leanfaidh an clár ag dul i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar na daoine óga atá páirteach ann.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Cuireadh tús leis na gClár Cumais i Meitheamh 2018 agus is clár réamhghníomhachtúcháin do dhaoine óga faoi mhíchumas atá ann. Tá maoiniú luach thart ar €16 milliún luaite leis an gClár seo thar thréimhse trí bliana, maoiniú atá á sholáthar i gcomhpháirt faoi Chlár Oibríochtúil um Infhostaitheacht, Chuimsiú agus Fhoghlaim CSE 2014-2002 an Aontais Eorpaigh agus Státchiste na hÉireann.
Is é an aidhm atá leis an gClár Cumais deis a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas nach bhfuil réidh fós le tabhairt faoi phost a bheith páirteach sa mhargadh fostaíochta amach anseo. Tacóidh an Cláir le hionchais fostaíochta agus róil shóisialta lánbhrí do dhaoine óga faoi mhíchumas agus, daoine óga atá scartha ón margadh fostaíochta trí úsáid a bhaint as raon tacaíochtaí duinelárnacha. Tacóidh an Clár le breis is 2,600 duine óg atá faoi mhíchumas idir 15 – 29 bliain d’aois. Beidh an Clár á reáchtáil le haghaidh 3 bliana agus cuirfear críoch leis i Meitheamh 2021. Tá an Clár á chur ar fáil ag 27 grúpa pobail agus deonach ar fud na tíre. Tá conradh bronnta ag An Roinn Coimirce Sóisialaí ar Pobal chun an Clár a bhainistiú.
Cuspóirí an Chláir
- Deis a thabhairt do dhaoine óga faoi mhíchumas nach bhfuil réidh fós le tabhairt faoi phost a bheith páirteach sa mhargadh fostaíochta amach anseo trí úsáid a bhaint as raon tacaíochtaí duinelárnacha.
- Cabhrú le daoine óga faoi mhíchumas scileanna saoil a fhorbairt a theastaíonn uathu chun páirt a ghlacadh in oideachas, oiliúint agus fostaíocht.
- Cabhrú le daoine faoi mhíchumas ag príomhphointí aistrithe idir oideachas, oiliúint agus fostaíocht.
- Tacú le daoine óga faoi mhíchumas nach bhfuil páirteach in oideachas, fostaíocht nó oiliúint deis a bheith acu chun oideachas, oiliúint agus fostaíocht a rochtain.
- An acmhainn a fhorbairt chun seirbhísí fostaíochta, soláthraithe oideachais agus oiliúna a phríomhshruthú chun tacú le daoine óga faoi mhíchumas dul chun cinn a dhéanamh.
- Acmhainn fostóirí a fhorbairt chun daoine óga faoi mhíchumas a earcú agus a choimeád páirteach sa mhargadh fostaíochta.
Tá meastóireacht láidir ar sheirbhísí riachtanach chun eispéiris agus eolas a bhailiú le haghaidh clár a bheidh á reáchtáil amach anseo. Tá meastóireacht leanúnach ar an gClár Cumais á déanamh. I rith na meastóireachta scrúdófar éifeachtacht na gcur chuige agus na ngníomhartha difriúla atá in úsáid chun deis a thabhairt do dhaoine óga faoi mhíchumas, nach bhfuil réidh fós le glacadh le post, a bheith páirteach sa mhargadh fostaíochta amach anseo mar aon le scrúdú a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag a leithéid ar rannpháirtithe. Tá an mheastóireacht á déanamh i rith thréimhse an Chláir agus cuirfear críoch leis i Meitheamh 2021. Beidh an mheastóireacht seo mar bhonn le cláir a fhorbrófar sa réimse seo amach anseo.
Pobal
Is eagraíocht sheachbhrabúsach idirghabhálaí é Pobal a bhainistíonn cláir mhaoinithe éagsúla thar ceann Rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh.
Eagraíochtaí Cumais bunaithe ar an gContae
Eagraíocht | Contae |
Ak Inspired Ability Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Chiarraí |
Blossom Ireland Community Inclusion | Co. Bhaile Átha Cliath |
An Phríomh-Chlinic Íocshláinteach, CRC | Co. Bhaile Átha Cliath |
Cill Dara Ar Aghaidh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Chill Dara |
Ceardlann Pobail Cho. Loch Garman (Ros Mhic Thriúin) Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Loch Garman |
Cope Foundation | Co. Chorcaí |
Down Syndrome Ireland | Co. Bhaile Átha Cliath |
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath | Co. Bhaile Átha Cliath |
Comhpháirtíocht Chathair Dheisceart Bhaile Átha Cliath Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Comhpháirtíocht Leader Fhine Gall Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Cuideachta Fhóram Chonamara Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. na Gaillimhe |
I.W.A. Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Ird Dhúiche Ealla Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Chorcaí |
Ionad Acmhainní Chnoc an Ráiléigh | Co. Thiobraid Árann |
Seirbhís don Aos Óg Luimnigh | Co. Luimnigh |
Comhpháirtíocht Leader Fhine Gall Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Forbairt Áitiúil Chomhtháite Uíbh Fhailí Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Uíbh Fhailí |
Fondúireacht Peter Bradley Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Forbairt Chomhtháite Ros Comáin Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Ros Comáin |
Specialisterne Ireland Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Cumann Chrónáin Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Thiobraid Árann |
Comhpháirtíocht Cheantar Bhaile Bhlainséir Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Seirbhís Réigiúnach don Aos Óg Thiobraid Árann Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Thiobraid Árann |
Cumann Bhaile Bhailcín do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Bhaile Átha Cliath |
Walkinstown Green Social Enterprises Limited | Co. Bhaile Átha Cliath |
Comhpháirtíocht Forbatha Iarthar Chorcaí Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta | Co. Chorcaí |
Forbairt Áitiúil Loch Garman | Co. Loch Garman |