English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fóram bliantúil um Chuimsiú Sóisialta na Roinne Coimirce Sóisialaí á óstáil ag an Aire Stáit Joe O’Brien

D’óstáil an tAire Joe O’Brien an Fóram um Chuimsiú Sóisialta i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath inniu. Ag an ócáid seo, tugadh le chéile lucht déanta beartas, soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí seirbhíse ó Ranna Rialtais éagsúla, daoine a bhfuil taithí dhíreach acu ar bhochtaineacht agus/nó ar eisiamh sóisialta agus na grúpaí pobail agus deonacha atá ag obair chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cuimsithe shóisialta agus atá ag obair chun tacú leo siúd lena mbaineann. Phléigh agus rinne an lucht freastail díospóireacht ar shaincheisteanna a dhírigh ar bheartais náisiúnta maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus maidir le cuimsiú sóisialta.

D’eagraigh an Roinn Coimirce Sóisialaí an Fóram i gcomhpháirtíocht le Líonra Frithbhochtaineachta na hEorpa in Éirinn agus Obair Phobail Éireann.

Dhírigh an Fóram ar sheachadadh Threochlár an Rialtais um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025. Is é téama an fhóraim i mbliana ná “Athrú a Chur i gCrích agus Uaillmhian a Bhaint Amach: Dul chun cinn maidir leis an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020 – 2025”.

Bhí ceithre cheardlann ar phríomhthéamaí Treochláir mar bhunús leis an bhFóram. Ba iad seo a leanas na príomhthéamaí sin:

  • tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas
  • tacaíocht a thabhairt do phobail,
  • deiseanna fostaíochta a mhéadú agus
  • bunriachtanais

Rinneadh iad sin le héascaitheoirí ón earnáil phobail agus dheonach, agus le cuir i láthair ó shainchleachtóirí.

Ag labhairt dó roimh an ócáid inniu, dúirt an tAire Joe O’Brien:

“Mar Aire atá freagrach as an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta, is maith liom gach deis is féidir a thapú chun dul i dteagmháil go gníomhach leo siúd a bhfuil tionchar díreach ag saincheisteanna na bochtaineachta agus/nó an eisiaimh shóisialta orthu agus leo siúd atá ag obair go dearfach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Gach bliain tugann an Fóram um Chuimsiú Sóisialta deis uathúil dúinn go léir páirt a ghlacadh i rith imeachta lae agus ar bhealach struchtúrtha lena chinntiú go mbíonn an deis ag m’oifigigh agus agam féin éisteacht le gach duine atá i láthair agus éisteacht leis an bplé ag gach ceann de na ceardlanna éagsúla. Creidim go dtugann an Fóram um Chuimsiú Sóisialta deis ríthábhachtach do lucht déanta beartas dul i ngleic le heispéiris saoil na ndaoine sin a mbíonn tionchar ag a gcuid beartas orthu agus machnamh a dhéanamh orthu.”

Ag labhairt faoin bhFóram, dúirt an tAire Heather Humphreys:

“Is imeacht tábhachtach é an Fóram um Chuimsiú Sóisialta i ndialann an Rialtais, rud a chruthaíonn rannpháirtíocht chuiditheach idir ranna rialtais, daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, agus na grúpaí san earnáil phobail agus dheonach a dhéanann ionadaíocht orthu. Táim ag tnúth le cloisteáil faoi thaithí na ndaoine a bheidh i láthair agus an tuarascáil ar an bhfóram a léamh, rud a bheidh mar bhonn eolais do cheapadh beartas amach anseo.’

Foilseofar tuarascáil ar an bhFóram agus cuirfear ar fáil í ar shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí ar Item was unpublished or removed

Nóta d’Eagarthóirí:

D’fhormheas an Rialtas an ‘Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025: Uaillmhian, Spriocanna, Tiomantais’ agus foilsíodh é i mí Eanáir 2020. Is é príomhaidhm an Treochláir “bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí ó thaobh na sochaí de san Aontas Eorpach.” Léirítear sna sonraí is déanaí ó Shuirbhé CSO ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), a foilsíodh i mí an Mhárta na bliana seo agus a bhaineann le hioncam 2022, go bhfuil an bhochtaineacht chomhsheasmhach tite ó 4.9% in SILC 2022 go 3.6% in SILC 2023. Léiríonn sé seo an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí is ísle ar taifead (deirtear go bhfuil daoine i mbochtaineacht chomhsheasmhach má tá siad i mbaol bochtaineachta agus má tá díth ábhartha orthu).

Aistríonn an Treochlár, an uaillmhian seo ina 7 Sprioc a bhfuil 81 tiomantas (gníomhartha) mar bhonn taca leo a ghlacfar chun na spriocanna sin a bhaint amach.

As an 81 tiomantas atá sa Treochlár – baineadh 50 díobh amach ina n-iomláine nó baineadh amach iad trí iad a chur i gcrích ar bhonn leanúnach. Tá na 31 tiomantas eile ar siúl.

Chuir Fóram an lae inniu spás ar fáil do thoscairí freisin chun a dtuairimí a phlé maidir leis na dúshláin atá roimh Éirinn, agus na freagairtí beartais is gá. Cuirfidh tuarascáil Fhóram an lae inniu - a scaipfear ar gach Roinn Rialtais, ar pháirtithe leasmhara éagsúla agus ar an bpobal i gcoitinne - ionchur luachmhar ar fáil toisc go gcuirtear léargais, conclúidí agus moltaí an Fhóraim san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas agus go bhfuil siad ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir.