Feabhsuithe ar an gCóras Pas Ar Líne fógartha ag an Tánaiste agus ag an Aire Coimirce Sóisialaí
-
Ó: An Roinn Coimirce Sóisialai; An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Foilsithe: 28 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2023
D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD, agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, roinnt feabhsuithe ar an gCóras Pas Ar Líne inniu.
Ceadóidh na bearta don tSeirbhís na bPasanna rochtain a fháil ar fhaisnéis atá coimeádta ag Oifig an Ard-Chláraitheora (OAC) den chéad uair. Laghdóidh sé seo an gá atá le doiciméid fhisiciúla a chur isteach in éineacht le hiarratais ar phas.
Bainfidh na bearta chun tairbhe go háirithe do thuismitheoirí mionaoiseacha sa bhaile atá ag déanamh iarratais den chéad uair.
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin:
“Tá áthas orm roinnt feabhsuithe ar an gCóras Pas Ar Líne a fhógairt inniu. Déanann breis agus 90% de shaoránaigh iarratas anois ar a bpas le ‘Pas ar Líne’, agus tiocfaidh comaoin ar an bpróiseas iarratais do shaoránaigh leis an bhfeabhsú breise seo ar an gcóras. Go háirithe, ciallaíonn an rochtain leictreonach ar thaifid an OAC- i gcás fhormhór na n-iarratas den chéad uair ar son páiste sa bhaile - nach mbeidh gá le teastas breithe fisiceach a chur isteach a thuilleadh.”
D'fháiltigh an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys an comhaontú, agus dúirt sí:
“Tá tionscadal nuálach forbartha ag mo Roinnse chun taifid d’Oifig an Ard-Chláraitheora a chur ar fáil ar líne i bhfíor-am den chéad uair. Tá áthas orm a dheimhniú inniu go gciallaíonn an tionscnamh seo go mbeidh Seirbhís na bPasanna in ann teacht ar theastais bhreithe go leictreonach, rud a bhainfidh costais agus míchaoithiúlacht do chustaiméirí.
"Is sampla iontach eile é seo de sholáthar seirbhíse Tras-Rannach ar líne atá dírithe ar an gcustaiméir arna stiúradh ag mo Roinnse a rachaidh chun sochair do líon méadaitheach na saoránach."
Ar deireadh, mheabhraigh an Tánaiste do shaoránaigh seiceáil nach bhfuil a bpasanna as dáta:
“Is bliain ghnóthach í 2023 fós do Sheirbhís na bPasanna. Agus muid ag druidim le séasúr saoire an tsamhraidh, tá sé tábhachtach go seiceálfadh saoránaigh nach bhfuil a bpasanna as dáta. Más gá duit do chéad phas a athnuachan nó iarratas a dhéanamh air, cinntigh go n-úsáideann tú Pas Ar Líne. Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla agus is costéifeachtúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas.”