English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Humphreys Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú

D’fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD Cód Cleachtais nuashonraithe inniu maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú.

Tagraíonn an téarma ‘stádas fostaíochta’ do cibé acu an aicmítear nó nach n-aicmítear oibrí mar fhostaí nó amhail bheith féinfhostaithe. Bíonn impleachtaí ag an aicmiú seo maidir leis an ráta Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC) agus cánach a bhíonn le híoc. Déanann sé difear freisin don leibhéal cosaintí leasa shóisialaigh agus cearta fostaíochta a thugtar d’oibrí.

D’fhéadfadh stádas fostaíochta a bheith ina limistéar casta, mar sin, is é cuspóir an Chóid Chleachtais na príomh-shaintréitheis a leagan amach a úsáidtear le heolas a sholáthar do chinntí a dhéantar faoi stádas fostaíochta, agus cleachtais reatha sa mhargadh saothair agus forbairtí ar reachtaíocht agus ar chásdlí á gcur san áireamh. Áirítear leis na forbairtí seo, mar shampla, foirmeacha nua d’obair cosúil le hobair ardáin agus an geilleagar gigeanna. Beartaítear go mbeidh sé ina ‘cáipéis bheo’, a leanfar lena nuashonrú le hathruithe ábhartha amach anseo a chur san áireamh.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an bhuairt chéanna orm a thug go leor tráchtairí le fios le himeacht na mblianta gur cheart fostaithe a aicmiú i gceart maidir le hárachas sóisialach, cánachas agus cearta fostaíochta. Teastaíonn uainn a chinntiú go gcosnaítear cearta agus teidlíochtaí oibrithe agus, ach go háirithe, nach ndéantar oibrithe a aicmiú go mícheart, nó go bréagach, amhail bheith féinfhostaithe.

“Céim thábhachtach agus riachtanach é foilsiú an Chóid Chleachtais nuashonraithe seo chun daoine a threorú agus a chur ar an eolas ar gá dóibh an tsaincheist chasta seo a thuiscint. Leagtar amach sa Chód an dlí, faoi mar a forbraíodh é, sna cúirteanna trí chásdlí ar feadh go leor blianta.

“Tar éis gur fhorbair an Grúpa Stádas Fostaíochta é i dtosach in 2001 faoin gClár Ratha agus Cothroime, nuashonraíodh an Cód Cleachtais in 2007. D’ullmhaigh Grúpa Oibre Idir-Roinne an nuashonrú nua seo ina raibh oifigigh ó mo Roinn, an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus na Coimisinéirí Ioncaim lena chinntiú go léirítear go cruinn ann forbairtí ar chásdlí agus ar reachtaíocht ó 2007. Chuathas i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, ar nós Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (CGFÉ) agus Chomhdháil na gCeardchumann feadh an bhealaigh fad a tugadh faoin dréachtú.

“Creidim go léireofar go gcruthaíonn an cód nuashonraithe seo tairbhe mhór do go leor daoine, fostóirí, fostaithe, conraitheoirí neamhspleách, gairmithe dlí, airgeadais agus Acmhainní Daonna, imscrúdaitheoirí reachtúla, cinnteoirí agus breithneoirí san áireamh.

“Mar a tugadh le fios roimhe seo, beartaím bonn reachtúil a chur faoin gcód seo agus tabharfaidh mé reachtaíocht chun cinn níos déanaí i mbliana.

“I dturas an ama, tá súil agam go spreagfaidh a fhoilsiú oibrithe agus fostóirí lena chinntiú go ndéantar a socruithe oibre a chatagóiriú i gceart. Tá Rannóg Scóipe mo Roinne ar fáil chun tacú le comhairle nó, go deimhin, le cinntiúchán foirmiúil i leith stádas fostaíochta a sholáthar, más gá. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag scope@welfare.ie.”

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí

Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú

Tá réimse fairsing bealaí ann in Éirinn le hoibriú agus le gnólacht a oibriú. Baineann cosaintí ar leith d’oibrithe le gach saghas, féinfhostaíocht, fostaíocht lánaimseartha, fostaíocht pháirtaimseartha, obair shealadach ghníomhaireachta agus conarthaí téarma sheasta san áireamh.

Is tábhachtach a chinntiú go ndéantar oibrithe a aicmiú i gceart ar bhealach atá mar an gcéanna leis an gcaidreamh idir an t-oibrí agus an gnólacht. Níor cheart go ndéanfadh an tsamhail ghnó a roghnaítear aon oibrí a dhíolmhú óna dteidlíochtaí cearta.

Ábhar buartha é má dhéantar oibrí a mhí-aicmiú amhail bheith féinfhostaithe nuair is fostaithe iad, i bhfírinne, de réir a dtéarmaí agus coinníollacha. Laghdaíonn mí-aicmiú an méid ranníocaíochtaí a íoctar leis an gCiste Árachais Shóisialaigh agus fágann sé oibrithe as an áireamh ó chosaintí Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC) agus cearta fostaíochta a fháil.

Is cion coiriúil é freisin faoi Alt 252 den Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 má aicmíonn fostóir duine go feasach agus go bréagach mar dhuine atá féinfhostaithe, agus is féidir pionós príosúnachta a fhaide le trí bliana a ghearradh ar chiontú.

Chun dul i ngleic le buarthaí maidir le féinfhostaíocht bhréagach, bhunaigh an Roinn foireann thiomnaithe Cigirí Leasa Shóisialaigh le himscrúdú a dhéanamh ar shocruithe fostaíochta i measc na n-earnálacha go léir. Nuair a dhéantar mí-aicmiú, caithfear ÁSPC agus cáin a íoc don tréimhse iomlán atá i gceist. Mar gheall nach bhfuil aon teorainneacha ar an méid ÁSPC nó cáin siarghabhálach a d’fhéadfadh a bheith le híoc, d’fhéadfadh na suimeanna a bhíonn le híoc a bheith substainteach.

Aithnítear sa Chód go bhfuil fíor-fhéinfhostaíocht ar bun agus an luach mór a chuireann sé leis an ngeilleagar. Tá breis agus 300,000 oibrí féinfhostaithe i ngeilleagar na hÉireann faoi láthair. Ní bheartaítear go ndéanfaidh an Cód conraitheoirí neamhspleácha a aicmiú i gcatagóir an fhostaí.