Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gheobhaidh níos mó ná 4,400 teaghlach Deontais do Naíonáin Nuabheirthe an tseachtain seo

  • Íocfar na céad Deontais do Naíonáin Nuabheirthe inniu
  • Deontas €280 iníoctha leis an gcéad mhí de Shochar Linbh
  • Gheobhaidh níos mó ná 4,400 teaghlach Deontais Linbh Nuabheirthe inniu

D’fhógair an tAire Choimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go n-íocfar an chéad íocaíocht do na Deontais do Naíonáin Nuabheirthe an tseachtain seo.

Gheobhaidh níos mó ná 4,400 teaghlach an deontas le haghaidh 4,522 leanbh.

Baineann an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe le gach leanbh a rugadh ar nó i ndiaidh 1 Nollaig 2024 agus a cháilíonn do Shochar Linbh ó bhreith. Cuireadh na tuismitheoirí ar an eolas faoin íocaíocht maidir leis an deontas nua seo.

Ó mhí an Mhárta, gheobhaidh tuismitheoirí incháilithe an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe chomh maith leis an gcéad mhí den íocaíocht Shochair Linbh.

I mbliain iomlán, meastar go n-íocfar Deontais do Naíonáin Nuabheirthe maidir le 54,000 leanbh ar chostas €15 milliún.

Agus é ag fógairt shonraí na n-íocaíochtaí, dúirt an tAire Calleary:

“Táim sásta go leathfar na céad Deontais do Naíonáin Nuabheirthe an tseachtain seo, mar a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2025.

“Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh teaghlaigh le naíonáin nuabheirthe a gcuid íocaíochtaí de na Deontais do Naíonáin Nuabheirthe inniu.

“Cabhróidh na híocaíochtaí seo le tuismitheoirí trí airgead breise a chur ina gcuid pócaí ag ócáid shuáilceach ach costasach fós.”

Íoctar an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe go huathoibríoch leis an gcéad mhí d’íocaíocht Shochair Linbh. Ní gá do thuismitheoirí a bhfuil naíonáin nuabheirthe acu cur isteach ar an deontas mar íocfar go huathoibríoch é le teaghlaigh a bhfuil naíonáin nuabheirthe a rugadh ar nó i ndiaidh 1 Nollaig 2024 acu.

Nótaí d’Eagarthóirí:

DEONTAS DO NAÍONÁIN NUABHEIRTHE

Is cuid den straitéis uile-rialtais Na Chéad 5, chun an saol a fheabhsú do naíonáin, do leanaí óga agus dá dteaghlaigh, é an Deontas do Naíonáin Nuabheirthe. Plean ar feadh deich mbliana atá ann chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil luathéispéiris dhearfacha ag leanaí agus go bhfaigheann siad tús iontach sa saol.

Tá sé mar aidhm ag an íocaíocht bhreise seo cabhrú le tuismitheoirí leis na costais a bhaineann le naíonán nuabheirthe a bheith acu, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar shainriachtanais saolta an linbh.

SOCHAR LINBH

Is íocaíocht uilíoch mhíosúil é Sochar Linbh do theaghlaigh a bhfuil leanaí faoi 16 bliana d’aois acu (nó go dtí a 19ú breithlá má tá siad in oideachas lánaimseartha, nó má tá siad faoi mhíchumas).

Íoctar Sochar Linbh ag ráta €140 in aghaidh na míosa.

Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt de gach mí. Íoctar an chéad íocaíocht an mhí tar éis breithe an linbh.

Íocfar cúpla ag 1½ oiread an ráta singil do leanbh amháin, sin €210 i leith gach linbh. Do gach ilbhreith eile, íoctar Sochar Leanaí ag dhá oiread an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh, sin €280 in aghaidh gach leanbh.

Íocfar an deontas €280 seo maidir leis na naíonáin nuabheirthe go léir. Tá sé seo de bhreis ar an ngnáthíocaíocht de €140 le haghaidh Sochar Linbh sa chéad mhí. Íocfar an íocaíocht seo maidir le thart ar 54,000 leanbh gach bliain.

Mar thoradh, sa mhí tar éis breithe a linbh beidh tuismitheoirí incháilithe do:

  • I gcás breith shingil, íocaíocht de €420 (an gnáthráta de €140 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh).
  • I gcás cúpla, íocaíocht de €980 (an gnáthráta de €210 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh).
  • I gcás trírín, íocaíocht de €1,680 (an gnáthráta de €280 an leanbh agus trí dheontas do naíonáin nuabheirthe de €280 an leanbh).

Miondealú dóibh siúd a gheobhaidh Deontais do Naíonáin Nuabheirthe in aghaidh an Chontae 11 Feabhra 2025:

Contae
Líon Teaghlach
Líon na Leanaí
An Clár
109
111
Corcaigh
673
684
An Cabhán
46
47
Ceatharlach
62
63
Dún na nGall
136
137
Baile Átha Cliath
1129
1151
Gaillimh
289
294
Cill Dara
224
226
Cill Chainnigh
68
70
Ciarraí
121
124
An Longfort
55
56
98
98
Luimneach
164
167
Liatroim
27
27
Laois
88
88
An Mhí
204
207
Muineachán
35
35
Maigh Eo
80
82
Uíbh Fhailí
79
80
Ros Comáin
44
46
Sligeach
61
62
Tiobraid Árann
158
161
Port Láirge
83
86
An Iarmhí
99
101
Cill Mhantáin
135
136
Loch Garman
181
183

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat