English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an Rialtas amach todhchaí na hÍocaíochta Dífhostaíochta Phaindéime

Tá pleananna don todhchaí don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime (PUP) ceadaithe ag an rialtas inniu.

Is iad seo a leanas na socruithe nua a comhaontaíodh don scéim PUP:

  • Dúnfaidh PUP le haghaidh iarratas nua an 22 Eanáir 2022 i gcomhréir le cinneadh an rialtais srianta a bhaint
  • le héifeacht ón 8 Márta 2022, bogfaidh aon duine atá fós ag fáil an PUP chuig ráta seachtainiúil €208. Is ionann é seo agus síneadh ceithre seachtaine ar an méid a fógraíodh roimhe seo
  • Tosóidh faighteoirí PUP ag aistriú go téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist, agus má tá siad incháilithe, bogfaidh siad chuig íocaíocht cuardaitheora poist a bheidh i bhfeidhm ó 5 Aibreán 2022

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Ba thacaíocht ríthábhachtach d’oibrithe agus dá dteaghlaigh an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime.

“Is íocaíocht ghearrthéarmach sé seachtaine a bhí i gceist ar dtús ar feadh ach tá sí breis agus dhá bhliain ar an bhfód agus breis is €9 billiún íoctha le hoibrithe.

“Ar aon dul leis an ardú forleathan ar na srianta ó amárach, tá pleananna ceadaithe ag an rialtas inniu chun an PUP a thabhairt chun críche sna míonna amach romhainn.

“Is céim thar a bheith dearfach í an cinneadh srianta a chur i leataobh ina bhfillfidh na mílte duine ar an obair sna seachtainí amach romhainn agus an tír ag dul ar ar mar a bhí.”

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil