Méaduithe nua ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh atá le teacht i bhfeidhm an tseachtain seo fógartha ag an Aire Humphreys
- Foilsithe: 1 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
An Buiséad Leasa Shóisialaigh is mó le 14 bliain anuas chun breis is €450 milliún a chur ar fáil chun íocaíochtaí seachtainiúla a fheabhsú
Méadú €5 ar phríomhrátaí, an chéad uair le 3 bliana anuas
An Liúntas Maireachtála Aonair le méadú go dtí €22 sa tseachtain; bainfidh 230,000 duine tairbhe as seo
Méadú €5 ar an bPinsean Stáit ag dul chun tairbhe pinsinéirí
Méaduithe freisin d’Aosaigh Cáilithe, Leanaí Cleithiúnacha
Clár na mBéilí Scoile á chur ar fáil do 16,000 dalta breise
Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go méadóidh gach íocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh an tseachtain seo – méaduithe a rachaidh chun tairbhe thart ar 1.3 milliún pinsinéir, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, tuismitheoirí aonair agus cuardaitheoirí poist.
Cosnóidh na méaduithe, atá á gcur ar fáil faoi Bhuiséad 2022, thart ar €450.6 milliún.
Tá uasráta seachtainiúil gach íocaíocht pinsin (do dhaoine atá 66 bliain d’aois agus níos sine) ag méadú €5 sa tseachtain agus beidh méaduithe comhréireacha i gceist d’aosaigh cháilithe agus do dhaoine a bhfuil rátaí laghdaithe íocaíochta á bhfáil acu.
Is é seo an chéad uair a bhfuil an ráta íocaíochta do phinsinéirí méadaithe ó Mhárta 2019 agus táthar ag súil go mbainfidh 775,000 duine ar fad ar fud na tíre tairbhe as an méadú seo.
Tá an Liúntas Maireachtála Aonair á mhéadú don tríú bliain as a chéile agus beidh €22 sa tseachtain á íoc feasta.
Is íocaíocht bhreise í seo a dhéantar gach seachtain le daoine atá ag maireachtáil ina n-aonar agus a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu cosúil le Pinsean Stáit, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, agus Pinsean Easláine.
Rachaidh an méadú €3 ar an ráta chun tairbhe thart ar 230,000 faighteoir ar fud na tíre.
Chomh maith leis sin, bainfidh go leor de na faighteoirí íocaíochtaí leasa shóisialaigh thuasluaite tairbhe as méadú le haghaidh cleithiúnach leanaí cáilithe, atá éifeachtach ón tseachtain seo.
Tá an ráta íocaíochta le haghaidh leanbh cáilithe suas go dtí 12 bhliain d’aois, ag méadú €2 sa tseachtain, agus tá an ráta íocaíochta ag méadú €3 le haghaidh leanaí atá 12 bhliain d’aois agus níos sine.
Ciallaíonn sé seo go mbeidh teaghlaigh áirithe ag baint tairbhe as méadú de idir €8.30 agus €9.50 sa tseachtain.
Maidir le teaghlaigh a bhfuil dhá íocaíocht phríomhúla á bhfáil acu, pinsean ranníocach mar shampla, beidh méadú de €10 ar a laghad á fháil acu.
Is é seo an cúigiú bliain as a chéile a bhfuil an ráta íocaíochta maidir le leanaí cáilithe méadaithe; rachaidh an beart seo chun tairbhe thart ar 372,000 leanbh ar fud na tíre.
Chomh maith leis sin, d’éirigh leis an Aire Humphreys a chinntiú go raibh airgead sa Bhuiséad chun Clár na mBéilí Te Scoile a leathnú, a rachaidh chun tairbhe 16,000 dalta breise.
Tiocfaidh sé seo i bhfeidhm nuair a athosclaíonn scoileanna níos déanaí an mhí seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys nuair a bhí na méaduithe ar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfógairt aici:
“Cúis áthais dom a fhógairt, ón lá inniu ar aghaidh, go bhfuil uasráta gach príomhíocaíocht sheachtainiúil leasa shóisialaigh á mhéadú.
“Rachaidh sé seo chun tairbhe na mílte teaghlach agus tí ar fud na tíre, lena n-áirítear ár gcúramóirí, pinsinéirí, baintreacha, baintreacha fir, tuismitheoirí aonair, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil íocaíochtaí cuardaitheora poist á bhfáil acu.
“Tá na bearta seo ag teacht i bhfeidhm an tseachtain seo, murab ionann agus an méid a tharla i ndáil le Buiséid eile, nuair a cuireadh na bearta i bhfeidhm níos déanaí sa bhliain.
“Is ionann iad agus na chéad mhéaduithe ginearálta ó mbliain 2019.
“Cúis áthais ar leith dom ba ea gur éirigh liom an Liúntas Maireachtála Aonair a mhéadú, a rachaidh chun tairbhe 230,000 teaghlach. Beidh an íocaíocht atá luaite leis an tacaíocht thábhachtach seo cothrom le €22 sa tseachtain anois, i gcomparáid le €9 in 2019.
“Is fiú thart ar €450.6 milliún iad na méaduithe atá á bhfógairt agam inniu agus bainfidh go leor teaghlach tairbhe astu.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire chomh maith:
“Mar chuid de Bhuiséad 2022, mhéadaigh mé na híocaíochtaí le haghaidh Leanaí Cáilithe, íocaíochtaí a bhfuil fianaise againn a chabhraíonn le bochtaineacht a laghdú.
“Chomh maith leis sin, tá na tairseacha ioncaim méadaithe agam don Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht agus chinntigh mé gur féidir le níos mó teaghlach tairbhe a bhaint as an scéim.
“Agus tá Clár na mBéilí Te Scoile, a chinntíonn go bhfaigheann daltaí béile te i lár an lae, á leathnú ón mhí seo freisin, cinneadh a rachaidh chun tairbhe 16,000 dalta breise.
“Mar Aire, tá mé ag súil le leanúint ar aghaidh leis an obair ar mhaithe le saol daoine a bhaineann tairbhe as tacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí a fheabhsú.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí – Liosta de na Príomhíocaíochtaí Seachtainiúla Leasa Shóisialaigh
- Pinsean Stáit (Ranníocach agus Neamhranníocach)
- Pinsean Ranníocach agus Neamhranníocach Baintrí/Baintrí Fir
- Sochar agus Liúntas Cúramóra
- Pinsean Easláine
- Sochar Páirtchumais
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Díobhála
- Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtála
- Sochar Atharthachta
- Sochar Tuismitheora
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Liúntas Leasa Forlíontach
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair
- Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
- Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
- Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha
- Clár Fostaíochta Pobail
- TÚS – Socrúchán Oibre Pobail
- Scéim Shóisialta Tuaithe
- Clár Socrúcháin Taithí Oibre