English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú luach €5 mhilliún curtha ar fáil ag an Aire Humphreys chun tacú le Fostaíocht, Oideachas agus Oiliúint do Dhaoine faoi Mhíchumas

Ciste nua €5m fógartha ag an Aire Humphreys ar Lá Deiridh Fhóram um Chuimsiú Sóisialta 2021

Deontas de suas le €200,000 do Ghrúpaí Pobail & Deonacha chun dlús a chur lena dTionscnaimh chun torthaí fostaíochta a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas

Inniu d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go bhfuil suas le €5 mhilliún á chur ar fáil aici i mbliana faoi Phlean Gníomhaíochta na gCuntas Díomhaoin 2021 chun tacú le tionscnaimh grúpaí deonacha agus pobail a bheidh dírithe go sonrach ar thorthaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú.

Chun tairbhe a bhaint as an maoiniú, ní mór go léireodh tionscadail na bealaí a dtacóidh siad le daoine faoi mhíchumas deiseanna fostaíochta a rochtain, a ndeiseanna forbartha gairme a fheabhsú “le linn dóibh a bheith i mbun oibre” agus a dtorthaí fostaíochta a fheabhsú trí oideachas agus oiliúint a chabhróidh lena chinntiú go bhfuil rannpháirtithe “réidh le dul ag obair”.

Breithneofar tionscadail atá deartha chun tacú le fostóirí ionchasacha deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Is féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú de suas le €200,000 faoin mbeart seo.

Táthar ag fáiltiú roimh iarratais ó eagraíochtaí ar féidir leo a léiriú go bhfuil siad “ag tacú le nó ag soláthar seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas” mar ghné shuntasach dá bpríomhchuspóir agus sainordú, agus ag an am céanna dea-theist a bheith orthu i ndáil le bheith ag obair go rathúil le Daoine faoi Mhíchumas.

Tá spéis ar leith á cur in iarratais ina léirítear prionsabail chomhpháirtíochta láidre a bheidh in ann lántairbhe a bhaint as an tionscadal. Tionscadail a léiríonn comhoibriú idir fostóirí ionchasacha, seirbhísí oiliúna agus oideachais, mar shampla. In aon iarratais a dhéanann cuibhreannas den sórt sin, ní mór go mbeadh saineolas ag an bpríomh-iarratasóir ar obair a dhéanamh le Daoine faoi Mhíchumas.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:

“Cúis áthais dom ar an lá deireanach d’Fhóram um Chuimsiú Sóisialta 2021 an Ciste nua seo luach €5 mhilliún a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le fostaíocht a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas a fhógairt. Áirítear é seo i measc ceann amháin de roinnt beart atá á soláthar ag mo Roinn chun tacú le hionchais fostaíochta daoine faoi mhíchumas.

“Bhí neart dúshlán le sárú ag go leor daoine, daoine faoi mhíchumas ina measc, le 12 mhí anuas.

“Ní mór dúinn gach iarracht agus is féidir linn a dhéanamh lena chinntiú go dtugtar deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas fostaíocht a aimsiú de bhrí gurb é seo ceann de na príomhbhealaí atá ann chun cuimsiú sóisialta a chinntiú.

“Cabhróidh an beart seo le tionscnaimh a mhaoiniú, a bhfuil sé mar aidhm leo cabhrú le daoine faoi mhíchumas scileanna a shealbhú, a bheith infhostaithe agus barr a gcumais a bhaint amach.

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí tá fianaise feicthe agam ar an méid is féidir le daoine faoi mhíchumas a bhaint amach nuair a bhíonn siad páirteach i dtimpeallacht oibre agus ar an tionchar dearfach atá aige seo orthu féin agus ar a gcomhghleacaithe oibre.

“Cruthóidh an maoiniú nua atá á cur ar fáil ag mo Roinn deis do go leor grúpaí deonacha agus pobail a machnamh a dhéanamh ar roinnt tionscadal agus roinnt tionscadal a fhorbairt a bheidh dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas ag maireachtáil inár bpobail áitiúla.”

Tá an próiseas seo á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne. Le héifeacht ó Dé Luain, an 19 Aibreán, beidh iarratasóirí in ann an fhoirm iarratais agus na treoirlínte a íoslódáil ón suíomh gréasáin www.pobal.ie. Is féidir le grúpaí deonacha agus pobail iarratas a dhéanamh suas go dtí an 6 Bealtaine.

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis na tionscnaimh a n-éiríonn leo maoiniú a fháil i Meán Fómhair 2021 agus go mbeidh siad á rith go dtí mí na Nollag 2022.

CRÍOCH


Tuilleadh eolais

Is eagraíocht sheachbhrabúsach idirghabhálaí é Pobal a bhainistíonn cláir mhaoinithe éagsúla thar ceann Rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh.

Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, i dteannta le hAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat do riarachán cuntas neamhéilithe i bhforais chreidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus do pholasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta rochtain a thabhairt do shealbhóirí cuntais nó polasaí ar a gcuid airgid i bhforais chreidmheasa nó i ngnóthais árachais agus sa chomhthéacs seo, ceanglaítear ar na comhlachtaí seo céimeanna a chur i gcrích chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

D’fhonn an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe neamhúsáidte, bunaítear sa reachtaíocht freisin scéim le haghaidh eisíocaíocht cistí ar dócha a bheidh athshlánaithe ó chuntais dhíomhaoine agus ó pholasaithe neamhéilithe chun críche beart chun cabhrú le:

  • forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
  • forbairt oideachais daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
  • daoine faoi mhíchumas.