Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Calleary ag labhairt le Fóram Bliantúil na gCúramóirí

Labhair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu le Fóram Bliantúil na gCúramóirí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath.

Is deis do ranna rialtais, d eagraíochtaí cúraim agus do chúramóirí teaghlaigh é Fóram Bliantúil na gCúramóirí na saincheisteanna a chuireann isteach ar chúramóirí teaghlaigh ar bhonn laethúil a phlé.

Bhí ceardlanna téamacha ar shláinte, ar thacaíochtaí coimirce sóisialaí, ar iompar, ar thithíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, agus ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar chúramóirí óga mar chuid d’fhóram na bliana seo. Éascaíodh leis na seisiúin sin comhrá oscailte agus soláthraíodh leo léargais luachmhara ar an tionchar atá ag beartais an rialtais ar chúramóirí agus orthu siúd a dtacaíonn siad leo.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Calleary:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, chuaigh mé i mbun comhrá le cúramóirí agus bhuail mé le heagraíochtaí cúraim. Is deis luachmhar é an Fóram Bliantúil na gCúramóirí chun mo thuiscint ar na dúshláin a thugann siad aghaidh orthu a neartú agus éisteacht lena gcuid imní mé féin.”

“Feicfimid méaduithe suntasacha ar thacaíocht airgeadais do chúramóirí, ag tosú an mhí seo chugainn. As Mí an Mheithimh 2025 amach, méadófar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí go dtí €2,000 – is é sin an leibhéal is airde riamh. Anuas air sin, ó mhí Iúil 2025, méadófar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil i leith Liúntas Cúramóra, rud a éascóidh rochtain ar an scéim do thuilleadh teaghlach.”

“Tarraingítear aird le hócáidí amhail an ceann inniu ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú agus le comhrá oscailte. Tugadh roinnt mhaith de na hathruithe dearfacha do chúramóirí isteach mar thoradh díreach ar éisteacht lena dtaithí, agus teastaíonn uaim a dhearbhú daoibh go bhfanaim tiomanta go hiomlán don phróiseas seo.”

“Tá Clár an Rialtais uaillmhianach do chúramóirí. Go tábhachtach, leanfaimid de neamhaird ioncaim do Liúntas Cúramóra a mhéadú go suntasach i ngach Buiséad d fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an tástáil acmhainne le linn saolré an Rialtais.”

Áirítear leis na Ranna agus na gníomhaireachtaí Rialtais a raibh ionadaíocht acu ag Fóram na gCúramóirí inniu an Roinn Sláinte; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Roinn Iompair, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Tusla.

Cuirfear nóta na himeachtaí Fhóram Bliantúil na gCúramóirí 2025 ar fáil ar líne ag gov.ie/carersforum.


Nótaí:

Pictiúir ó Fhóram Bliantúil na gCúramóirí inniu seolta astu féin ag Maxwell Photography.

Ba chabhair í teagmháil dhíreach le cúramóirí chun bonn eolais a chur faoi fheabhais thábhachtacha ar thacaíochtaí cúramóra le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear:

  • Méadaíodh líon uaireanta an chloig go bhféadfadh cúramóir a chaitheamh i mbun oideachais, oiliúna nó fostaíochta ó 15 go 18.5 uair an chloig.
  • Méadaíodh an neamhaird chaipitil agus choigiltis don mheasúnú acmhainne don Liúntas Cúramóra ó €20,000 go €50,000. Is féidir caipitil de suas le €100,000 a bheith ag cúramóir a bhfuil céile/páirtí acu.
  • Méadófar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le €150 go €2,000 i mí an Mheithimh 2025. An ráta is airde riamh don deontas sin.
  • I mí Eanáir 2025, cuireadh méadú €12 ar Liúntas Cúramóra le méaduithe comhréireacha do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe mar chuid de bhearta an Bhuiséid 2025. Is é sin an ceathrú hardú as a chéile ar rátaí leasa seachtainiúla. Cuireadh méadú €41 ar na rátaí le 4 bliana anuas.
  • I mí Eanáir 2025 cuireadh méadú €8 ar rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe sin) go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus cuireadh méadú €4 go €50 ar an íocaíocht chéanna i gcás leanaí atá níos óige ná 12 bhliain d’aois.
  • I mí Iúil 2025 méadófar neamhaird ioncaim sheachtainiúil an Liúntais Cúramóra ó €450 go €625 do dhuine singil, agus ó €900 go €1,250 do chúramóirí a bhfuil céile/páirtí acu. Ó mhí an Mheithimh 2022 is ionann é sin agus méaduithe carnacha ar neamhaird de €292.50 do chúramóir singil agus €585 do chúramóir atá ina lánúin.
  • Tá an Liúntas Cúramóra ina íocaíocht cháilitheach le haghaidh Liúntas Breosla – ní mór na coinníollacha cáilitheacha eile le haghaidh Liúntas Breosla a chomhlíonadh chomh maith.
  • Mar chuid de Bhuiséad 2025, leathnaíodh an íocaíocht Shocair Chúramóra chun bheith ar fáil do dhaoine féinfhostaithe den chéad uair agus ó mhí Iúil 2025 méadófar an teorainn tuillimh ó €450 go €625, tar éis cánach.
  • Chomh maith leis sin, mar chuid de Bhuiséad 2025, cuireadh méadú €20 ar Liúntas Cúraim Baile, rud a ardaíonn é go €360. Cuireadh méadú €50.50 ar an íocaíocht in aghaidh na míosa ó mhí Eanáir 2023.
  • Anuraidh tugadh isteach scéim nua Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha. Faoin scéim, is féidir le duine a bhí ina c(h)úramóir lánaimseartha do chleithiúnaí éagumasaithe le fiche bliain anuas ar a laghad (1,040 seachtain), Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha a fháil chun bearnaí ina dtaifead ranníocaíochta a chumhdach chun cabhrú leo cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocach).
  • Ina theannta sin, le líon na mBuiséad deiridh, bhí sraith cnapshuime aonuaire agus íocaíochtaí dúbailte chun cabhrú le costas maireachtála agus le méadú ar bhillí.