Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Aire Calleary Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le haghaidh breis is 126,000 teaghlach

  • Tá breis is €47.5 milliún de thacaíocht le híoc le breis is 126,000 teaghlach
  • €160 do leanaí idir 4-11 bliana d’aois; €285 do leanaí atá 12 bliana d’aois nó níos sine

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, TD Dara Calleary, go bhfaighidh breis is 126,000 teaghlach Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ón lá inniu.

Tá an íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí ceaptha chun tacú le teaghlaigh incháilithe íoc as na costais a bhaineann le héidí scoile agus coisbhirt a cheannach roimh an téarma scoile atá le teacht.

Is iad €160 do leanaí idir 4 agus 11 bliana d’aois, agus €285 do leanaí atá 12 bliana d’aois nó níos sine ar an meánscoil na rátaí íocaíochta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.

San iomlán, déanfar íocaíochtaí ar fiú breis is €47.5 milliún san iomlán iad an tseachtain seo le 126,000 teaghlach, maidir le níos mó ná 221,000 páiste. Cuirfear fógra amach faoin íocaíocht uathoibríoch chuig teaghlaigh tríd an bpost nó trína gcuntas MyWelfare.

Agus é ag trácht ar na híocaíochtaí, dúirt an tAire Calleary:

“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil na híocaíochtaí 2025 faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag tosú ón lá inniu ar aghaidh”.

“Tá an scéim seo ríthábhachtach ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag dul i ngleic leis na costais a bhaineann le filleadh ar scoil sna seachtainí amach romhainn”.

“An tseachtain seo, eiseoidh mo Roinn íocaíochtaí uathoibríocha chuig 126,000 teaghlach maidir le níos mó ná 221,000 páiste”.

Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar oscailt le haghaidh iarratas go dtí an 30 Meán Fómhair chomh maith agus moltar do theaghlaigh incháilithe cur isteach air. Déanfar cinntí i leith na gcásanna seo a phróiseáil de láimh, agus má tá duine ina teideal, eiseofar íocaíocht a luaithe is a phróiseáiltear iad.

Dúirt an tAire Calleary freisin:

“Is féidir leis na costais atá bainteach le páistí ag tosú agus ag filleadh ar scoil ualach airgeadais a chur ar theaghlaigh ar fud na tíre”.

“Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua tacaíocht luachmhar do theaghlaigh chun cuidiú leis na costais sin agus molaim d’aon duine nach bhfuil iarratas curtha isteach acu chun a gcáilitheacht a sheiceáil don scéim seo”.

Nóta d’Eagarthóirí:

Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.

Is é €160 an liúntas a íoctar i leith gach leanbh incháilithe atá idir 4 - 11 bhliain d’aois ar an 30 Meán Fómhair 2025 nó roimhe sin agus íoctar liúntas €285 i leith gach leanbh incháilithe atá idir 12 - 22 bliana d’aois ar an 30 Meán Fómhair 2025 nó roimhe sin. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 - 22 bliana d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2025 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.

Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn ag 071-9193318 agus 0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Is féidir le daoine ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie freisin, má tá fiosrúchán acu maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.

Is é an 30 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua na bliana seo.

Tá na 126,000 íocaíocht atá á n-íoc go huathoibríoch, á n-íoc le teaghlaigh incháilithe a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil acu.

Tá tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil ag www.gov.ie/bscfa.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat