Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary tús Shéasúr an Liúntais Breosla

  • Beidh Liúntas Breosla á íoc le breis is 410,000 teaghlach ar fud an Stáit ón lá inniu
  • Leathnaíodh an scéim i mbliana ionas go mbeidh níos mó teaghlaigh incháilithe

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go gcuirfear tús leis an Scéim Liúntais Breosla Náisiúnta do Shéasúr 2025/26.

Íocfar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, ar feadh 28 seachtain le thart ar 410,000 teaghlach ar fud an Stáit.

Déantar an íocaíocht ag an ráta seachtainiúil de €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht tráthchoda de €462 an ceann.

Leathnaíodh an scéim i mbliana ionas go mbeidh níos mó teaghlaigh incháilithe.

Ó Eanáir 2025, cuireadh síneadh leis na coinníollacha cáilitheachta feabhsaithe do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois chuig daoine atá 66 bliain d’aois agus os a chionn.

Áirítear leis na coinníollacha feabhsaithe seo:

  • Ní gá do dhuine os cionn 66 bliain d’aois a bheith ag fáil íocaíocht Coimirce Sóisialaí a thuilleadh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla.
  • Is féidir le duine singil os cionn 66 bliain d’aois ioncam €524 sa tseachtain a bheith aige/aici agus is féidir le lánúin ioncam €1,048 sa tseachtain a bheith acu.
  • Ina theannta sin, méadaíodh an méid caipitil a ndéantar neamhaird air ó €20,000 go €50,000.

Ina theannta sin, ó Eanáir 2025, tháinig Liúntas Cúramóra chun bheith ina íocaíocht cháilitheach le haghaidh Liúntas Breosla, faoi réir go gcomhlíonann an t-iarratasóir gach critéar de chuid scéim an Liúntais Breosla, lena n-áirítear an tástáil acmhainne a chomhlíonadh.

Agus tús Shéasúr an Liúntais Breosla á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a fhógairt go dtosóidh íocaíochtaí Liúntais Breosla an tseachtain seo do 410,000 teaghlach ar fud an Stáit.

Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le tacú leis na céadta míle teaghlach lena gcostais téimh thar mhíonna an gheimhridh.

Is tacaíocht chomh luachmhar seo do go leor teaghlach. Tá na coinníollacha incháilitheachta leathnaithe againn i mbliana ionas go mbeidh níos mó teaghlaigh incháilithe agus molaim do dhaoine a n-incháilitheacht don íocaíocht thábhachtach seo a sheiceáil.”

Nótaí:

  • Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Liúntas Breosla chun cabhrú le pinsinéirí agus le faighteoirí leasa shóisialaigh fadtéarmacha eile lena gcostais téimh gheimhridh.
  • Déantar an íocaíocht de réir ráta seachtainiúil €33 nó más fearr leat, trí dhá íocaíocht tráthchoda; agus íoctar é thar shéasúr an gheimhridh (28 seachtain ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí Aibreán i séasúr Liúntais Breosla 2025/26).
  • Is féidir leat cáiliú don Liúntas Breosla má tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine, nó má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha. Níl ach Liúntas Breosla amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
  • Ní gá duit athiarratas a dhéanamh ar an Liúntas Breosla gach bliain fad is nach bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí agus go leanann tú den íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna a fháil.
  • Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ná ar líne trí www.MyWelfare.ie.
  • Tá tuilleadh eolais faoin Liúntas Breosla ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.Gov.ie/fuelallowance.

Briseadh Síos de réir Contae ar Fhaighteoirí Liúntais Breosla:

Contae Tairbhithe
Ceatharlach 6,735
An Cabhán 7,394
An Clár 10,962
Corcaigh 43,922
Dún Na nGall 20,364
Báile Átha Cliath 87,149
Gaillimh 21,726
Ciarrai 15,394
Cill Dara 14,366
Cill Chainnigh 7,779
Laois 6,767
Liatroim 4,194
Luimneach 18,971
An Longfort 5,330
13,733
Maigh Eo 15,920
An Mhí 12,856
Muineachán 5,993
Uíbh Fhailí 7,652
Ros Comáin 6,680
Sligeach 7,066
Tiobraid Árann 18,013
Port Láirge 13,176
An Iarmhi 8,289
Loch Garman 17,539
Cill Mhantáin 11,660

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat