Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary sonraí maidir le hÍocaíochtaí Bhónas na Nollag

  • Bónas na Nollag le híoc le 1.5 milliún daoine
  • Íocaíochtaí do Phinsinéirí, Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
  • Íocaíochtaí luach €370 milliún eisithe ón lá inniu

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, sonraí maidir le Bónas na Nollag, a íocfar le thart ar 1.5 milliún daoine an tseachtain seo lena n-áirítear Pinsinéirí, Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas.

Beidh íocaíochtaí ar luach €370 milliún á n-eisiúint ón lá inniu, agus gheobhaidh daoine a mBónas Nollag ar an lá céanna is a fhaigheann siad a bpríomhíocaíocht de ghnáth.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Calleary inniu:

“Tuigim go maith an brú atá ar theaghlaigh go háirithe roimh shaoire na Nollag. Is tacaíocht ríthábhachtach é Bónas na Nollag, go háirithe go sheanóirí. Sin an chúis go bhfuil áthas orm sonraí Íocaíochtaí Bhónas na Nollag a fhógairt inniu. Bainfidh breis is 1.5 milliún daoine tairbhe as na híocaíochtaí seo lena n-áirítear ár bpinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair.

Gheobhaidh daoine a n-íocaíocht bhónais ar an lá céanna is a fhaigheann siad a bpinsean seachtainiúil nó íocaíocht phríomhúil eile de ghnáth.

Mar is iondúil, mholfainn do dhaoine, más féidir, a gcuid siopadóireachta a dhéanamh i siopaí áitiúla roimh an Nollaig i mbliana. Trí shiopadóireacht a dhéanamh go háitiúil, tá tú ag tacú le do gheilleagar áitiúil, le do phobal áitiúil agus le do ghnóthaí beaga áitiúla.”

Nótaí:

Íoctar Bónas na Nollag le faighteoirí fadtéarmacha íocaíochtaí leasa shóisialaigh cosúil le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.

Tá an liosta iomlán d’íocaíochtaí cáilitheacha do Bhónas na Nollag le fáil ar ár suíomh gréasáin anseo.

Miondealú Contae Fhaighteoirí Bhónas na Nollag

Contae

Faighteoirí measta bhónas na Nollag

Ceatharlach

19,600

An Cabhán

22,900

An Clár

36,400

Corcaigh

159,100

Dún na nGall

54,900

Baile Átha Cliath

348,200

Gaillimh

72,700

Ciarraí

50,000

Cill Dara

57,000

Cill Chainnigh

28,900

Laois

24,800

Liatroim

11,800

Luimneach

64,300

An Longfort

14,900

42,300

Maigh Eo

45,100

An Mhí

50,500

Muineachán

18,600

Uíbh Fhailí

25,400

Ros Comáin

21,500

Sligeach

22,500

Tiobraid Árann

54,800

Port Láirge

39,000

An Iarmhí

29,100

Loch Garman

52,900

Cill Mhantáin

42,400

Daoine eile lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí thar lear nó nach bhfuil an contae ina bhfuil siad ar eolas

61,400

Iomlán

1,471,000

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat