Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary sonraí faoi imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl i gCorcaigh

  • Imeachtaí earcaíochta a reáchtálfar i Mainistir Fhear Maí agus i gCloich na Coillte
  • Is mar chuid den fheachtas Oibre agus Scileanna Intreo ar fud na tíre iad na himeachtaí
  • Tá na céadta Post i raon earnálacha á dtairiscint agus tá comhairle faoi oiliúint

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu sonraí faoi imeachtaí earcaíochta Oibre agus Scileanna atá á reáchtáil i gCorcaigh, mar chuid den fheachtas Oibre agus Scileanna Intreo ar fud na tíre.

Beidh Aonach Earcaíochta agus Oiliúna Oibre agus Scileanna á reáchtáil in Ionad Óige Pobail Mhainistir Fhear Maí Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair ó 11am go dtí 1pm

Áireofar leis na poist a bheidh á dtairiscint ag an imeacht Cúntóirí Díolacháin, Oibreoirí Trádstórais, Ceannairí Foirne, Saineolaithe Garraí, Innealtóirí, Cúntóirí Cúraim Sláinte, Earcaigh Chabhlaigh agus Printísigh d’Uirliseoirí. I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar an imeacht, beidh Toss Bryan, Sanmina, Dairygold, Veolia Ireland, Irish Homecare, McMahons, Kepak, Seirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann, Prompto Dispatch, Nua Healthcare, Glennon Brothers agus Lisnabrin Engineering.

Lena chois sin, beidh Aonach Oiliúna agus Earcaíochta ar siúl in Clonakilty Park Hotel, Dé Céadaoin an 08 Deireadh Fómhair ó 11am go dtí 1pm.

I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar an imeacht sin, beidh Clonakilty Park Hotel, Capita, Dovida, Lisavaird Co-op, Morgan McKinley, Supervalu Chloich na Coillte, Carechoice Chloich na Coillte, Seirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann agus Sigmar. Beidh poist á dtairiscint i róil amhail an Fáilteachas, mar Fháilteoir Óstáin, Tíos Óstáin, Seirbhís do Chustaiméirí, Cúntóir Cúraim Baile, Oibrí Ginearálta, Cúntóirí Miondíola, Earcaigh Chabhlaigh, cócaire Cabhlaigh agus Oibrí Leighis Cabhlaigh, i measc poist eile.

Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary

“Molaim d’aon duine atá ag lorg gairm bheatha nua nó atá ag iarraidh uasoiliúint a dhéanamh nó athoiliúint a chur orthu freastal ar na himeachtaí, áit ar féidir leo teacht ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil agus roghanna oiliúna éagsúla a fhiosrú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach.

Cuirtear ardán tábhachtach ar fáil leis na himeachtaí sin chun fostóirí agus daoine atá ag lorg deiseanna fostaíochta go gníomhach a thabhairt le chéile, chomh maith le béim a chur ar an raon tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta atá ar fáil ó mo Roinnse.

Beidh ár bhfoirne ar an láthair chun eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí agus seirbhísí na Roinne, agus chun comhairle a thabhairt maidir le cuardach post.

Chomh maith leis na himeachtaí Oibre agus Scileanna, mholfainn duit cuairt a thabhairt ar JobsIreland, ár suíomh gréasáin le haghaidh folúntais poist chun an raon leathan deiseanna atá ar fáil a fhiosrú.”

Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Bíonn deis ag cuardaitheoirí poist freisin foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach post chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha. Moltar do chuardaitheoirí poist cóipeanna dá CV a thabhairt leo chun iarratas a dhéanamh ar aon ról a bhfuil suim acu iontu.

Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí Oibre agus Scileanna atá ar oscailt don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a chuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus agallamh faoi imeachtaí Oibre agus Scileanna, déan teagmháil linn, le do thoil, ag press.office@welfare.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat