Fógraíonn an tAire Calleary leathnú ar an Liúntas Breosla do 50,000 Teaghlach i bhFostaíocht
- Foilsithe: 4 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2026
- Leathnaíodh incháilitheacht don Liúntas Breosla chuig faighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- 50,000 teaghlach breise le híocaíochtaí Liúntais Bhreosla a fháil ón tseachtain seo chugainn, siardhátaithe go dtí Eanáir
- Tacaítear le breis agus 470,000 teaghlach anois trí an Liúntas Breosla
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfaighidh 50,000 teaghlach breise íocaíochtaí Liúntais Breosla ón tseachtain seo chugainn.
Rinneadh foráil i mBuiséad 2026 maidir le síneadh a chur le híocaíocht an Liúntais Bhreosla d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht.
Tiocfaidh an beart i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn agus déanfar é a shiardhátú go dtí Eanáir. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh 50,000 teaghlach breise an Liúntas Breosla anois.
Gheobhaidh na teaghlaigh nuacháilithe íocaíochtaí siardhátaithe suas le €380 Déardaoin, an 12 Márta, mar aon lena nÍocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht seachtainiúil.
Ó Eanáir 2026, méadaíodh ráta seachtainiúil an Liúntais Bhreosla faoi €5 in aghaidh na seachtaine go €38, rud a thug iomlán de €1,064 in aghaidh an fhaighteora gach bliain.
Mar thoradh ar fhógra an lae inniu, tá an Liúntas Breosla ag tacú le breis is 470,000 teaghlach anois.
Agus é ag trácht ar leathnú an Liúntais Bhreosla, dúirt an tAire Calleary:
“Tá 50,000 teaghlach breise i bhfostaíocht incháilithe anois don Liúntas Breosla. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh teaghlaigh dhícheallacha ar fud na tíre ar ioncam níos ísle cúnamh breise lena mbillí fuinnimh. Tá lúcháir orm an leathnú tábhachtach seo a thabhairt isteach mar chuid de mo chéad bhuiséad.
“Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le tacú le teaghlaigh lena gcostais téimh thar mhíonna an gheimhridh. Ciallaíonn an leathnú atá á fhógairt agam inniu go bhfuil breis is 470,000 teaghlach ag fáil an tacaíochta luachmhaire seo anois.
“Is idirghabháil spriocdhírithe, phraiticiúil í seo a chabhróidh le teaghlaigh i bhfostaíocht costais fuinnimh a bhainistiú agus brú airgeadais a laghdú le linn míonna an gheimhridh, agus léiríonn sí tiomantas níos leithne: a chinntiú go dtugtar luach saothair don obair, go dtacaítear le teaghlaigh, agus nach bhfásann aon leanbh aníos i mbochtaineacht.”
Nótaí:
Íocaíocht €38 in aghaidh na seachtaine is ea an Liúntas Breosla ar feadh 28 seachtain ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go dtí mí Aibreáin. Is é cuspóir na híocaíochta seo cúnamh a thabhairt do theaghlaigh lena gcostais fuinnimh. Ní íoctar ach liúntas amháin in aghaidh an teaghlaigh. Tá tuilleadh sonraí faoin Liúntas Breosla ar fáil ag www.gov.ie/FuelAllowance.
Íocaíocht mheasúnaithe ioncaim is ea an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a sholáthraíonn breisiú airgeadais d’fhostaithe, a bhfuil leanaí acu atá ar ioncam íseal. Is beart spriocdhírithe é atá nasctha go díreach le hioncam teaghlaigh agus dá bhrí sin tacaíonn sé go díreach le teaghlaigh atá ag obair ar ioncam íseal. Is teaghlaigh aonair do dhaoine fásta iad beagnach dhá thrian d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht. Ó Eanáir 2026, méadaíodh tairseacha ioncaim na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi € 60 in aghaidh na seachtaine do gach méid teaghlaigh. Gheobhaidh teaghlaigh a bhí ag fáil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ÍTF) idir an 1 Eanáir 2026 agus an 11 Márta 2026, ach nach bhfuil ag fáil ÍTF a thuilleadh, riaráistí Liúntais Bhreosla fós má tá siad incháilithe don tréimhse a raibh siad ag fáil ÍTF. Tá tuilleadh sonraí faoin Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht ar fáil ag www.gov.ie/WFP.
Miondealú Contae ar fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht atá incháilithe anois don Liúntas Breosla:
|
Contae |
Líon na dTeaghlach |
|
Baile Átha Cliath |
12,320 |
|
Lú |
2,083 |
|
Loch Garman |
2,118 |
|
Sligeach |
691 |
|
Corcaigh |
4,780 |
|
Luimneach |
2,241 |
|
Ros Comáin |
680 |
|
Uíbh Fhailí |
834 |
|
Dún na nGall |
2,428 |
|
Ceatharlach |
818 |
|
An Longfort |
706 |
|
An Cabhán |
1,025 |
|
Cill Mhantáin |
1,178 |
|
Gaillimh |
2,295 |
|
Cill Chainnigh |
770 |
|
Ciarraí |
1,547 |
|
Maigh Eo |
1,401 |
|
An Iarmhí |
1,072 |
|
Port Láirge |
1,527 |
|
Muineachán |
927 |
|
Cill Dara |
2,393 |
|
Tiobraid Árann |
1,775 |
|
An Clár |
1,034 |
|
An Mhí |
1,933 |
|
Laois |
1,026 |
|
Liatroim |
340 |