English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary go bhfuil Clár na mBéilí Te Scoile agus Athbhreithniú ar Chaighdeáin Chothaithe á leathnú

  • Beidh teacht ag 713 Bunscoil bhreise ar Bhéilí Te Scoile ón lá atá inniu ann
  • Leathnaíonn Béilí Scoile Te ó phíolóta bheag de 30 scoil go Clár Náisiúnta anois i 2,850 bunscoil
  • Tá breis is 475,000 páiste bunscoile i dteideal Béilí Te Scoile a fháil anois
  • D’fhógair an tAire freisin athbhreithniú ar na caighdeáin chothaithe agus go mbainfear an rogha bia a bhfuil cuid mhaith saille sáithithe, siúcra agus salainn ann as na biachláir béilí scoile

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil 713 bunscoil bhreise faofa don Chlár Béilí Scoile Te.

Rinne an tAire Calleary an fógra inniu agus é ar cuairt ar Scoil Náisiúnta Shinsearach Naomh Pilib i gCluain Saileach, áit a raibh a chomhghleacaithe sa Chomh-Aireacht, an tAire Oideachais Helen McEntee agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers, ina theannta.

Ciallaíonn an fógra go bhfuil beagnach 2,850 Bunscoil ar fud na tíre i dteideal Béilí Scoile Te a fháil anois. Beidh an Roinn i mbun cainte chomh maith le haon bhunscoil nach bhfuil cláraithe faoi láthair, chun iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh.

Beidh teacht ag 131,700 leanbh breise ar fud 713 scoil ar bhéilí te cothaitheacha ón lá inniu ar aghaidh. Ciallaíonn sé seo gurbh ionainn an líon iomlán do pháistí bunscoile atá incháilithe anois chun Béile Te Scoile a fháil gach lá agus 475,000.

D’fhógair an tAire chomh maith go dtabharfadh bia-eolaí faoi athbhreithniú ar na caighdeáin chothaithe don scéim agus go mbeadh an Roinn Sláinte i mbun maoirseachta air agus i gcomhar leis an nGrúpa Idir-rannach um Bhéilí Scoile. D’iarr an tAire go gcuirfí tuarascáil ar na caighdeáin chothaithe faoina bhráid faoi dheireadh 2025.

Ina theannta sin, d’fhógair an tAire go mbainfí bia a bhfuil cuid mhaith saille sáithithe, siúcra agus salainn ann ón gclár ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh.

Ag fógairt an leathnaithe inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá an Clár Béilí Scoile Te tar éis leathnú ó phíolótú beag de 30 scoil go clár náisiúnta a chuireann béilí te cothaitheacha ar fáil do gach bunscoil ar fud na tíre anois. Is clár thar a bheith rathúil atá ann agus ba mhaith liom a chinntiú go leanfaimid orainn ag tógáil ar an rath iontach atá leis an scéim."

“Is tosaíocht domsa agus don Rialtas iad caighdeáin chothaithe. D’iarr mé go ndéanfaí athbhreithniú ar chaighdeáin chothaithe na scéime agus tabharfaidh bia-eolaí atá lonnaithe sa Roinn Sláinte é seo chun críche. D’iarr mé go gcuirfí tuarascáil ar na caighdeáin chothaithe faoi mo bhráid faoi dheireadh na bliana.”

“Idir an dá linn, bainfimid bia a bhfuil cuid mhaith saille sáithithe, siúcra agus salainn ann ó bhiachláir béile scoile. Go dtí seo, ceadaíodh an bia seo uair sa tseachtain ar a mhéad agus amháin nuair a roghnaigh tuismitheoirí an linbh é sin. Beidh roinnt ama i gceist sula gcuirfear tús le hathrú mar seo, mar sin tiocfaidh sé ar an bhfód faoi Mheán Fómhair na bliana seo.”

“De réir Chlár an Rialtais, leanfaimid orainn ag leathnú agus ag feabhsú an Chláir Béilí Scoile Te. Cinnteoimid chomh maith go gcloíonn soláthraithe le treoirlínte láidre maidir le luach cothaitheach béilí agus riachtanais aiste bia mac léinn. Táimid ag gníomhú chomh maith chun dramhaíl bia a laghdú agus pacáistiú atá in-athchúrsáilte a úsáid.”

Le linn di a bheith ag labhairt faoin leathnú ar Bhéilí Scoile Te, dúirt an tAire Helen McEntee:

“Tá tionchar an-dearfach ag an gClár Béilí Scoile Te ar dhaltaí ar fud na tíre agus cuireann sé áthas orm go bhfuil sé á leathnú.

“Rachaidh sé chun tairbhe tinreamh scoile, cabhróidh siad le torthaí oideachais do dhaltaí, má tá teacht ag níos mó leanaí ar bhéilí te, agus thar aon rud eile cinnteoidh siad gur féidir le leanaí foghlaim, súgradh agus buaileadh le cairde nua, gan aon imní a bheith orthu faoin ocras.”

“Cinnteoidh béilí roghnacha a bhfuil leibhéil níos airde saille, siúcra agus salainn iontu, a bhaint ó bhiachláir go mbeidh teacht ag daltaí ní hamháin ar bhéilí te, ach go mbeidh siad níos cothaithí chomh maith céanna.”

“Mholfainn d’aon bhunscoil nach bhfuil rannpháirteach sa scéim i láthair na huaire, dul ina bun, mar nach bhfuil sé ach chun dul chun leasa scoileanna.

Scríobhfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí anois chuig gach ceann de na 713 scoil seo le comhairle a chur orthu maidir leis na chéad chéimeanna eile ina leith seo le go mbeadh a ndaltaí in ann leas a bhaint as béilí te ó Aibreán 2025 ar aghaidh. Rachaidh an Roinn i dteagmháil le scoileanna agus soláthraithe maidir le hathruithe ar an gclár. Beidh próiseas comhairliúcháin níos leithne ar bun chomh maith mar chuid den athbhreithniú ar na caighdeáin chothaithe.

Tá liosta iomlán den 713 Bunscoil nua a faomhadh do Bhéilí Scoile Te ón 11 Aibreán 2025 ar fáil anseo: www.gov.ie/HotSchoolMeals2025


Nótaí d’Eagarthóirí:

Tugadh isteach an Clár Béilí Scoile Te mar phíolótú beag de 30 scoil. Tá fás suntasach tagtha ar an gClár le blianta beaga anuas. Cinnteoidh fógra an lae inniu gurb ionann líon iomlán na scoileanna a bhfuil teacht acu ar Bhéilí Scoile Te agus beagnach 2,850 ó Mheán Fómhair 11 Aibreán 2025.

Léirigh na 713 Bunscoil nua a ceadaíodh inniu spéis i mBéilí Scoile Te anuraidh.

Beidh na Bunscoileanna eile atá fágtha incháilithe ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh. Déanfaidh an Roinn teagmháil leis na Bunscoileanna go léir atá fágtha nach bhfuil páirteach sa scéim Béilí Scoile Te go dtí seo, ag iarraidh orthu léirithe spéise a chur isteach chun tús a chur le soláthar Béilí Scoile Te.

Is éard is cuspóir leis an gClár maidir le Béilí Scoile, ná bia rialta cothaitheach a sholáthar do leanaí chun tacú leo leas iomlán a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Tá an clár ina chuid thábhachtach de bheartais chun freastal ar scoil agus gnóthachtáil oideachais bhreise a spreagadh.

Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an maoiniú do scoileanna le haghaidh Chlár na mBéilí Scoile, agus tá sé de fhreagracht ar scoileanna a soláthraí a roghnú ar bhealach oscailte, cothrom agus trédhearcach de réir na reachtaíochta náisiúnta agus threoracha an AE maidir le soláthar.