Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú deontais €1,000 d’urraitheoirí na Scéime Fostaíochta Pobail

  • Tá deontas breise €1,000 á chur ar fáil d’eagraíochtaí urraíochta Fostaíochta Pobail le haghaidh costais ábhar

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil deontas breise €1,000 á chur ar fáil do gach eagraíocht urraíochta Fostaíochta Pobail le haghaidh costais ábhar.

Tacaíonn Fostaíocht Phobail le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach taithí oibre agus oiliúint a fháil chun cabhrú leo deiseanna fostaíochta a aimsiú sa mhargadh saothair oscailte agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar i bpobail áitiúla ag an am céanna.

Cuireann thart ar 807 scéim Fostaíochta Pobail (FP) raon leathan seirbhísí pobail tábhachtacha ar fáil, go háirithe i gceantair uirbeacha agus tuaithe faoi mhíbhuntáiste. Tá 19,659 rannpháirtí ar FP faoi láthair agus buiséad bliantúil de bhreis is €415m leithdháilte do 2026.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Calleary inniu:

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta araon, tá lúcháir orm inniu a fhógairt go bhfuil deontas €1,000 á chur ar fáil d’eagraíochtaí urraíochta Fostaíochta Pobail le haghaidh costais ábhar.

“Is tionscnamh an-tábhachtach ar fud na tíre ar fad í Fostaíocht Phobail. Mar dhuine ó phobal tuaithe, a bhfuil taithí phearsanta agam ar an obair a rinneadh i bpobail, chreid mé go láidir i gcónaí na buntáistí agus an luach a bhaineann le cláir cosúil le FP do rannpháirtithe agus do phobail araon. Táim muiníneach go leanfaidh FP de bheith ag soláthar tairbhe agus cúnaimh sna hamanna amach romhainn do rannpháirtithe agus do phobail araon.

“Léiríonn an deontas seo tiomantas an Rialtais do thacaíocht leanúnach FP agus do na seirbhísí luachmhara a sholáthraíonn siad do phobail, chomh maith leis an taithí oibre luachmhar leanúnach agus na deiseanna oiliúna a sholáthraíonn siad do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Oibríonn rannpháirtithe FP go páirtaimseartha chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil do phobail áitiúla. Tacaíonn na scéimeanna seo le raon seirbhísí ríthábhachtacha áitiúla i réimsí amhail cúram leanaí, bailte slachtmhara, béilí ar rothaí, cothabháil agus cothú na n-áiseanna áitiúla agus obair ríthábhachtach eile inár bpobail.

“Tuigeann an Rialtas an tionchar atá ag costais ardaithe ar ghrúpaí pobail ar fud na tíre. Sin an fáth go bhfuil an tacaíocht bhreise seo á cur ar fáil againn inniu. Tá a fhios agam go gcuideoidh an tacaíocht bhreise seo le himní de go leor urraitheoirí Fostaíochta Pobail a mhaolú.”

Nótaí:

Is clár gníomhach sa mhargadh saothair é Fostaíocht Phobail (FP) atá deartha chun deis a thabhairt do dhaoine incháilithe atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine faoi mhíbhuntáiste eile dul i mbun oibre úsáidí laistigh dá bpobail ar bhonn sealadach, ar théarma seasta.

Fostaíonn údaráis urraithe FP rannpháirtithe chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do phobail áitiúla timpeall na tíre. Chomh maith le cur le soláthar na seirbhísí áitiúla, forbraíonn rannpháirtithe FP réimse scileanna gairme agus taithí oibre a chabhraíonn leo deis níos fearr a bheith acu ar fhostaíocht lánaimseartha a fháil.

Is iad na cineálacha oibre a dhéanann na rannpháirtithe FP ná bainistiú áiseanna áitiúla, tionscadail chomhshaoil, na healaíona agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, Bailte Slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánúcháin ó dhrugaí.

Faigheann eagraíochtaí urraíochta FP maoiniú chun rannpháirtithe FP agus maoirseoirí FP araon a fhostú. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin i dtreo costais oiliúna agus ábhar. Is ranníocaíocht é an deontas ábhar i leith chostais reatha na scéime agus clúdaíonn sé seirbhísí agus ábhair inchaite atá riachtanach chun an tionscadal FP a oibriú go héifeachtach lena n-áirítear nithe amhail fostóirí agus árachas dliteanais phoiblí, uirlisí, stáiseanóireacht, táillí iniúchta, táillí bainc (gan ús bainc a áireamh), éadaí cosanta agus fruiliú trealaimh.

Tagraíonn fógra an lae inniu do dheontas breise €1,000 atá ar fáil do gach eagraíocht urraíochta FP, a eascraíonn aas Buiséad 2026, le húsáid i ndáil lena gcostais ábhar agus seachadadh seirbhísí dá bpobail.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat