Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá sé fógartha ag an Aire Callearygo bhfuil níos mó ná €1 billiún in arduithe nua Coimirce Sóisialaí le teacht i bhfeidhm inniu

  • Arduithe ar íocaíochtaí atá le teacht i bhfeidhm ón 1 Eanáir ar aghaidh
  • Ardú €10 ar íocaíochtaí seachtainiúla – ag tacú le pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
  • Arduithe in Íocaíochtaí Tacaíochta Linbh á sháraíonn aon arduithe go dtí seo
  • Méadú €5 ar Liúntas Breosla, go dtí €38 sa tseachtain
  • Ardú €60 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht
  • Ardú €20 ar ráta míosúil an Liúntais Chúraim Baile

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD go bhfuil níos mó ná €1 billiún in arduithe Coimirce Sóisialaí le teacht i bhfeidhm ón lá inniu.

Rachaidh na harduithe seo, atá mar chuid de Bhuiséad 2026, i ngleic le bochtaineacht linbh agus tacóidh siad le pinsinéirí, teaghlaigh, cúramóirí, agus daoine faoi mhíchumas.

Is é €1,093 milliún costas iomlán na bhfeabhsuithe i mí Eanáir.

Is iad na bearta a thiocfaidh i bhfeidhm in Eanáir ná:

  • Méadú €10 ar uasráta na buníocaíochtaí seachtainiúla ar fad, agus arduithe comhréireacha do chleithiúnaithe, ar Daoine Fásta Cáilithe iad – a rachaidh chun sochair do níos mó ná 1.5 milliún duine.
  • Méadú €16 (26%) le teacht ar rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Linbh go dtí €78 do leanaí 12 bliana nó níos sine, agus méadú €8 (16%) go dtí €58 do leanaí faoi bhun 12 bliana. Seo iad na harduithe is mó ar na hÍocaíochtaí Tacaíochta Linbh riamh agus cabhróidh siad le bochtaineacht linbh a mhaolú trí thacaíocht a thabhairt d’os cionn 330,000 leanbh.
  • Méadú €60 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na nÍocaíochtaí do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. Soláthróidh sé seo tacaíocht airgeadais bhreise do theaghlaigh ar ioncam íseal agus beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo.
  • Méadú €5 (15%) ar an Liúntas Breosla, ó €33 go €38 sa tseachtain, rud a dhéanann leas d’os cionn 414,000 líon tí.
  • Méadú €20 ar ráta míosúil an Liúntais Chúram Baile go €380 in aghaidh na míosa. Tá an méadú seo ann chun tacú le daoine a bhfuil ról luachmhar acu i sochaí na hÉireann – tuismitheoirí nó caomhnóirí a thugann aire do leanbh faoi mhíchumas trom. Déanfaidh an méadú leas d’os cionn 73,000 leanbh.

Agus bearta Coimirce Sóisialaí mhí Eanáir á bhfógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Tá an-lúcháir orm a fhógairt go bhfuil €1 billiún d’fheabhsuithe ar íocaíochtaí le teacht i bhfeidhm inniu.

Tá áthas orm a fhógairt go speisialta go mbeidh arduithe a sháraíonn aon arduithe go dtí seo riamh ar na hÍocaíochtaí Tacaíochta Linbh seachtainiúla. Seo iad na harduithe is mó riamh ar na hÍocaíochtaí Tacaíochta Linbh agus déanfaidh siad leas d’os cionn 330,000 leanbh. In éineacht leis na harduithe ar na tairseacha Íocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht, cabhróidh na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo le bochtaineacht linbh a mhaolú.

Táim chomh sásta céanna, méadú ginearálta €10 sa tseachtain ar ár bpríomhíocaíochtaí seachtainiúla, a fhógairt. Déanfaidh an méadú seo leas d’os cionn 1.5 milliún duine fud fad na tíre, cúramóirí, tuismitheoirí aonair, pinsinéirí agus daoine atá faoi mhíchumas. Go tábhachtach, feicfidh na teaghlaigh siúd a fhaigheann Liúntas Cúraim Baile méadú €20 ar ráta míosúil a n-íocaíochtaí ón mí seo ar aghaidh.

Tá méadú €5 sa tseachtain á chur againn ar ráta an Liúntais Bhreosla. Seo é an chéad mhéadú ar ráta na príomhthacaíochta seo ón Bhuiséad 2022.

Agus muid ag tacú le pobail ar fud na tíre, thug mé feabhsuithe isteach ar Fhostaíocht Pobail, Tús agus Scéim Shóisialta na Tuaithe, ag leathnú rochtana, ag méadú breisithe le €5 sa tseachtain, agus ag tabhairt isteach €1,000 i ndeontais ábhair do gach Scéime Fostaíochta Pobail ina measc.

Tá na bearta atá a bhfógairt agam inniu sa bhreis ar an €370 milliún ar na híocaíochtaí Bónais Nollag a rinneadh go luath i mí na Nollag. Beidh tuilleadh bearta Buiséadacha ag teacht i bhfeidhm i rith 2026, lena n-áirítear an chéad síneadh riamh ar scéim an Liúntais Bhreosla do theaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, an síneadh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua do linbh 2 agus 3 bliana d’aois, agus na méaduithe is mó riamh i neamhairde ioncaim seachtainiúla do Liúntas Cúramóra.”

Nótaí:

Beart buiséid dar tús mhí Eanáir 2026

Líon Measta na dTairbhithe

Beidh méadú €10 in aghaidh na seachtaine ar uasráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla ar fad le harduithe comhréireacha do dhaoine fásta cáilithe agus dóibh siúd atá ar rátaí laghdaithe íocaíochta.

Os cionn 1.5 milliún.

Tá méadú €16 ag teacht ar an ráta seachtainiúil d’Íocaíochtaí Tacaíochta Linbh; ó €62 go €78 sa tseachtain do leanaí 12 bliana d’aois nó níos sine, agus méadú €8 ó €50 go €58 sa tseachtain do leanaí níos óige ná 12 bliana d’aois.

Os cionn 330,000 leanbh.

Méadú €5 ar an Liúntas Breosla ó €33 go €38 sa tseachtain.

Os cionn 414,000 líon tí.

Tá méadú €60 ar thairseach sheachtainiúil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid.

Is os cionn 48,000 teaghlach (100,000 leanbh san áireamh) a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi láthair. Ina theannta sin, beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo.

Beidh méadú €20 ar ráta an Liúntais Chúraim Baile go €380 in aghaidh na míosa.

Os cionn 73,000 leanbh.

Méadú san íocaíocht bhreise (Breisiú) de €27.50 ar Fhostaíocht Phobail, méadú €5 le haghaidh Tús agus Scéim Shóisialta na Tuaithe, agus méadú €10 ar ráta an Tionscnaimh Jab.

27,200.

Leithdháileadh breise den deontas ábhair suas le €1,000 ar fáil do gach urraitheoir Fostaíochta Pobail (FP)

Suas le 810 comhlacht urraíochta FP (500 comhlacht tuartha)

Síneofar Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair go faighteoirí Phinsean na nDall agus an Liúntais Míchumais.

270 faighteoir Phinsean na nDall agus Liúntais Míchumais le thart ar 370 leanbh.

Síneofar incháilitheacht don Scéim Fóirdheontais Pá go 3 ghrúpa daoine eile atá faoi mhíchumas.

200.

Tá liosta iomlán de bhearta Bhuiséad an Choimirce Shóisialaí ar fáil ar 2026 ag www.Gov.ie/DSPBBudget2026.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat