Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary íocaíocht an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí, an íocaíocht is airde riamh

  • Gheobhaidh 138,000 cúramóir deontas €2,000 inniu
  • Tá méadú €150 tagtha ar an deontas i mbliana, ó €1,850 go €2,000 – an leibhéal is airde riamh

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary TD go n-íocfar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le 138,000 cúramóir ar fud na tíre inniu.

Níl an deontas inchánach agus tá sé ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine scothaosta nó do dhuine míchumasaithe, beag beann ar a n-acmhainní ná ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Tá méadú €150 tagtha ar ráta an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí i mbliana, ó €1,850 go €2,000 – an leibhéal is airde riamh.

Is é costas foriomlán an deontais atá á íoc inniu ná €313 milliún.

Íoctar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí i leith gach duine dá dtugtar aire dóibh, chun an costas breise a bhaineann le cúram a sholáthar a chur san áireamh agus chun na dúshláin ar leith atá roimh na cúramóirí sin a aithint.

Tá os cionn 16,000 cúramóir ag cur cúraim ar fáil do bheirt nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i leith gach duine atá faoina gcúram.

Agus íocaíocht an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí á fógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfaighidh 138,000 cúramóir Deontas Tacaíochta do Chúramóirí arbh fiú €2,000 é inniu.

“Tá méadú €150 tagtha ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí i mbliana, go €2,000, an leibhéal is airde riamh.

“Seo ceann de roinnt feabhsuithe a tugadh isteach i mbliana mar aitheantas ar ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí agus an rannchuidiú a dhéanann siad leis an tsochaí.

“Íocfar an Deontas go huathoibríoch leo siúd atá ag fáil na scéimeanna Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúraim Baile. Tá sé ar fáil freisin do chúramóirí lán-aimseartha eile nach bhfuil ag fáil na n-íocaíochtaí seo agus íoctar é i leith gach duine atá faoi chúram.

“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, aithním an ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí teaghlaigh inár sochaí. Caitheann sibh bhur saoil ag soláthar cúraim chun tacú le bhur ngaolta agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach cúramóir in Éirinn as an ranníocaíocht ríthábhachtach agus luachmhar a dhéanann sibh inár sochaí agus inár bpobail áitiúla.”

Íoctar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí go huathoibríoch le gach duine a fhaigheann Liúntas Cúramóra (cibé acu ar an ráta iomlán nó ar an leathráta), Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Baile. Beidh sé ar fáil freisin do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfaigheann aon cheann de na híocaíochtaí seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ag www.gov.ie/csg.


Nótaí

Miondealú contae ar fhaighteoirí an Deontais Tacaíochta Cúramóra:

CEATHARLACH 2,165
AN CÁBHÁN 2,324
AN CLÁIR 3,128
CORCAIGH 16,432
DÚN NA NGALL 5,664
BAILE ÁTHA CLIATH 31,191
GAILLIMH 6,969
CIARRAÍ 4,666
CILL DARA 5,850
CILL CHAINNIGH 2,523
LAOIS 2,730
LIATROIM 1,095
LUIMNEACH 7,220
AN LONGFORT 1,605
4,337
MAIGH EO 4,084
AN MHÍ 5,045
MUINEACHÁN 1,669
UÍBH FHAILÍ 3,051
ROS COMÁIN 2,191
SLIGEACH 1,922
TIOBRAID ÁRANN 5,807
PORT LÁIRGE 3,683
AN IARMHÍ 3,227
LOCH GARMAN 5,452
CILL MHANTÁIN 4,038

Is íocaíocht bhliantúil í an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí, a íoctar de ghnáth ar an gcéad Déardaoin i mí an Mheithimh.

Tugadh isteach an Deontas Cúraim Faoisimh i 1999 ar ráta £200 (€254). In 2016, athraíodh ainm na híocaíochta go Deontas Tacaíochta do Chúramóirí chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear an deontas.

Conas cáiliú don Deontas Tacaíochta Cúramóra

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar CúramóraLiúntas Cúraim Baile (LCB).

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, is féidir go gcáileoidh tú fós má chomhlíonann tú na coinníollacha seo:

  • tá tú 16 bliana d’aois nó os a chionn
  • tá gnáthchónaí ort i Stát na hÉireann
  • go gcuireann tú cúram ar fáil don duine go lánaimseartha
  • go bhfuil tú ag tabhairt aire don duine ar feadh tréimhse leanúnach sé mhí ar a laghad, agus áirítear sa tréimhse seo an chéad Déardaoin i Mí an Mheithimh
  • cónaíonn tú leis an duine atá faoi do chúram nó tá teacht ort go tapa le córas díreach cumarsáide amhail teileafón nó aláram

Ní cháilíonn tú don Deontas Tacaíochta Cúramóra más rud é:

  • go bhfuil tú fostaithe, go bhfuil tú féinfhostaithe, nó ag freastail ar chúrsa oiliúna nó oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain. (Tabhair faoi deara: ní mór duit a thaispeáint dúinn go bhfuil cúram leordhóthanach ag an duine atá faoi do chúram agus tú ar obair, ar chúrsa oideachais, nó araon)
  • go bhfaigheann tú Liúntas Cuardaitheora PoistSochar Cuardaitheora Poist
  • go bhfuil ranníocaíochtaí creidiúnaithe á bhfáil agat
  • go bhfuil cónaí ort in ospidéal, i ionad téarnaimh nó ina leithéid d’institiúid

Má tá níos mó ná duine amháin faoi do chúram, gheobhaidh tú deontas do gach duine atá faoi do chúram.

Tá an Deontas Tacaíochta Cúramóra díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.