Fógraíonn an tAire Calleary feabhsuithe suntasacha ar thástáil acmhainne an Liúntais Chúramóra
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
- Méadaítear neamhaird ioncaim sheachtainiúil le haghaidh Liúntas Cúramóra go €625 do dhuine singil agus go €1,250 do lánúin
- Gheobhaidh breis is 5,200 faighteoir Liúntais Chúramóra rátaí íocaíochta níos airde ón lá inniu
- Tá 99% de fhaighteoirí reatha an Liúntais Chúramóra i dteideal an ráta íocaíochta iomláin anois
- Tiocfaidh ardú €175 ar Theorainn Ioncaim an tSochair Chúramóra go €625 in aghaidh na seachtaine
- Ciallaíonn feabhsuithe gur féidir le níos mó Cúramóirí leas a bhaint as Liúntas Cúramóra anois
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, sraith feabhsuithe inniu ar thacaí an Rialtais do chúramóirí.
Tá athruithe á dtabhairt isteach ag an Aire Calleary ar an tástáil acmhainne a bhaineann le cúramóirí ionas go bhféadfaidh go leor eile leas a bhaint as Liúntas Cúramóra nó ráta íocaíochta níos airde a fháil.
Tá méadú €175 tagtha ar neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas Cúramóra go €625 in aghaidh na seachtaine do chúramóirí singil, agus tá méadú €350 go €1,250 in aghaidh na seachtaine do lánúin.
Ó Mheitheamh 2022 i leith, tá méadú €292.50 tagtha ar neamhaird ioncaim Liúntas Cúramóra do chúramóirí singil agus €585 do chúramóirí i lánúineacha. Méadú 88%.
Ciallaíonn na hathruithe a fógraíodh inniu go bhfaighidh 5,280 cúramóir méadú ar a n-íocaíocht Liúntais Chúramóra ón lá inniu.
Ina theannta sin, cuireann na méaduithe ar chumas níos mó cúramóirí, nach raibh incháilithe do Liúntas Cúramóra roimhe seo mar gheall ar a n-acmhainní, teacht ar an scéim anois.
Ciallaíonn an méadú seo go gcoimeádfaidh cúramóir i dteaghlach beirt duine fásta a bhfuil ioncam de thart ar €69,000 aige/aici a n-íocaíocht iomlán Cúramóirí fós agus fiú má tá ioncam de €97,000 aige/aici go gcoimeádfaidh sé/sí páirtíocaíocht.
Is íocaíocht cúnaimh shóisialaigh de réir tástála acmhainne é an Liúntas Cúramóra. Is iad na neamhairde ioncaim a bhaineann leis an íocaíocht seo, na neamhairde ioncaim is airde sa chóras leasa shóisialaigh.
Ag an am céanna, méadóidh teorainn ioncaim an tSochair Chúramóra ó €450 go €625 freisin.
Is íocaíocht bunaithe ar árachas sóisialta é Sochar Cúramóra a íoctar le daoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a gcuid uaireanta chun aire a thabhairt do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi. Ina theannta sin, ó Eanáir 2025 i leith, leathnaíodh an Sochar Cúramóra chuig daoine féinfhostaithe.
Agus é ag fógairt na n-athruithe inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá lúcháir orm na harduithe suntasacha seo ar na neamhairde ioncaim seachtainiúla don Liúntas Cúramóra a fhógairt.
Ceann de na hábhair chainte is mó a ardaíonn cúramóirí liom go rialta ná tástáil acmhainne an Chúramóra. Déanfaidh na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu an scéim níos inrochtana do dhaoine nár cháiligh roimhe seo.
Ciallaíonn an méadú ar na neamhairde freisin go bhfaighidh 5,280 faighteoir reatha íocaíocht níos airde ón lá inniu. Dá bhrí sin, gheobhaidh 99% de fhaighteoirí reatha an Liúntas Cúramóra an ráta iomlán dá dteidlíocht anois.
Tá na feabhsuithe seo ar thástáil acmhainne sa bhreis ar athruithe a rinneadh ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí, a méadaíodh go €2,000, an leibhéal is airde riamh, agus a íocadh le 138,000 cúramóir i mí an Mheithimh.
Geallann Clár an Rialtais go méadófar go suntasach na neamhairde ioncaim an Liúntais Chúramóra i ngach Buiséad d’fhonn deireadh a chur leis an tástáil acmhainne de réir a chéile le linn shaolré an Rialtais. Is céim mhór chun tosaigh iad na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu chun an gealltanas seo a bhaint amach.”
Nótaí:
Contae | Líon faighteoiri an Liúntais Chúramóra a gheobhaidh iocaíocht mhéadaithe ó inniu |
Ceatharlach | 76 |
An Cábhán | 99 |
An Clár | 107 |
Corcaigh | 697 |
Dún Na Ngall | 147 |
Baile Átha Cliath | 1109 |
Gaillimh | 248 |
Ciarraí | 196 |
Cill Dara | 312 |
Cill Chainnigh | 90 |
Laois | 127 |
Liatroim | 40 |
Liumneach | 258 |
An Longfort | 41 |
Lú | 184 |
Maigh Eo | 138 |
An Mhí | 250 |
Muineachán | 54 |
Uíbh Fhailí | 142 |
Ros Comáin | 75 |
Sligeach | 67 |
Tiobraid Árann | 177 |
Port Láirge | 138 |
An Iarmhí | 136 |
Loch Garman | 202 |
Cill Mhantáin | 170 |
Iomlán | 5,280 |
Carer’s Allowance
Carer’s Allowance is a means-tested payment for people living in Ireland who are looking after someone who needs support because of age, physical or learning disability or illness, including mental illness.
Carer’s Allowance is primarily aimed at carers on low incomes who live with and look after certain people who need full-time care and attention. Carer’s Allowance may be paid at half-rate with certain other social welfare payments.
There are currently 100,154 recipients of Carer’s Allowance. The projected expenditure on Carer’s Allowance alone in 2025 is approximately €1.2 billion.
The income disregard and means test for Carer’s Allowance is the highest within the social welfare system.
The change to the Carer’s Allowance payment is in addition to a number of improvements, including the increase in the Carer’s Support Grant, which is now €2,000, the highest rate since its introduction. Other improvements include:
- Carer’s Allowance is now included as a qualifying payment for Fuel Allowance, once the other qualifying conditions for Fuel Allowance are also satisfied
- Carer’s Benefit has also been extended to the self-employed for the first time. This took effect from January
- from January 2024, a new Long-Term Carers Contribution scheme was introduced. This significant reform enables long term carers, who have been caring for 20 years or more, to qualify for the State Pension Contributory. Since the introduction of the scheme, over 8,000 people have been awarded Long-Term Carers Contributions of which over 6,000 are women
- the weekly Carer’s Allowance and Carer’s Benefit payments have increased by €41 over the last four years
- the Domiciliary Care Allowance has increased by €50.50 since 2023 and now stands at €360 per month
Carer’s Benefit
Carer's Benefit is a payment made to insured people who may be required to leave the workforce or reduce their working hours to care for a person(s) in need of full-time care. It is payable for a period of 2 years (104 weeks) for each care recipient and may be claimed over separate periods up to a total of 2 years (104 weeks).
There are currently 4,327 carers in receipt of the Carer’s benefit payment.
The changes announced today mean that a person can earn up to €625 per week after tax and providing they meet the other conditions of the scheme (i.e. provision of full-time care and social insurance conditions) they may qualify for this payment.