Fógraíonn an tAire Calleary gur eagraíocht atá oiriúnach do Chárta JAM anois í an Roinn Coimirce Sóisialaí agus seoltar tabhairt isteach Seomraí Suaimhnis i líonra Ionad Intreo na Roinne
- Foilsithe: 5 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Lúnasa 2025

- Tá oifigí poiblí agus línte fóin uile na Roinne oiriúnach do Chárta JAM anois
- 2,900 ball oilte maidir le feasacht Chárta JAM
- Seomra Suaimhnis bunaithe in 51 Ionad Intreo agus ceithre cinn eile ar na bacáin
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil an Roinn Coimirce Sóisialaí réitithe mar eagraíocht atá oiriúnach do Chárta JAM (Just a Minute — Nóiméad Amháin).
Tacaíonn JAM le daoine a bhfuil míchumas ceilte nó bacainn chumarsáide acu a chur in iúl do dhaoine eile go dteastaíonn níos mó ama agus foighne uathu, ar bhealach neamhbhriathartha simplí discréideach. Tá Cártaí JAM ar fáil mar chárta fisiceach nó mar aip dhigiteach.
Le feidhmiú céimneach an tionscnaimh seo, comhlíontar dhá ghealltanas de Chlár an Rialtais; chun tacú le feidhmiú céimneach Chártaí JAM chun bacainní cumarsáide a shárú, agus chun tionscnaimh oiliúna a chur chun cinn chun feasacht agus tuiscint a mhúscailt faoi mhíchumais chun an fhoireann a ullmhú ar bhealach níos fearr.
Díreofar go háirithe leis an oiliúint ar aithint agus freagairt do Chárta JAM, uirlis shimplí dhiscréideach a d’fhorbair fiontar sóisialta, NOW Group.
Ag labhairt dó faoin tionscnamh seo, dúirt an tAire Calleary:
“Tá lúcháir orm tacú le Cárta JAM a thabhairt isteach ar fud na Roinne. Chuireamar oiliúint ar bhreis is 2,900 ball foirne chun an cárta fisiceach agus an aip dhigiteach a aithint, agus anois tá siad ullmhaithe níos fearr chun tacú le daoine a bhféadfadh míchumas ceilte nó deacracht cumarsáide a bheith acu.
Is léiriú simplí praiticiúil é Cárta JAM dár dtiomantas d’ionchuimsitheacht agus do sheirbhís ardcháilíochta do chustaiméirí. Ghlac ár bhfoireann go fonnmhar leis an aidhm, an comhrá ag an gcuntar nó ar an bhfón a dhéanamh níos éasca do chách.
Trí Chárta JAM a ghlacadh, cuidítear le feasacht a mhúscailt faoi mhíchumais cheilte agus osclaítear spás do rannpháirtíocht níos fearr le comhghleacaithe agus le custaiméirí.”
Chuir Maeve Monaghan, Príomhfheidhmeannach NOW Group leis sin:
“Agus breis is 185,000 úsáideoir Chárta JAM ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, tá lúcháir orainn gur infheistigh an Roinn Coimirce Sóisialaí in oiliúint Chárta JAM. Cinntítear leis an oiliúint sin go bhfaigheann daoine aonair atá faoi mhíchumas infheicthe agus dofheicthe araon an t-am agus an tuiscint bhreise atá tuillte acu.
“Mar fhiontar sóisialta, táimid tiomanta don troid ar son na héagsúlachta agus an chomhionannais do chách. Mar sin féin, ní féidir linn é sin a bhaint amach inár n-aonar. Tá sé ríthábhachtach go n-oibrímid i gcomhar le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chun an chuimsitheacht a chur chun cinn do chách. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil an Roinn Coimirce Sóisialaí linn ar an turas tábhachtach seo.”
D’fhógair an tAire Calleary freisin tabhairt isteach Seomraí Suaimhnis in Ionaid Intreo na Roinne Coimirce Sóisialaí. An aidhm is ea go mbeidh seomra ar fáil d’aon chustaiméir a bhainfeadh leas as spás suaimhneach ciúin ar nós:
- daoine atá néara-ilchineálach
- daoine atá faoi strus, leochaileach nó trí chéile mar gheall, mar shampla, ar thráma nó tarlú ina saol le déanaí
- daoine a dteastaíonn am agus spás breise uathu chun a ngnó a phlé
Go dtí seo, tá Seomra Suaimhnis curtha isteach ag 51 oifig de chuid na Roinne agus tá ceithre cinn eile ar na bacáin.
Ag labhairt dó sa Seomra Suaimhnis in Ionad Intreo an Gharráin Chnó, dúirt an tAire Calleary:
“Is gné an-tábhachtach é Seomra Suaimhnis a bheith inár n-oifigí poiblí maidir lena chinntiú go bhfuil ár n-oifigí fáilteach agus ionchuimsitheach. Dearadh go speisialta iad chun eispéireas atá oiriúnach do na céadfaí a sholáthar chun cuidiú le daoine a scíth a ligean, díriú, agus a ngnó a dhéanamh linn ar bhealach éasca príobháideach. Tá tionscnamh an tSeomra Suaimhnis ag teacht go hiomlán le raon beart atá an Rialtas ag cur chun cinn chun a chinntiú go mbíonn rochtain éasca ag ár gcustaiméirí uile ar ár gcuid seirbhísí.”
Nótaí:
Foscríbhinní Grianghraif:
Cárta JAM 1: An tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary agus Maeve Monaghan, POF NOW Group.
Cárta JAM 2: (C-D) Ambasadóir Chárta JAM Amy Dowley, an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary, Síle Hunt – an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).
Cárta JAM 3: An tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary agus ambasadóir Chárta JAM Amy Dowley.
Cárta JAM 4: (C-D) Orla Healy – RCS, Brian Mallen – NOW Group, Amy Dowley – Ambasadóir Chárta JAM, Maeve Monaghan – POF NOW Group, an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary, Anne-Marie Coonan – RCS, Frances Gaynor – RCS, Rachel Woods – RCS, Síle Hunt – RCS.
Grianghraif a bhuí le Maxwell Photography.
Tionscnamh de chuid an fhiontair shóisialta Now Group is ea Cárta JAM. Dhear cuid dá rannpháirtithe a bhfuil mhíchumas foghlama nó uathachas orthu é in 2012. Forbraíodh an cárta bunaithe ar a n-eispéiris féin agus is é is cuspóir dó an deis chun sos a ghlacadh a thabhairt dóibh.
Ar fud oileán na hÉireann tá breis is 185,000 úsáideoir Chárta JAM anois agus tacaíonn miondíoltóirí, gnólachtaí móra corparáideacha agus cuid mhaith comhlachtaí poiblí leis. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Cárta JAM.
Is gealltanas é Seomra Suaimhnis a thabhairt isteach in Ionaid Intreo atá i bPhlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí 2023-2026 de chuid na Roinne. Tá an gealltanas sin ar cheann de na gníomhaíochtaí sa Straitéis Nuálaíochta um Uathachas ón Rialtas freisin nach mór don Roinn tuairisciú a dhéanamh ina leith.
Dearadh na seomraí go speisialta chun eispéireas atá oiriúnach do na céadfaí a sholáthar chun cuidiú le daoine a scíth a ligean, díriú, agus a ngnó a dhéanamh linn ar bhealach éasca príobháideach. Tá siad saor ó thranglam agus péinteáilte gorm fann, agus tá soilsiú íslitheora, lampa atmaisféarach agus saothar ealaíne iontu.
D’fhorbair an fhoireann seomra fréamhshamhla in Intreo Luimnigh in 2019 agus sheol Adam Harris, POF na heagraíochta AsIAm é. De bharr an tionscnaimh rathúil sin, bunaíodh dhá Sheomra Suaimhnis phíolótacha in Ionaid Intreo an Gharráin Chnó agus Chluain Dolcáin bunaithe ar an dearadh comhaontaithe.