An tAire Calleary i mbun cainte le Cúramóirí ag Fóram Bliantúil
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 18 Bealtaine 2026
Bhí an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, i mbun cainte inniu ag Fóram Bliantúil na gCúramóirí i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le cúramóirí, le heagraíochtaí cúraim agus le hoifigigh roinne.
Is deis do ranna rialtais, d’eagraíochtaí cúraim agus do chúramóirí teaghlaigh é Fóram Bliantúil na gCúramóirí chun na saincheisteanna a chuireann isteach ar chúramóirí teaghlaigh ar bhonn laethúil a phlé.
I bhfóram na bliana seo bhí ceardlanna téamacha ar shláinte, ar thacaíochtaí coimirce sóisialaí, ar iompar, ar thithíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, agus ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar chúramóirí óga. Tacaíodh leis na seisiúin sin plé oscailte agus soláthraíodh leo léargais ar an tslí a bhfuil tionchar ag beartais an Rialtais ar chúramóirí agus orthu siúd a dtacaíonn siad leo.
Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Calleary:
“Is iad cúramóirí teaghlaigh cnámh droma an chúraim in Éirinn. Mar Aire Coimirce Sóisialaí, leanaim de bheith ag obair go dlúth le cúramóirí agus le heagraíochtaí cúraim. Is deis tábhachtach é Fóram Bliantúil na gCúramóirí dom féin chun léargas níos doimhne a fháil ar na saincheisteanna a dtugann siad aghaidh orthu agus chun a gcuid imní a chloisteáil go díreach.”
“I mbliana beidh tacaíochtaí airgeadais níos láidre arís ar fáil do chúramóirí. Méadófar neamhaird ioncaim i leith Liúntas Cúramóra go dtí €1,000 do chúramóirí aonair agus go dtí €2,000 do lánúnacha — an méadú is airde i stair na scéime. Íocfar Deontas Tacaíochta do Chúramóirí de €2,000 ar an 4 Meitheamh, ag soláthar tacaíocht sa bhreis do chúramóirí lánaimseartha ar fud ná tíre.”
“Is éard atá i gceist leis na hathruithe sin ná go mbeidh níos mó teaghlaigh in ann an tacaíocht atá ag teastáil uathu a fháil. Cuireadh i gcuimhne ag an imeacht inniu an luach a bhaineann le comhpháirtíocht agus le comhrá oscailte. Tháinig roinnt mhaith de na feabhais do chúramóirí chun cinn as a léargais phearsanta féin. Leanaim de bheith tiomanta don rannpháirtíocht sheasmhach sin a choimeád.”
Leagtar amach i gClár an Rialtais clár gnó uaillmhianach chun tacú le cúramóirí. Go háirithe, is í an aidhm atá leis ná chun deireadh a chur de réir a chéile leis an tástáil acmhainne le haghaidh Liúntais Chúramóra i gcaitheamh saolré an Rialtais seo. Ba phríomhthosaíocht í sin do chúramóirí agus dá ngrúpaí ionadaíocha.
Áirítear le Ranna agus le gníomhaireachtaí an Rialtais a ndearnadh a ionadú ag Fóram na gCúramóirí inniu, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Sláinte; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; an Roinn Iompair; an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Tusla.
Cuirfear nóta na himeachtaí Fhóram Bliantúil na gCúramóirí 2026 ar fáil ar líne ag www.gov.ie/carersforum.
Nótaí:
Sonraí an ghrianghrafadóra Dave Meehan.
Teideal an Ghrianghraif ón taobh C go D: Teresa Leonard – Leas-Ardrúnaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí Clare Duffy - Bainisteoir Beartais agus Cúrsaí Poiblí ag Cúramóirí Teaghlaigh Éireann; Jackie Kiernan - Comhairle Náisiúnta na gCúramóirí Teaghlaigh; Sharon Foley – Phríomhfheidhmeannach Chúramóirí Teaghlaigh Éireann; Liam O’Sullivan – Phríomhfheidhmeannach Chomhaontas Cúraim Éireann; Dara Calleary – an tAire Coimirce Sóisialaí; John McKeon – Ardrúnaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí; Janet Rose - Comhairle Náisiúnta na gCúramóirí Teaghlaigh.
Chuir teagmháil dhíreach le cúramóirí go mór leis na feabhais thábhachtacha ar thacaíochtaí cúramóra le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear:
- Anois, is ag an Liúntas Cúramóra atá na neamhairdeanna ioncaim is airde as aon íocaíocht sheachtainiúil sa chóras leasa sóisialaigh.
- I mí Iúil 2025, méadaíodh neamhaird ioncaim go dtí €625 do dhuine singil agus go dtí €1,250 do lánúin.
- As mí Iúil 2026, méadófar iad sa bhreis go dtí €1,000 do dhuine singil agus go dtí €2,000 do lánúin.
- Ó bhí 2022 ann, méadaíodh neamhaird faoi bhreis agus 200%, nuair a bhíodh sí ag €332.50 do chúramóir singil agus ag €665 do chúramóir gur duine de lánúin iad
- Méadaíodh an neamhaird chaipitil do chúramóirí freisin mar chuid de Bhuiséad 2022 go dtí €50,000, is ionann sin agus €100,000 i gcás lánúine.
- Mar thoradh, tá níos mó cúramóirí incháilithe do Liúntas Cúramóra anois. Mar shampla, coimeádfaidh teaghlach de bheirt aosach, a bhfuil ioncam de thuairim is €110,000 acu an íocaíocht iomlán, agus más ioncam de thuairim is €138,000 atá acu coimeádfaidh siad íocaíocht pháirteach.
- Méadaíodh an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí faoi €150 go dtí €2,000 i mBuiséad 2025 agus íocfar é ar an 4 Meitheamh i mbliana.
- D’éirigh an Liúntas Cúramóra ina íocaíocht cháilitheach le haghaidh na Liúntais Bhreosla i mBuiséad 2025, i gcásanna a gcomhlíonfar coinníollacha eile.
- As mí Eanáir 2025, leathnaíodh an Sochar Cúramóra chucu siúd atá féinfhostaithe.
- Méadaíodh ráta míosúil an Liúntais Chúraim Baile faoi €70.50 ó mhí Eanáir 2023 agus is ionainn é anois agus €380.
- I mí Eanáir 2026, méadaíodh uasráta pearsanta an Liúntais Chúramóra go dtí €270 do chúramóirí atá níos óige ná 66 agus go dtí €308 dóibh siúd atá 66 bliana d’aois agus níos sine. Méadaíodh Sochar Cúramóra go dtí €271.
- Méadaíodh rátaí leasa sheachtainiúla faoi €51 le cúig bliana anuas.
- I mí Eanáir 2026 méadaíodh an Íocaíocht Thacaíochta Linbh Sheachtainiúil faoi €16 go dtí €78 do leanaí 12 bliana agus níos sine, faoi €8 go dtí €58 do leanaí faoi bhun 12 bliana — an méadú is mó i stair an Stáit.
- Anois is féidir cur isteach ar Liúntas Cúramóra, ar Shochar Cúramóra agus ar Liúntas Cúraim Baile ar líne trí MyWelfare.
- Tacaítear le scéim Ranníocaíochta na gCúramóirí Fadtéarmacha, a tugadh isteach i mí Eanáir 2024, le cúramóirí fadtéarmacha lánaimseartha ó thaobh cáiliú le haghaidh Pinsin Stáit (Ranníocach).
- Gealltar le Clár an Rialtas d’íocaíochtaí seachtainiúla do Chúramóirí a mhéadú ar bhonn forásach, do Dheontas Tacaíochta do Chúramóirí a mhéadú tuilleadh, do thacaíochtaí do chúramóirí a thugann cúram go lánaimseartha do bhreis agus duine amháin a scrúdú, agus do neamhaird ioncaim a mhéadú go suntasach i ngach Buiséad d’fhonn go gcuirfear deireadh de réir a chéile le tástáil acmhainne an Liúntais Chúramóra thar saolré an Rialtais.