Tá Imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo seolta ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2025
- Imeachtaí Oibre agus Scileanna Bliantúla a bheidh ar siúl ón 29 Meán Fómhair go dtí an 10 Deireadh Fómhair
- Breis agus 45 imeacht ar fud na tíre ag díriú ar ghairmeacha beatha agus oiliúint
- Béim ar thacú le cuardaitheoirí poist a bhfuil riachtanais tacaíochta bhreise acu nó atá faoi mhíchumas
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí inniu, Dara Calleary TD, sonraí na n-imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo a bheidh ar siúl ar fud na tíre.
Beidh breis agus 45 imeacht ar siúl ar fud na tíre ó Dé Luain, an 29 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine, an 10 Deireadh Fómhair, le raon ollmhór deiseanna in earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, iompar agus lóistíocht, fáilteachas, cúram sláinte, miondíol agus go leor eile.
Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Is féidir le cuardaitheoirí poist foghlaim freisin faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha.
Agus é ag trácht ar na himeachtaí, dúirt an tAire Calleary:
“Is deis shárluachmhar iad na himeachtaí Oibre agus Scileanna do chuardaitheoirí poist chun bualadh go díreach le fostóirí agus chun foghlaim faoi phoist atá á dtairiscint chomh maith le fáil amach faoi roghanna oiliúna atá ar fáil.
“Is deis iontach iad freisin freisin do dhaoine níos mó a fháil amach faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí fairsinge atá ar fáil ón Roinn d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist araon.
Buaicimeachtaí a bheidh ar siúl:
Cathair na Mart
Ar an 29 Meán Fómhair, beidh imeacht Earcaíochta san Fháilteachas ar siúl san Óstán Chuan Mó i gCathair na Mart ó 11am go dtí 1pm. Beidh réimse leathan fostóirí i gceantar Mhaigh Eo ag freastal ar an imeacht sin, lena n-áirítear The Grace - Eastát Chathair na Mart, atá ag oscailt san Earrach 2026, agus a bheidh ag earcú 170 ball foirne nua.
Áirítear le roinnt de na poist a bheidh á dtairiscint ag go leor óstán, tábhairne agus bialann, róil do bhainisteoirí, do chefs, d’fháilteoirí, do ghiollaí, d’fhoirne tábhairne agus do theiripeoirí spá.
Imeacht Earcaíochta Ilearnála Bhaile Bhlainséir
Beidh imeacht earcaíochta in-earnálach á reáchtáil in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ar an 30 Meán Fómhair. Beidh foirne earcaíochta ó My Home Care, ó Óstáin Crowne Plaza, ó Jetline Logistics agus ó Bhus Eireann ag freastal in éineacht le go leor fostóirí eile.
Áirítear le roinnt de na poist a bheidh á dtairiscint, róil sa chúram sláinte, i dtacaíocht do chustaiméirí, san airgeadas, sa slándáil agus san fháilteachas.
Dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu scileanna nua a fhoghlaim chun cabhrú leo ó thaobh rochtain ar roghanna gairme nua, beidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Líonra Foghlama Náisiúnta ag cur faisnéis ar fáil ar roghanna oiliúna. Beidh an t‑imeacht ar siúl ó 10am go dtí 2pm.
Mainistir Fhear Maí
Ar an 6 Deireadh Fómhair, beidh imeacht earcaíochta á reáchtáil in Ionad Pobail Mhainistir Fhear Maí. Beidh fostóirí ag an imeacht ó Sheirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann, ó Dairygold, ó na Glennon Brothers agus ó Nua Healthcare i measc fostóirí eile.
Áirítear leis na poist a bheidh á dtairiscint, poist do cheannairí foirne, pearsanra díolachán agus miondíola, do róil i gcúram sóisialta, do theicneoirí, do thiománaithe leoraithe altacha, d’oibrithe ginearálta agus do chúntóirí cúraim sláinte.
RCS/AsIAm Imeacht Earcaíochta
Dé Céadaoin, an 8 Deireadh Fómhair, beidh Aonach Gairmeacha á reáchtáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar le AsIAm – Carthanas Uathachais na hÉireann, chun tacú le cuardaitheoirí poist a bhfuil uathachas orthu teacht ar dheiseanna fostaíochta agus dul i mbun plé le fostóirí ionchuimsitheacha. Beidh an t-imeacht sin á reáchtáil san Ionad Siopadóireachta Riasc, Sord, le béim ar leith ar chuardaitheoirí poist a bhfuil uathachas orthu. Beidh tacaíocht agus treoraíocht ar fáil ar an lá ó Aslam, ó Ibec, ó Fhostóirí ar son an Athraithe agus ó Ionad na hÉireann ar son na hÉagsúlachta. Áireofar le fostóirí eile a bheidh ag earcú Diageo, Poist Phoiblí, BSL, Árachas AXA/RSA agus Irish Life.
Dúirt Adam Harris, POF AsIAm, agus é ag caint ar an imeacht:
“Tá an fhostaíocht ar cheann de na bearnaí is mó ó thaobh comhionannas de a dtugann ár bpobal aghaidh uirthi. Is rómhinic nach gcuirtear daoine uathacha gur mian leo obair agus a bhfuil scileanna luachmhara acu a bhfuil leas le baint astu san áireamh mar gheall ar chleachtais earcaíochta neamh-inrochtana agus ar bhacainní san ionad oibre. Le himeachtaí amhail an Aonach Gairmeacha seo, teastaíonn uainn an tallann atá laistigh dár bpobal a thaispeáint agus dul i mbun oibre le fostóirí chun timpeallachtaí a chruthú ar féidir le daoine a bhfuil uathachas orthu maireachtáil faoi bhláth. Tá teachtaireacht shimplí againn – leis an tuiscint agus an tacaíocht cheart, tá an deis tuillte ag gach duine a bhfuil uathachas orthu dul i mbun oibre.”
Áireofar le himeachtaí eile a bheidh ar siúl, aonach poist sa Chabhán, imeacht earcaíochta faisnéise agus míchumais i nGaillimh agus imeacht printíseachta i Luimneach.
Tá eolas ar an réimse iomlán imeachtaí atá ar fáil don phobal agus conas clárú le freastal orthu ar fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills.
Nótaí:
Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.
Liosta d’imeachtaí Oibre agus Scileanna atá le teacht agus atá oscailte don phobal: